Cuirtear tús inniu leis an tsraith nua Scothfhoirne na Gaeltachta, le Scothfhoireann Ghaeltachta na Gaillimhe. Imreoirí a d’imir i gComórtas Peile na Gaeltachta amháin atá cáilithe. Ag deireadh na sraithe, roghnóidh ár bpainéal An Fhoireann Gaeltachta is Fearr Riamh bunaithe ar na seacht sárfhoireann…
Foireann Ghaeltacht na Gaillimhe
Mártan Ó Ciardha
Nuair a iarrtar orm cúram mar seo a dhéanamh cuimhním i gcónaí ar an saor cloiche a mhair i mo cheantar fadó ag tráth den saol go mba é a leithéid a thóg mórán chuile theach sa bparóiste – gan aon chaint ar bhlocanna stroighin, ar mheascthóirí, ar insliú nó ar innealtóirí.
Bhí meas dá réir ar a leithéid agus níor mhór cóir mhaith a chur orthu agus iad i mbun oibre – a ndóthain le n-ithe de thogha na beatha agus lena ais sin corrbhraon a d’fhliuchadh a scornach.
Bhí dúil ansiúd ag an té atá i gceist agam agus é féin a deireadh go raibh dhá chineál simléar sna tithe a bhíodh tógtha aige – ‘simléar fliuch’ san áit ar baineadh an tart dó agus ‘simléar tirim’ san áit nár baineadh.
Agus é ag cur caipín an tsimléir ar theach inar fágadh gann go leor é ó thaobh na beatha agus tirim amach i dtaobh na dí, d’fhág sé smíste de chloch trasna leath na hoscailte. Ar theacht anuas dó chuimil sé a dhá lámh dá chéile agus dúirt lena ghiolla : ‘Sin é anois é agus mura dtarraingeoidh sé deatach, tarraingeoidh sé caint.’
Is é an scéal céanna é ag m’fhoireannsa.
An t-aiféala is mó atá orm nach bhfuil ainm Sheáinín Mhichael Mhóir Uí Chonghaile as Tír an Fhia á chur ar mo liosta. Sí mo thuairim mheáite nach bhfaca mé a shárú i gConamara mar imreoir lár páirce.
Faraor d’fhág an imirce gur thug Seán aghaidh ar na Státaí i ndeireadh na 1960idí agus cé gur fhill sé ar feadh tamaillín agus gur cuimhneach liom gur mharcáil sé Jack O’Shea i gcluiche sraithe i bPáirc an Phiarsaigh sna 1970idí, bhí sé imithe arís go gairid ina dhiaidh agus ní fhaca an contae, agus go háirithe Naomh Anna Leitir Móir, i mbéal a mhaitheasa ina dhiaidh sin é.
Foireann Ghaeltacht na Gaillimhe
- Maghnus Breathnach (An Spidéal)
- Niall Ó Cadhain (Carna-An Caiseal)
- Seán Mac Coscair (An Spidéal)
- Ciarán Ó Fátharta (Naomh Anna, Leitir Móir)
- Aodán Ó Sé (An Cheathrú Rua)
- Seán Ó Maoilchiaráin (Oileáin Árann)
- Seán Óg de Paor (An Cheathrú Rua)
- Fiontán Ó Curraoin (Micheál Breathnach)
- Seán Ó Domhnaill (An Cheathrú Rua)
- Pádraic ‘Dandy’ Ó Ceallaigh (Maigh Cuilinn)
- Criostóir Ó Scanláin (Micheál Breathnach)
- Conchuabhair Ó Máille (Naomh Anna, Leitir Móir)
- Pádraic Ó Conaire (Naomh Anna, Leitir Móir)
- Stiofán Seoighe (Naomh Pádraic, An Fhairche)
- Aló Ó Conghaile (An Spidéal)
PADRAIC
1: Eoin Ó Conghaile (Naomh Anna)
2: Máirtín Seoige (An Fháirche)
3: Seán Ó Maoilchiaráin (Arainn
4: Ciarán Ó Fátharta (Naomh Anna)
5: Aodhán Ó Sé (An Cheathrú Rua)
6: Padraic Ó Conghaile (Naomh Anna)
7: Seán Óg De Paor (An Cheathrú Rua)
8: Seán Ó Conghaile (Naomh Anna)
9: Seán Ó Domhnaill (An Cheathrú Rua)
10: Pádraig Dandy Ó Ceallaigh (Maigh Cuilinn)
11: Christoir Ó Scanláin (Michael Breathnach)
12: Padraic Ó Laoi (Naomh Anna)
13: Stiofán Seoige (An Fháirche)
14: Padraic Ó Coirbin (Carna Caiseal)
15: Aló Conghaile (An Spidéal)
Dan
Cá bhfuil fear Mhaigh Cuilinn, Paul Clancy?