Caighdeán maith uisce ag gach trá Ghaeltachta de réir tuarascála nua de chuid an EPA

Ba í 2025 an chéad bhliain ó 2018 go raibh caighdeán maith uisce ag Trá na mBan ar an Spidéal i nGaeltacht Chonamara

Caighdeán maith uisce ag gach trá Ghaeltachta de réir tuarascála nua de chuid an EPA

Bhí caighdeán uisce den scoth ag beagnach gach trá Ghaeltachta a ndearnadh scrúdú orthu anuraidh.

De réir na tuarascála is déanaí de chuid na Gníomhaireachta um Chaomhnú Comhshaoil (EPA), bhí caighdeán uisce den scoth ag 19 den 22 láthair Ghaeltachta a ndearnadh tástáil orthu le linn 2025. Caighdeán maith uisce a bhí ag péire eile i nGaeltacht Chonamara, Trá na bhForbacha agus Trá na mBan ar an Spidéal.

Thit caighdeán an uisce snámha ag Trá na bhForbacha ó ‘chaighdeán den scoth’ in 2024 go dtí ‘caighdeán maith’ anuraidh.

Ba í 2025 an chéad bhliain ó 2018 a raibh caighdeán maith uisce ag Trá na mBan ar an Spidéal. Thug an EPA rabhadh do dhaoine in 2024 gan dul ag snámh ar an trá mar gheall ar dhroch-chaighdeán an uisce. Tá ionad cóireála fuíolluisce a tógadh ar an Spidéal chun dul i ngleic le fadhb an truaillithe uisce ag feidhmiú ó dheireadh 2023 agus aithníodh i dtuarascáil na bliana seo caite go raibh cúrsaí feabhsaithe ag Trá na mBan dá bharr.

Tá an linn taoide i mBéal an Mhuirthead san áireamh i dtuarascáil an EPA den chéad uair ach caithfear í a thástáil ar feadh bliana eile sula bhféadfar caighdeán an uisce inti a rangú.

Bhí uisce ar chaighdeán den scoth ar gach trá Ghaeltachta eile atá luaite sa tuarascáil, tránna i nDún na nGall, i Maigh Eo agus i gCiarraí ina measc.

Chomh maith leis an 22 láthair Ghaeltachta a ndearnadh tástáil orthu ó thaobh chaighdeán an uisce snámha, luaitear sa tuarascáil naoi dtrá eile sa nGaeltacht nach dtagann faoi na rialacha maidir le huisce snámha, péire i gCiarraí, ceann i gCorcaigh, trí cinn i nGaillimh agus trí cinn eile i Maigh Eo.

Thit caighdeán an uisce snámha ar Oileán Chléire ó chaighdeán den scoth go dtí caighdeán maith idir 2024 agus 2025. Bhí caighdeán den scoth uisce ar na tránna eile.

San iomlán, rinneadh tástáil ar 153 trá in Éirinn anuraidh, péire níos mó ná mar a bhí i dtuarascáil na bliana seo caite.

D’éirigh le 98% de na tránna an bunchaighdeán uisce (‘sásúil’) a bhaint amach. Bhain 120 acu (78%) an stádas ‘caighdeán den scoth’ amach, laghdú péire níos lú ná a bhí i dtuarascáil na bliana seo caite

Is í Folcadáin Dhún Laoghaire an t-aon láthair a ndearnadh tástáil uirthi nár bhain amach an bunchaighdeán uisce snámha. ‘Drochchaighdeán’ uisce a fuarthas in 2025 agus rabhadh tugtha ag an EPA don phobal gan dul ag snámh sna folcadáin in 2026 dá bharr. Deirtear gur sceitheadh fuíolluisce agus salachar madraí ba chúis le drochchaighdeán an uisce ansin.

Is féidir an t-eolas is déanaí maidir le caighdeán an uisce snámha agus aon rabhadh a fháil ag www.beaches.ie.

 

Tránna Gaeltachta a luaitear sa tuarascáil

   Ciarraí
Fionntrá Caighdeán den scoth
Baile an Sceilg Caighdeán den scoth
Dún na nGall
Baile Thiarnáin Caighdeán den scoth
An Charraig Fhinn Caighdeán den scoth
Na Dúnaibh Caighdeán den scoth
Droim na Tine Caighdeán den scoth
Trá Phort Arthur Caighdeán maith
Dumhaigh Caighdeán den scoth
Machaire Rabhartaigh Caighdeán den scoth
Gaillimh
Trá na bhForbacha Caighdeán maith
Trá na mBan, An Spidéal Caighdeán maith
Céibh an Spidéil Caighdeán den scoth
An Trá Mhór, Coill Rua Caighdeán den scoth
Trá an Dóilín, An Cheathrú Rua Caighdeán den scoth
Trá Chaladh Fhínse Caighdeán den scoth
Cill Mhuirbhigh, Inis Mór Caighdeán den scoth
Trá Inis Oírr Caighdeán den scoth
Maigh Eo
Dumha Éige, Acaill Caighdeán den scoth
Cuan Oilí Caighdeán den scoth
An Mallach Rua Caighdeán den scoth
Barr na Rinne Caighdeán den scoth
Linn Taoide Bhéal an Mhuirthead Gan rangú
Tránna eile
Béal Bán (Ciarraí) Caighdeán den scoth
An Rinn Rua (Ciarraí) Caighdeán den scoth
Trá na gCaorach, Inis Oírr (Gaillimh) Caighdeán den scoth
An Trá Mhór, Garmna (Gaillimh) Caighdeán den scoth
Trá na Reilige, An Cheathrú Rua (Gaillimh) Caighdeán den scoth
An Chrois, Iorras (Maigh Eo) Caighdeán den scoth
An Tearmann, Iorras (Maigh Eo) Caighdeán den scoth
An tSraith, Iorras (Maigh Eo) Caighdeán den scoth
Oileán Chléire (Corcaigh) Caighdeán maith

 

Fág freagra ar 'Caighdeán maith uisce ag gach trá Ghaeltachta de réir tuarascála nua de chuid an EPA'