Beidh sé ina chogadh dearg i gCorcaigh

Sa tsraith seo caitear súil chun cinn ar thoghcháin áitiúla na seachtaine seo sna ceantair Ghaeltachta. Corcaigh atá faoi chaibidil an geábh seo againn…

Beidh sé ina chogadh dearg i gCorcaigh

Tá an dá thoghlach ina bhfuil na ceantair Ghaeltachta i gCorcaigh, an-chosúil lena chéile, sa mhéid is gur dhá cheantar nua as an bpíosa iad agus go mbeidh iarrthóirí nua le toghadh sa dá cheantar, pé rud eile a tharlóidh.

Féachaimis ar cheantar Mhaigh Chromtha ar dtús. Ó thoghchán 2014 tá limistéar na Blarnan imithe agus é curtha isteach faoi scáth na cathrach agus Sráid an Mhuilinn ó thuaidh curtha leis mar chúiteamh. Anuas air sin, níl ach beirt den seisear a toghadh an turas deireanach fós san iomaíocht, Michael Creed agus Ted Ó Luasa, beirt de chuid Fhine Gael.

Idir iomaitheoirí óga, iarrthóirí atá ag seasamh faoi bhrat nua an babhta seo, agus comhairleoirí nach bhfuil ag seasamh in aon chor an turas seo, is deacair aon léamh cruinn a dhéanamh ar conas mar a bheidh tráth a mbeidh an séú suíochán líonta. Glactar leis áfach go dtoghfar Gobnait Ní Mhuimhneacháin (FF) agus Michael Creed (FG) luath go maith.

Meastar ansan go dtoghfar Eibhlín Ní Loingsigh (FG) agus Micheal Ó Luanaigh (FF), agus go mbeidh sé ina chogadh dearg ansan idir an bheirt ó Fhine Gael, Ted Ó Luasa agus an t-iarTheachta Dála, Áine Collins, an t-iarrthóir neamhspleách ó bhaile Mhaigh Chromtha, Máirtín Ó Cochláin, agus iomaitheoir nua Shinn Féin, Ronnie Morley. Ní bheidh eatarthu ach caitheamh na pingine, ach tá buntáiste na tíreolaíochta ag Ó Cochláin agus ag Ó Luasa mar gur ó bhaile Mhaigh Chromtha iad beirt.

TUAR: FG 3, FF 2: Neamhspleách, 1

Tá seancheantar ocht suíochán Iarthar Chorcaí roinnte ina dhá leath anois, agus cúig shuíochán le líonadh i gceantar an Sciobairín, mar a bhfuil Cléire. Tá athruithe pearsanra agus tíreolaíochta i gceist anseo chomh maith, toghcheantar ina bhfuil na bailte móra An Sciobairín, Cloich na Coillte agus Dún Mánmhaí, ach meastar go mbeidh suíocháin ag Críostóir Ó Súilleabháin (FF) agus JJ Breathnach (FG) luath go maith sa chomhaireamh agus gurb é an Comhairleoir Neamhspleách Declan Hurley a bheidh sna sála orthu.

Is ansan a thosnóidh an spórt, más ea, agus dhá shuíochán fós le líonadh. Fágtha sa choimhlint beidh iarrthóirí láidre cosúil le Seosamh Ó Cearbhaill (FF), beirt de chuid Fhine Gael Yvonne Ní Chathalláin is Karen Ni Chaochlaidh, agus iarrthóir Shinn Féin, Pól Ó hAodha. Ar bhonn a chuid oibre le cúig bliana anuas agus an aithne atá air, beidh an suíochán deireanach á choimeád ag Ó hAodha, más le fíorbheagan féin é.

TUAR: FF 2, FG 1, SF 1, Neamhspleách 1

Fág freagra ar 'Beidh sé ina chogadh dearg i gCorcaigh'