An Breatimeacht an taibhse ag an bhféasta agus súil ag Sinn Féin ar shuíochán Dodds

Beidh trí cinn de na ceithre thoghcheantar i mBéal Feirste ina dtoghcheantair imeallacha i dtoghchán Westminster na míosa seo chugainn. Caitear súil inniu ar an gceann deireanach acu sin, Béal Feirste Thuaidh agus ar Bhéal Feirste Thoir

An Breatimeacht an taibhse ag an bhféasta agus súil ag Sinn Féin ar shuíochán Dodds

Bhí trí cinn de na ceithre shuíochán Parlaiminte sa gcathair ag an DUP ó 2017, Béal Feirste Theas, Thoir agus Thuaidh agus bhí an ceann eile, Béal Feirste Thiar ag Sinn Féin.

Ba é Nigel Dodds feisire an DUP i mBéal Feirste Thuaidh ó 2001. In 2017 ghnóthaigh Emma Little Pengelly Béal Feirste Theas ón SDLP, bua ollmhór don DUP agus an bhliain sin choinnigh Gavin Robinson an suíochán a bhain sé ar ais den DUP ó Naomi Long in 2015. Tá iomaíocht fhíochmhar sna trí thoghcheantar sin an babhta seo agus géarchoimhlint idir lucht frithBhreatimeachta agus an DUP a mhaíonn gurb é an t-aontas bun agus barr an scéil.

Béal Feirste Thuaidh

Tá tábhacht shiombalach leis an gcomórtas anseo agus ba dheacair áibhéil a dhéanamh faoina thábhacht. Buille tubaisteach don DUP a bheadh ann dá gcaillfeadh Nigel Dodds, a gceannaire in Westminster suíochán parlaiminte nach raibh i seilbh éinne riamh ach aontachtach. Ar an láimh eile, údar caithréime a bheadh ann do Shinn Féin dá n-éireodh leo an suíochán a bhaint. Tá tús áite á thabhairt ag an DUP do chaomhnú an tuaiscirt mar chuid dhílis den Ríocht Aontaithe agus, ina dhiaidh sin, béim á cur acu ar athnuachan Stormont. An Breatimeacht ina thaibhse ag an bhféasta agus is é cur chuige an DUP i dtaca leis an mBreatimeacht croí an scéil dar leis an mbeirt iarrthóirí eile.

Comharthaí sóirt ar an imní atá i measc aontachtaithe agus dílseoirí faoin suíochán iad na bratacha agus na póstaeir a crochadh sa toghcheantar ag ionsaí iarrthóir Shinn Féin, John Finucane, agus a mhuintir, a athair Pat san áireamh. Mharaigh an UDA an dlíodóir Pat Finucane os comhair a theaghlaigh i 1989.

Cleas is ea an feachtas brocach chun na vótóirí a mhealladh amach chuig na bothanna ar son an aontais, beart a cháin Nigel Dodds. Tar éis brú ó ghrúpaí aontachtacha éagsúla sa toghcheantar agus líomhaintí go ndearna eite den UDA imeaglú ar an UUP, sheas an páirtí sin i leataobh ar mhaithe le Dodds, an feisire ansin ó 2001. Fearacht 2017 níl aontachtach ar bith eile seachas Dodds san iomaíocht agus fuair seisean 46% den vóta an uair dheiridh nuair a bhí 21,240 vóta aige.

Ar an taobh eile den scéal sheas an SDLP agus Comhaontas Glas i leataobh an uair seo ar mhaithe le Finucane. Cé go gcáineann siad neamhfhreastal Shinn Féin ar Westminster, chinn an dá pháirtí gurbh fhearr staonaire féin mar fheisire ná Dodds, ‘ailtire an Bhreatimeachta’. In 2017 fuair Finucane, a bhí ina iarrthóir ag Sinn Féin den chéad uair, 41.7% den vóta, 2,000 níos lú na Nigel Dodds.

An uair sin bhí iarrthóirí ag SDLP agus Comhaontas Glas agus 2,700 vóta san iomlán acu eatarthu. Drochsheans go bhfaighidh Finucane vóta ó gach duine de lucht tacaíochta SDLP agus Chomhaontas Glas ach áirítear go bhfuil an bhearna idir an bheirt chomh beag sin go mbeidh tábhacht thar na bearta leis an líon a rachaidh amach ag vótáil.

Is í Nuala McAllister, Alliance, agus iarMhéara ar Bhéal Feirste an t-iarrthóir eile sa rás. Deir sise gur botún mór é a rá gur rás dhá chapall atá i mBéal Feirste Thuaidh. Fearacht a ceannaire agus a comhghleacaí i mBéal Feirste Theas maíonn sí go bhfuil borradh as cuimse faoi Alliance agus go dtig léi an chraobh a bhreith léi.

Na hIarrthóirí:

*Nigel Dodds, DUP ( *ag cosaint a shuíocháin)

John Finucane, Sinn Féin, Méara Bhéal Feirste

Nuala McAllister, Alliance, iarMhéara ar Bhéal Feirste

64,547 atá ar chlár na vótóirí

Béal Feirste Thiar

Tháinig Paul Maskey i gcomharbacht ar Gerry Adams mar fheisire nuair a d’aistrigh iaruachtarán Shinn Féin go Contae Lú agus iontas mór a bheadh ann dá gcaillfeadh Maskey an suíochán i dtoghcheantar atá mar a bheadh dún ann don pháirtí. Ba mhór an t-iontas a bheadh ann freisin, áfach, mura mbeadh titim ar an vóta de bharr an mhíshásaimh faoin bhfolús in Stormont agus éagumas Shinn Féin in éadan an Bhreatimeachta. Bhí 59% de na vótaí ag Sinn Féin sna toghcháin áitiúla i mbliana agus 66% acu san olltoghchán in 2017. Beifear ag faire féachaint cén tionchar a bheidh ar vóta Shinn Féin ag Pobal Seachas Brabach ar thaobh amháin agus Aontú agus a fheachtas frith-ghinmhillte ar an taobh eile.

Tá móramh ollmhór náisiúnach sa toghcheantar seo agus is ó chúlra aontachtach níos lú ná duine as cúigear – ó cheantar na Seanchille go príomha. Tá ceantair san toghlach ina bhfuil an dífhostaíocht ard iontu, tá céatadán ard daoine óga i measc an phobail sin agus go leor acu ag maíomh nach bhfuair siadsan  aon bhlas de dhíbhinn na síochána. Tá borradh faoin nGaeloideachas, faoi labhairt na teanga agus faoi fhiontair agus ealaíona trí Ghaeilge sa chomharsanacht.

Na hIarrthóirí:

Gerry Carroll, Teachta Tionóil Pobal thairis Brabach

Monica Digney, Aontú

Paul Doherty, SDLP

Donnamarie Higgins, Alliance

*Paul Maskey, Sinn Féin (* ag cosaint a shuíocháin)

Frank McCoubrey, DUP

64,292 atá ar chlár na vótóirí

Fág freagra ar 'An Breatimeacht an taibhse ag an bhféasta agus súil ag Sinn Féin ar shuíochán Dodds'