Beidh ar a laghad feisire parlaiminte nua amháin i gcontae an Dúin

Roimh Olltoghchán Westminster na míosa seo chugainn, caitear súil anseo ar na trí thoghcheantair i gcontae an Dúin

Beidh ar a laghad feisire parlaiminte nua amháin i gcontae an Dúin

Alex Easton, DUP agus Stephen Farry, Alliance

Bíodh toradh an olltoghcháin ar an 12 Nollaig chomh drámatúil is atá á thuar i dTuaisceart Éireann nó ná bíodh, toghfar feisirí nua i bpéire den 18 toghcheantar, An Dún Thuaidh agus An Bhanna Uachtair. Is é atá á thuar gur beag a bheidh idir na príomh-iomaitheoirí sa Dún Thuaidh.

An Dún Thuaidh

Ba chúis díomá do lucht frith-Bhreatimeachta é cinneadh an Bhantiarna Sylvia Hermon nach seasfadh sí san olltoghchán seo. Bhí cion fathaigh déanta aici in Westminster mar urlabhraí aonair thar ceann an mhóraimh a vótáil sa reifreann chun fanacht san Aontas Eorpach. Toghadh í in 2001 mar fheisire don UUP ach d’fhág sí an páirtí nuair a rinneadar comhghuaillíocht leis na Tóraithe in 2010 agus bhí sí ina feisire aontachtach neamhspleách ó shin.

Ní nuacht é feisire Parlaiminte neamhpháirtí a bheith sa toghcheantar ar chósta Loch Laoi. Ba mhinic cheana aontachtaithe faoi lipéid éagsúla a bheith ansin. Is iad Beannchar agus Ard Mhic Nasca na príomhbhailte sa toghcheantar. Tá ceantair an-saibhir ann chomh maith le roinnt comharsanachtaí bochta ina bhfuil dílseoirí gníomhach.

Bhí an DUP sa tóir ar an suíochán seo le sé nó seacht de bhlianta agus an bhearna idir iad agus an feisire Hermon á cúngú ag a n-iarrthóir Alex Easton. Bhí Easton i bhfoisceacht 1,200 vóta do Sylvia Hermon in 2017, méadú 14% ar sciar an DUP agus laghdú 8% ar vóta an Bhantiarna go 16,148. Tá dhá shuíochán Tionóil ag an DUP agus ceann ag an UUP, ag Alliance agus ag Comhaontas Glas. Ba é an DUP an páirtí ba mhó sna toghcháin áitiúla i mbliana agus Alliance a bhí sa dara háit.

Tá ceathrar san iomaíocht ach deir muintir na háite gur idir Alex Easton an DUP agus Stephen Farry, Teachta Tionóil de chuid Alliance, a bheidh sé. Meastar go bhfaighidh fear Alliance tacaíocht ó vótóirí Chomhaontas Glas, SDLP agus Sinn Féin, a sheas i leataobh i dtosach ar mhaithe le Sylvia Hermon ach atá ag tacú le Farry mar iarrthóir frithBhreatimeachta. Timpeall 3,500 vóta ar fad a bhí acusan ó 2017.


An Breatimeacht an taibhse ag an bhféasta agus súil ag Sinn Féin ar shuíochán Dodds


Bhí an UUP an-láidir sa toghcheantar tráth ach meastar go mbeidh a dTeachta Tionóil, Alan Chambers ag snámh in aghaidh easa ag iarraidh breith ar Alliance nó an DUP. Níl seans ar bith ag an gCaomhach, Matthew Robinson.

Tá dílseoirí sa cheantar ag gríosú aontachtaithe chun ‘an tAontas a chosaint’. Tá siad ag éileamh tacaíochta don DUP. Cé go bhfuil siad an-mhíshásta le ‘gníomh feille’ Boris Johnson faoin mBreatimeacht, níl siad ag fáil locht ar an DUP as a ról i bpraiseach Westminster. Crochadh fógra i mBeannchar ag rá gur bhua don IRA a bheadh ann vótáil d’Alliance – feachtas clúmhillte a bhféadfadh toradh contráilte a bheith air mar gur chuir sé déistin ar na vótóirí.

B’fhéidir gurb é seo an toghcheantar ina bhfuil an seans is fearr ag Alliance ar shuíochán, ach is é fear an DUP rogha na ngeallghlacadóirí agus is sprioc an-tábhachtach ag an DUP an suíochán breise a ghnóthú anseo le cailliúintí i gceantair eile a chúiteamh.

Na hIarrthóirí:

Alan Chambers, UUP, Teachta Tionóil

Alex Easton, DUP, Teachta Tionóil

Stephen Farry, Alliance, Teachta Tionóil

Matthew Robinson, Caomhach

66,440 atá ar chlár na vótóirí

An Dún Theas

Toghcheantar tuaithe é seo den chuid is mó agus síneann sé ó Dhún Pádraig sa tuaisceart go Loch Cairlinn, calafort an Phointe agus An Caisleán Nua, an baile turasóireachta, ó dheas. Bíonn lear mór daoine anseo ag brath ar thalmhaíocht agus ar iascaireacht. Tá an Breatimeacht ar bhéal gach éinne. Tá roinnt iascairí ina fhabhar ach tá an tromlach ina choinne; bhí 67% de na vótóirí anseo i bhfabhar fanacht san Aontas Eorpach sa reifreann.

Chris Hazzard

Bhí an suíochán seo ag an SDLP ar feadh tríocha bliain nuair a bhain Eddie McGrady i 1987 é den Aontachtach/iarChaomhach conspóideach Enoch Powell. Dhá bhliain go leith ó shin, san olltoghchán ina ndearnadh léirscrios ar an SDLP, fuair Chris Hazzard, Sinn Féin an ceann is fearr ar iarcheannaire an SDLP, Margaret Ritchie. Mhéadaigh vóta Shinn Féin 11% agus thit sciar an SDLP 5%. Bhí gar do 2,500 de mhóramh ag Hazzard. Tá dhá shuíochán tionóil ag Sinn Féin, péire ag an SDLP agus ceann ag an DUP.

Is idir Chris Hazzard, atá ag cosaint a shuíocháin den chéad uair, agus Michael Savage, iarrthóir nua an SDLP, atá an comórtas. Tá Margaret Ritchie imithe go Teach na dTiarnaí – d’fhág sí an SDLP chun é sin a dhéanamh mar gur sárú é ar pholasaí an pháirtí a bheith i do bhall den teach sin. Measadh go ndéanfadh SDLP tréaniarracht an suíochán a bhaint ar ais an babhta seo, ach áirítear gur beag seans atá acu le hiarrthóir nach bhfuil mórán aithne air. Tá Hazzard agus Savage in aghaidh an Bhreatimeachta, ach ní léir cé acu páirtí is mó a mbainfidh Aontú, an páirtí poblachtach frith-ghinmhillte vótaí díobh.

Michael Savage

Na hIarrthóirí:

Paul Brady, Aontú

Patrick Brown, Alliance

Glyn Hanna, DUP

*Chris Hazzard Sinn Féin [* ag cosaint a shuíocháin]

Jill Macauley, UUP

Michael Savage, SDLP

79,006 atá ar chlár na vótóirí.

Loch Cuan

Ceantar tuaithe é seo den chuid is mó, é mar a bheadh cochall nó húda ar an gcuan, leithinis na hArda ar an taobh thoir agus an mhórthír thuaidh agus thiar. Suíochán an-sábháilte é seo don DUP atá á chosaint ag Jim Shannon. Fuair sé 62% den vóta in 2017 – an sciar is airde a fuair aon ionadaí de chuid an DUP. Tá an toghcheantar seo mar a bheadh dúnáras aontachtach. Trí Theachta Tionóil atá ag an DUP, duine ag an UUP agus duine ag Alliance. Vótáil 55.5% i bhfabhar an Bhreatimeachta sa reifreann anseo.

Jim Shannon

Bhí Kellie Armstrong, Alliance, sa dara háit in 2017 ach í i bhfad ar gcúl ar Shannon an DUP. Tá sí san iomaíocht arís ach chaithfeadh tubaiste tarlú do vóta an DUP chun go mbeadh an bua aici.

Na hIarrthóirí:

Grant Abraham, Caomhach

Kellie Armstrong, Alliance

Joe Boyle, SDLP

Ryan Carlin, Sinn Féin

Maurice McCartney, Comhaontas Glas

*Jim Shannon DUP [ ag cosaint a shuíocháin]

Philip Smith, UUP

Robert Stephenson, UKIP

66,391 atá ar chlár na vótóirí.

Fág freagra ar 'Beidh ar a laghad feisire parlaiminte nua amháin i gcontae an Dúin'