Cén cúigear déag a bhain áit amach ar ár scothfhoireann d’imreoirí Ghaeltacht Phort Láirge?

Agus Comórtas Peile na Gaeltachta curtha ar ceal i mbliana, as seo go deireadh seachtaine na Cincíse beidh plúr na n-imreoirí Gaeltachta á roghnú ag painéal roghnóirí Tuairisc.ie do scothfhoirne na Gaeltachta

Cén cúigear déag a bhain áit amach ar ár scothfhoireann d’imreoirí Ghaeltacht Phort Láirge?

Leantar lenár sraith nua Scothfhoirne na Gaeltachta, le Scothfhoireann Ghaeltachta Phort Láirge. Imreoirí a d’imir i gComórtas Peile na Gaeltachta amháin atá cáilithe. Ag deireadh na sraithe, roghnóidh ár bpainéal An Fhoireann Gaeltachta is Fearr Riamh bunaithe ar na seacht sárfhoireann…

Mac Dara Mac Donncha

D’imir mé peil le roinnt díobh seo agus chonaic mé formhór den gcuid eile ar na páirceanna imeartha. Níl ach imreoir amháin nach bhfaca mé ach tá sé ráite riamh sa Rinn go raibh Tomás Ó Ceallaigh chomh maith le haon pheileadóir a chuaigh chun páirce riamh don gclub.

Mar a tharlaíonn i gcónaí i gcásanna mar seo, tá scoth na n-imreoirí fágtha ar lár. Tá duine nó beirt nach raibh ábalta imirt ag na Comórtais de bharr dualgais idirchontae, gortuithe, cúrsaí oibre, srl, agus fear amháin, Pat Tóibín, a bádh go tragóideach ag aois a shé bliana déag – sea, bhí sé chomh maith sin nuair a d’imir sé i Ráth Chairn sa mbliain 1993.

Dá mba rud é gur foireann iomána a bhí le roghnú, bheadh imreoirí éagsúla i gceist agus cuid mhaith díobh ón liosta seo d’imreoirí a tháinig an-ghar don bhfoireann.

Rinne mé plé le cúpla duine sular dheimhnigh mé an cúigear déag ach ar ndóigh, ní fhéadfainn a thabhairt le fios cé hiad sin!

Seo peileadóirí den scoth a mb’éigean a fhágáil ar lár: Dónal Ó Murchadha, Séimí Mac Craith, Shane Ó Cuirrín, Mike Ó Súilleabháin, Eugene Ó Cuirrín, Darach Ó Cathasaigh, Joe Ó hArtaigh, Tomás Ó Meachair, Shane Ó Ceallaigh, Mike Tóibín, Cian Ó Conchubhair… D’fhéadfainn leanacht orm go maidin.

Bhain An Rinn cluichí ceannais na Sóisear amach i 1993 agus arís in 2002, sular bhuadar Corn Ghael Linn in 2008. Tá siad ag iomaíocht i ngrád na sinsear ó shin agus shroicheadar an cluiche ceannais nuair a imríodh an Comórtas go deireanach sa Rinn, seacht mbliana ó shin.

Agus mé ag réiteach don alt seo, chuimhnigh mé ar thaispeántaisí dochreidte ó na himreoirí seo i gcluichí difriúla: Liam Ó Lonáin, Cárthach Mac Craith, Darach Breathnach, agus Ray Ó Ceallaigh. Thug imreoirí mar Thomás Ó Cadhla, Seán Ó Corraoin, Éamonn Ó Crotaigh agus Nioclás Óg Mac Craith seirbhís fhada iontach don gclub.

Seo mo rogha, bíodh sí ceart nó mícheart:

Cén cúigear déag a bhain áit amach ar ár scothfhoireann d’imreoirí Ghaeltacht na Gaillimhe?

Cén cúigear déag a bhain áit amach ar ár scothfhoireann d’imreoirí Ghaeltacht na Gaillimhe?

Cén cúigear déag a bhain áit amach ar ár scothfhoireann d’imreoirí Ghaeltacht Dhún na nGall?

Fág freagra ar 'Cén cúigear déag a bhain áit amach ar ár scothfhoireann d’imreoirí Ghaeltacht Phort Láirge?'