Cén cúigear déag a bhain áit amach ar ár scothfhoireann d’imreoirí Ghaeltacht Chorcaí?

Agus Comórtas Peile na Gaeltachta curtha ar ceal i mbliana, as seo go deireadh seachtaine na Cincíse beidh plúr na n-imreoirí Gaeltachta á roghnú ag painéal roghnóirí Tuairisc.ie do scothfhoirne na Gaeltachta

 

Leantar lenár sraith nua Scothfhoirne na Gaeltachta, le Scothfhoireann Ghaeltacht Chorcaí. Imreoirí a d’imir i gComórtas Peile na Gaeltachta amháin atá cáilithe. Ag deireadh na sraithe, roghnóidh ár bpainéal An Fhoireann Gaeltachta is Fearr Riamh bunaithe ar na seacht sárfhoireann…

Foireann Ghaeltacht Chorcaí

Liam Mac an Mhaoir

Nuair a iarradh orm an fhoireann seo a phiocadh, bhí leath-eagla ar dtús orm go bhfágfainn duine éigin ar lár, ach ansan nuair a d’fhéachas arís air, do chonac nárbh jab róchrua ar fad é. Bhí an rogha le déanamh idir trí chlub, agus mar a tharla, bheadh áit go bog ag formhór na bpeileadóirí atá roghnaithe agam ar aon fhoireann Ghaeltachta, ní hamháin scothfhoireann d’imreoirí as Gaeltacht Chorcaí.

Deinim amach nach mór na hargóintí a bheadh faoin gcúigear déag a roghnaíos ar deireadh.

Do chaith gach éinne den bhfoireann seo geansaí dearg Chorcaí laethanta móra.  Ní hamháin san ach bhí ról lárnach acu ar na foirne san, agus níos mó ná san arís, do bhí gach éinne acu dílis dá gclub agus go speisialta sa chás áirithe seo, do Chomórtas Peile na Gaeltachta. D’fhág san talamh réidh romhamsa agus mo rogha á déanamh agam.

Is féidir liom a rá óm’ chroí amach nár lig éinne acu a gclub síos nuair a bhí Comórtas Peile le himirt nó le buachaint.

Ní gá ach cuimhneamh ar Mhicheál Ó Cróinín agus Antaine Ó Loingsigh ag réabadh chun páirce sa chluiche ceannais i gcoinne Ghaoth Dobhair chun an chraobh a thabhairt leo in 2005 i gCill na Martra. Dheineadar sin in éadan thoil lucht bainistíochta Chorcaí a bhí ag imirt i gCraobh na Mumhan an Domhnach dár gcionn. Ach múineann gá seift, agus do dheineadar an rud ceart!

Pé scéal é, seo chugaibh iad agus bheadh sé an-deacair cás a dhéanamh i gcoinne éinne acu. Ní raibh aon cheist faoi Mhicheál Ó Criodáin sa chúl, go háirithe agus buntáiste an ‘exocet’ sin de chic amach aige.

Sa líne lánchúil chuireas an bhéim ar chrógacht agus ar ábaltacht ó thaobh na cosanta, agus bhí na cáilíochtaí san go smior ag an dtriúr. Ach sa bhreis air san, do thógfadh sé fear cróga misniúil dul laistigh díobh, agus ní dóigh liom go dtriailfeadh sé an dara huair é!

Lasmuigh díobh tá na seoda geala,  Noelie, Jerry agus Antaine. Ardmheas ar an dtriúr acu seo ó cheann ceann na tíre, agus bheadh sé deacair a sárú a fháil in aon áit, ag aon tráth. Díograis agus peil go haiceanta iontu go léir, ach thar aon ní eile, thugadar ceannaireacht dá gcomrádaithe agus ba mhinic a d’iompair siad an fhoireann chomh maith.

I lár an ghoirt do chaithfeá Ó Scanaill a aithint as a ábaltacht agus a stuaim agus seilbh na peile aige. Ba chuma cé a bhí os a chomhair. Ba imreoir dochreidte é Ó Coincheanainn a raibh an-ghabháil san aer aige agus ba dheacair aon srian a chur air agus é i mbarr a réime. Beirt iad a d’oibreodh go maith lena chéile chomh maith.

Bheadh an líne leath-thosaigh chomh maith ar an ionsaí is a bhí an líne leathchúil i mbun cosanta. Agus nach bhfuair Naomh Abán an craiceann is a luach ón dtriúr seo? Ealaíontóirí cruthanta, naoscairí marfacha ba ea iad agus neart agus cumas altach acu triúr – Ó Cróinín, Free agus Mac Cárthaigh. Líne dhraíochta. Dóthain ráite!

Thógfadh sé cúlaithe maithe leis chun aire a thabhairt don dtriúr laistigh díobh. Bhí Shortey críonna cliste i mbun seilbhe, agus níor chuir sé puinn amú riamh. Bhí  spleodar, lapaí maithe agus cumhacht ag Johnno ar imeall na cearnóige, is do thapódh Seanachán gach aon deis sa chúinne eile. 

Sin agaibh é más ea.  Naonúr ag Naomh Abán, ach iad páirteach sa Chomórtas ó thús, ocht gcraobh shinsir buaite acu, agus ceann ar a laghad buaite i ngach cúige acu. Ceathrar atá ag Béal Átha an Ghaorthaidh agus beirt atá ag Cill na Martra. Níl éinne ar an bhfoireann nach bhfuil a áit tuillte go maith aige, ach mar sin féin tá go leor eile nach bhfuil luaite go mbeinn lánsásta dul chun catha ina bhfochair.

Sárfhoireann Ghaeltacht Chorcaí

  1. Micheál Ó Criodáin (Naomh Abán)
  2. Tadhg Ó Duinín (Béal Átha an Ghaorthaidh)
  3. Tomás Ó Murchú (Cill na Martra)
  4. Seán Ó hAlmhain (Naomh Abán)
  5. Nollaig Ó Laoire (Cill na Martra)
  6. Diarmuid Ó Luasa (Naomh Abán)
  7. Antaine Ó Loingsigh (Naomh Abán)
  8. Micheál Ó Scanaill (Naomh Abán)
  9. Peadar Ó Coincheanainn (Béal Átha an Ghaorthaidh)
  10. Micheál Ó Cróinín (Naomh Abán)
  11. Diarmuid Ó Loingsigh (Naomh Abán)
  12. Diarmuid Mac Cárthaigh (Naomh Abán)
  13. Donncha Seartan (Béal Átha an Ghaorthaidh)
  14. Seán Ó Drisceoil (Béal Átha an Ghaorthaidh)
  15. Seanachán Mac Cárthaigh (Naomh Abán)

Tá Sárfhoireann Ghaeltacht na Gaillimhe le feiceáil anseo.

Fág freagra ar 'Cén cúigear déag a bhain áit amach ar ár scothfhoireann d’imreoirí Ghaeltacht Chorcaí?'