Cén cúigear déag a bhain áit amach ar ár scothfhoireann d’imreoirí Ghaeltacht Dhún na nGall?

Agus Comórtas Peile na Gaeltachta curtha ar ceal i mbliana, as seo go deireadh seachtaine na Cincíse beidh plúr na n-imreoirí Gaeltachta á roghnú ag painéal roghnóirí Tuairisc.ie do scothfhoirne na Gaeltachta

Leantar lenár sraith nua Scothfhoirne na Gaeltachta, le Scothfhoireann Ghaeltachta Dún na nGall. Imreoirí a d’imir i gComórtas Peile na Gaeltachta amháin atá cáilithe. Ag deireadh na sraithe, roghnóidh ár bpainéal An Fhoireann Ghaeltachta is Fearr Riamh bunaithe ar na seacht sárfhoireann…

Foireann Ghaeltacht Dhún na nGall

Pól Ó Gallchóir

Tá sé an-deacair cúigear déag imreoirí a roghnú ó thréimhse leathchéad bliain. Tá athrú mór tagtha ar an chluiche agus ar na rialacha le linn an ama sin, tá béim i bhfad níos mó ar shláinte na n-imreoirí, tá úsáid mhór á baint as an teicneolaíocht agus tá an stíl imeartha athraithe go mór. Tá an cluiche i bhfad níos gairmiúla anois, idir bhainisteoirí, chóitseálaithe, imreoirí agus an fhoireann sa chúlra.

Tá slat tomhais éigin riachtanach agus foireann á roghnú. Roghnaigh mise cúpla slat tomhais, is iad sin, gur bhain an cumann Comórtas Náisiúnta Peile na Gaeltachta, cé chomh minic agus a bhain siad é, agus chomh maith leis sin, an dílseacht agus an tiomantas a léirigh na cumainn do Chomórtas Peile na Gaeltachta.

Thosaigh an Comórtas ag deireadh na seascaidí. Bhí saol eile ann ag an am. Bhí an turas ó Ghaoth Dobhair go Baile Bhuirne nó go Baile an Fheirtéaraigh i bhfad níos faide agus níos dúshlánaí ag an am sin. Tá moladh mór ag dul do na bunaitheoirí, daoine aonair agus cumainn, na daoine a raibh an fhís acu, agus do na daoine a chinntigh gur mhair an Comórtas.

Tá athrú mór tagtha ar an Chomórtas féin. Tá níos mó foirne páirteach ann. Chomh maith leis sin, tá dul chun cinn mór déanta ag foirne i nGaeltacht Thír Chonaill le leathchéad bliain anuas.

Tá go leor laochra Gaeltachta nach bhfuil roghnaithe agam ar an fhoireann seo, ina measc Antoin Ó Baoill, Damien Ó Duibhir, Proinsias Mac Fhloinn, Pádraig Mac Craith, Noel Ó hÉigeartaigh, Finín Mac an Bhaird, Seán Ó Gabhagáin, Pádraig Ó Gabhagáin, Antoin Ó Cearbhaill, Mícheál Mac Giolla Chearra, Ciarán Ó Cianaigh, Neil Ó Gallchóir, Mícheál Ó Murchú, Séamus (N) Ó Gallchóir, Odhrán Mac Niallais, Christy Toye, Déaglán Ó Cnáimhsí, Adrian Mac Suibhne, Antoin Mac Thomáis agus Colm Antoin Mac Pháidín.

Foireann Ghaeltacht Dhún na nGall

  1. Criostóir Mac Suibhne (Gaoth Dobhair)
  2. Seán Seosamh Ó Dochartaigh (Naomh Columba)
  3. Niall Mac Aoidh (Gaoth Dobhair)
  4. Éamonn Mac Aoidh (Gaoth Dobhair)
  5. Ryan Mac Aodha (Cill Charthaigh)
  6. Mairtín Ó Gabhagáin (Ard an Rátha)
  7. Caoimhín Ó Casaide (Gaoth Dobhair)
  8. Antoin Ó Ludhóg (Ard an Rátha)
  9. Leo Mac a Luain (Naomh Conaill)
  10. Séamus Mac Aodha (Cill Charthaigh)
  11. Máirtín Mac Aodha (Cill Charthaigh)
  12. Aodh Mac Laifeartaigh (Na Dúnaibh)
  13. Pádraig Mac Breartaigh (Cill Charthaigh)
  14. Seosamh Mac Gairbheith (Cloich Cheannfhaola)
  15. Niall Ó Gallchóir (Gaoth Dobhair)

Tá Sárfhoireann Ghaeltacht na Gaillimhe le feiceáil anseo.

Tá Sárfhoireann Ghaeltacht Chorcaí le feiceáil anseo.

Fág freagra ar 'Cén cúigear déag a bhain áit amach ar ár scothfhoireann d’imreoirí Ghaeltacht Dhún na nGall?'