Cén cúigear déag a bhain áit amach ar ár scothfhoireann d’imreoirí Ghaeltacht na Mí?

Agus Comórtas Peile na Gaeltachta curtha ar ceal i mbliana, as seo go dtí deireadh seachtaine na Cincíse beidh plúr na n-imreoirí Gaeltachta á roghnú ag painéal roghnóirí Tuairisc.ie do scothfhoirne na Gaeltachta

Cén cúigear déag a bhain áit amach ar ár scothfhoireann d’imreoirí Ghaeltacht na Mí?

Leantar lenár sraith nua Scothfhoirne na Gaeltachta, le Scothfhoireann Ghaeltacht na Mí. Imreoirí a d’imir i gComórtas Peile na Gaeltachta amháin atá cáilithe. Ag deireadh na sraithe, roghnóidh ár bpainéal An Fhoireann Ghaeltachta is Fearr Riamh bunaithe ar na seacht sárfhoireann…

Foireann Ghaeltacht na Mí

Cathal Seoighe

Nuair a fuair mé an glaoch leis an bhfoireann is fearr d’imreoirí ó Chontae na Mí a d’imir i gComórtas Peile na Gaeltachta ó 1969 go dtí an lá atá inniu ann a roghnú, dúirt mé go mbeadh orm meitheal bheag a fháil agus imreoirí a phiocadh ó na foirne éagsúla a sheas an fód le breis is caoga bliain.

Ba iad na foirne sin, Baile Mháirtín 1969-1975, Baile Ghib 1969-1975, Baile Mháirtín-Áth Buí 1976-1977, An Ghaeltacht (Ráth Chairn) 1977-2001, Clann na nGael 2002-2019 agus Bhulf Tón 2015-2019. Gan dabht chuir muid an bua stairiúil a bhí ag Bhulf Tón in 2018 agus an bua bhí ag An Ghaeltacht i 1988 agus i 1993 san áireamh agus muid ag roghnú Réalta Ghaeltacht na Mí.

Ó 1969 go dtí 1977 is Comórtas Sinsir amháin a bhí i gComórtas Peile na Gaeltachta agus mar gheall air sin bhí sé níos dúshlánaí d’fhoirne Ghaeltacht na Mí. Baile Mháirtín agus Baile Ghib a bhíodh san iomaíocht agus iad ag imirt ag leibhéal níos ísle ina gcontae fhéin.

D’imir an Ghaeltacht (Ráth Chairn) ó 1977 go dtí 2001, tréimhse 24 bliain agus d’imir Clann na nGael ó 2002 go dtí 2019 tréimhse 17 bliain. Cuireadh é sin san áireamh sa phróiseas roghnúcháin. Seisear as an nGaeltacht (Ráth Chairn) agus beirt as Clann na nGael a roghnaíodh.

Faraor, is cinnte go bhfuil go leor sárimreoirí fágtha ar lár ach níl sa 15 imreoir atá roghnaithe ach tuairim cúigear roghnóirí tráth áirithe sa saol. Dá rachadh an fhoireann seo chun páirce agus mura mbeadh an bua acu, is cinnte go mbeadh orainn na fir ionaid a thabhairt isteach le haghaidh an chéad chluiche eile.


Cén cúigear déag a bhain áit amach ar ár scothfhoireann d’imreoirí as Gaeltacht Mhaigh Eo?

 

Cén cúigear déag a bhain áit amach ar ár scothfhoireann d’imreoirí Ghaeltacht na Gaillimhe?

 

Cén cúigear déag a bhain áit amach ar ár scothfhoireann d’imreoirí Ghaeltacht Chorcaí?

 

Cén cúigear déag a bhain áit amach ar ár scothfhoireann d’imreoirí Ghaeltacht Dhún na nGall?

 

Cén cúigear déag a bhain áit amach ar ár scothfhoireann d’imreoirí Ghaeltacht Phort Láirge?

Fág freagra ar 'Cén cúigear déag a bhain áit amach ar ár scothfhoireann d’imreoirí Ghaeltacht na Mí?'