SÁRFHOIRNE GAELTACHTA / Cén cúigear déag a bhain áit amach ar ár scothfhoireann d’imreoirí Ghaeltacht Chorcaí?
Liam Mac an Mhaoir
Agus Comórtas Peile na Gaeltachta curtha ar ceal i mbliana, as seo go deireadh seachtaine na Cincíse beidh plúr na n-imreoirí Gaeltachta á roghnú ag painéal roghnóirí Tuairisc.ie do scothfhoirne na Gaeltachta