AR SCÁTH A CHÉILE: Sárfhoireann Gaeltachta roghnaithe ag An Spota Dubh

Ar Scáth A Chéile – Colún nua do phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta le heolas, nuacht agus tuairimíocht faoin saol aimsir ghéarchéim an choróinvíris. Seolaigí bhur scéalta chuig nuacht@tuairisc.ie…

[live id=”fcc624″ datetime=”2020-05-29T14:56:33+00:00″]

Sárfhoireann Gaeltachta roghnaithe ag An Spota Dubh

Agus súil á cáitheamh siar ag Tuairisc.ie ar na sárimreoirí Gaeltachta a d’imir i gComórtas Peile na Gaeltachta thar na blianta, tá plúr na n-imreoirí Gaeltachta atá ag imirt i láthair na huaire roghnaithe ag podchraoladh Gaeilge.

Ba iad Marc Ó Sé, Seán Ó Domhnaill agus Caoimhín Ó Casaide a roghnaigh an fhoireann ar chlár speisialta de chuid An Spota Dubh agus áit bainte amach ar an bhfoireann ag leithéidí Michael Murphy, Seán Andy Ó Ceallaigh agus Brian Ó Beaglaoich.

Conallaigh is mó a roghnaíodh agus seachtar d’fhoireann shinsir peile Dhún na nGall roghnaithe ag na moltóirí. Ceathrar as Ciarraí, triúr agus Gaillimh agus duine amháin ó Mhaigh Eo a roghnaíodh.

Foilsíodh  ‘An Fhoireann Ghaeltachta is Fearr Riamh’ ar Tuairisc.ie maidin inniu. Tá an fhoireann bunaithe ar na seacht sárfhoireann as na contaetha Ghaeltachta atá roghnaithe ag ár bpáinéal roghnóirí go dtí seo – Gaillimh, Dún na nGall, Corcaigh, Maigh Eo, Port Láirge, An Mhí agus Ciarraí.

An Fhoireann Gaeltachta is Fearr Riamh ar Tuairisc.ie

 

[/live]

[live id=”1f1c5a” datetime=”2020-05-29T14:56:33+00:00″]

SIAMSÁN SA mBAILE: Siamsaíocht do na páistí sa mbaile! Gníomhaíocht a 54!

[/live]

[live id=”2a951d” datetime=”2020-05-28T13:03:15+00:00″]

Na Conallaigh chun tosaigh ar mhuintir Chonamara i gComórtas Reatha na Gaeltachta

Is í foireann Céim ar Chéim as iarthuaisceart Dhún na nGall atá sa chéad áit leath slí tríd an gcomórtas

Is grúpaí as Dún na nGall agus Conamara atá san iomaíocht don chéad áit i gComórtas Reatha na Gaeltachta agus iad leath slí tríd an gcomórtas.

Is í foireann Céim ar Chéim as iarthuaisceart Dhún na nGall atá anois sa chéad áit agus iad chun tosaigh ar Reathaithe Rua ón gCeathrú Rua agus ar Níl Goitse! as Árainn Mhór, a bhí sa chéad áit an tseachtain seo caite.

Is beag atá idir na trí fhoireann atá ar bharr an tábla agus deis fós ag Na Sodairí ar Sodar as Ceantar na nOileán i gConamara breith orthu.

Sa rannóg do na foirne faoi 50 duine, tá Slí Árann as Inis Mór imithe chun tosaigh ar Fanaicigh Folláine Inis Meáin agus Iorras Aithneach sna sála orthusan.

Tá breis agus 800 duine as 16 ceantar Gaeltachta ag glacadh páirt i gComórtas Reatha na Gaeltachta, atá á reáchtáil den chéad uair i mbliana.

Dúirt Majella Ní Chríocháin, Oifigeach Pleanála Teanga le Pobal Rua agus duine de lucht eagraithe an chomórtais, go bhfuil siad an-sásta leis an dul chun chinn atá déanta ag na rannpháirtithe uile agus ardú mór tagtha ar an meánmhíleáiste atá á dhéanamh ag daoine le seachtain anuas.

“Daoine a bhí ag dul amach faoi dhó sa tseachtain, nuair a chonaic siad go raibh muid sa tríú háit an chéad sheachtain, shocraigh siad go rachaidís amach ceithre nó cúig uair,” a dúirt Ní Chríocháin.

“Daoine a raibh 40 km sa tseachtain déanta acu, tá 60km nó 70km déanta anois acu, agus tá seisear rannpháirtithe i Reathaithe Rua a bhfuil os cionn 100km sa tseachtain déanta acu.

“Tá muid an-sásta mar gheall ar an dul chun cinn atá déanta againn, ach ní féidir linn scíth a ligean fós mar tá coicís le dul agus tá muid ar bís ag iarraidh breith ar na Conallaigh! Agus ar ndóigh tá pobail eile ar ár sála, ceann acu sin Na Sodairí ag Sodar as Cheantar na nOileán!”

[/live]

[live id=”422021″ datetime=”2020-05-28T13:03:15+00:00″]

SIAMSÁN SA mBAILE: Siamsaíocht do na páistí sa mbaile! Gníomhaíocht a 53!

[/live]

[live id=”b79f40″ datetime=”2020-05-27T14:41:05+00:00″]

FÍSEÁN: Daltaí scoile i gConamara ag gabháil fhoinn chun misneach a thabhairt do dhaoine

Cé go bhfuil scoileanna ar fud na tíre dúnta i láthair na huaire, tá daltaí meánscoile i gConamara tagtha le chéile chun ardú meanman a thabhairt do dhaoine.

Tá amhrán nua cumtha ag daltaí na hidirbhliana i Scoil Chuimsitheach Chiaráin a bhfuil teachtaireacht speisialta ann. Is iad Maria Nic Dhonnacha, Ailbhe Ní Mhurchú, Ailbhe Seoighe, Áine Ní Ghríofa, Saffron Ní Fhlatharta agus Áine Ní Lochlainn atá le cloisteáil san amhrán ‘Teach ar an Ard’

Tá físeán curtha le chéile chomh maith ag rang na hArdteiste i Scoil Phobail Mhic Dara i gCarna. Ní raibh an deis ag an rang ceiliúradh a dhéanamh le chéile agus iad ag fágáil na scoile ach tá físeán curtha amach ag an scoil agus triúr de dhaltaí na hArdteiste, Áine de Búrca, Caoimhe Ní Fhlatharta agus Ionnaigh Ní Allmhuráin ag canadh ‘‘Beidh tú liomsa choíce’.

Tá portráidí de na daltaí a rinne múinteoir ealaíne na scoile, Aoife Dowd, le feiceáil san fhíseán chomh maith.

[/live]

[live id=”6c834a” datetime=”2020-05-27T13:02:45+00:00″]

Amhrán nua Gaeilge cumtha ag an mblagadóir Áine Durkin le hairgead a bhailiú do charthanachtaí

Tuairisc · Tiocfaidh Muid Tríd – Aine Durkin

Tá amhrán nua Gaeilge cumtha ag an bhlagadóir Áine Durkin le hairgead a bhailiú do charthanachtaí éagsúla atá gann aimsir seo an choróinvíris.

Craoladh an t-amhrán, ‘Tiocfaidh muid Fríd’, den chéad uair an tseachtain seo ar an chlár Iris Aniar ar Raidió na Gaeltachta.

An t-amhránaí aitheanta ar an sean-nós Caitlín Ní Chualáin, as Conamara, atá le cloisteáil ar an taifeadadh agus í á tionclacan ag an ghiotáraí Seán Ó hÉanaigh, craoltóir eile le Raidió na Gaeltachta.

Dúirt Áine Durkin go raibh sí ag iarraidh ar dhaoine síntiús €2 nó níos mó a thabhairt dá rogha carthanachta aon uair a sheinntear an t-amhrán.

“Má chloiseann tú an t-amhrán, is cuma cén áit, iarrtar ort láithreach bonn más féidir é ar chor ar bith, cúpla euro (nó níos mó!) a dheonú do cibé carthanacht is mian leat féin.

Iarrtar ar dhaoine an scéal a scaipeadh faoin fheachtas bailiúcháin airgid agus an t-amhrán a roinnt ar na meáin shóisialta.

Is féidir síntiús €2.00, €4.00 nó €6.00 a thabhairt do charthanachtaí éagsúla na tíre ach téacs a chur chuig an uimhir 50300. Tá focal ar leith luaite le gach carthanacht atá cláraithe leis an chóras síntiús téacs agus is gá an focal sin a lua sa téacs. Tá gach eolas ar fáil anseo nó iarrtar ar dhaoine síntiús a thabhairt do charthanacht eile mar is mian leo.

[/live]

[live id=”2872b9″ datetime=”2020-05-27T13:02:45+00:00″]

SIAMSÁN SA mBAILE: Siamsaíocht do na páistí sa mbaile! Gníomhaíocht a 52!

[/live]

[live id=”ad2a34″ datetime=”2020-05-26T14:34:10+00:00″]

Breis agus 50 ciorcal comhrá á reáchtáil ar líne

 

Tá breis agus caoga 50 ciorcal comhrá á reáchtáil ar líne anois mar chuid de thionscadal ‘Caint agus Comhrá’ de chuid Chonradh na Gaeilge agus Seachtain na Gaeilge.

Ó thús na géarchéime, tá oiliúint á cur ar dhaoine ciorcail chomhrá a reáchtáil ar líne agus cúnamh a thabhairt do dhaoine dul i dtaithí ar an teicneolaíocht.

Dúirt Niall Comer, Uachtarán Chonradh na Gaeilge go raibh sé “an-tábhachtach” go mbeadh an eagraíocht “ag tabhairt cúnaimh do na ciorcail chomhrá”.

“Táimid ag cuidiú le grúpaí agus á gcumasú le gur féidir leo leanúint lena gciorcail. Is imeachtaí sóisialta tábhachtacha iad na ciorcail do dhaoine i ngach aoisghrúpa, go háirithe agus sinn sa bhaile faoi láthair.”

 

Dúirt Seán Ó Murchadha, feidhmeannach le Conradh na Gaeilge, go raibh sé an-tábhachtach go mbeadh daoine in ann teacht le chéile ar líne in aimsir na géarchéime.

“Anois, níos mó ná riamh, agus daoine ar fud an domhain ag cleachtadh scaradh sóisialta, tá an domhan fíorúil an-tábhachtach do dhaoine chun iad a nascadh lena chéile. Taispeánann na ciorcail don domhan cé chomh láidir is atá pobal na Gaeilge ar líne. Mholfainn do ghrúpa ar bith triail a bhaint as agus a gcuid Gaeilge a úsáid.”

Tá liosta de na ciorcail chomhrá ar fáil anseo ar an suíomh Peig agus fáilte roimh dhaoine nó grúpa nua a chlárú le Conradh na Gaeilge trí ríomhphost a chur chuig caint@cnag.ie

[/live]

[live id=”174ded” datetime=”2020-05-26T14:22:28+00:00″]

SIAMSÁN SA mBAILE: Siamsaíocht do na páistí sa mbaile! Gníomhaíocht a 51!

[/live]

[live id=”248690″ datetime=”2020-05-25T18:22:28+00:00″]

Tuilleadh

[/live]

Fág freagra ar 'AR SCÁTH A CHÉILE: Sárfhoireann Gaeltachta roghnaithe ag An Spota Dubh'