Cén cúigear déag a bhain áit amach ar ár scothfhoireann d’imreoirí Ghaeltacht Chiarraí?

Agus Comórtas Peile na Gaeltachta curtha ar ceal i mbliana, as seo go dtí deireadh seachtaine na Cincíse beidh plúr na n-imreoirí Gaeltachta á roghnú ag painéal roghnóirí Tuairisc.ie do scothfhoirne na Gaeltachta

Cén cúigear déag a bhain áit amach ar ár scothfhoireann d’imreoirí Ghaeltacht Chiarraí?

Leantar lenár sraith Scothfhoirne na Gaeltachta, le Scothfhoireann Ghaeltacht Chiarraí. Imreoirí a d’imir i gComórtas Peile na Gaeltachta amháin atá cáilithe. Roghnóidh ár bpainéal amárach An Fhoireann Ghaeltachta is Fearr Riamh bunaithe ar na seacht sárfhoireann…

Tomás Mac an tSaoir (An Ghaeltacht) atá sa bháide againn, cúl báire den scoth atá ag imirt leis an nGaeltacht ó 2006 i leith. Bhuaigh sé craobh uile-Éireann Faoi-21 sa bhliain 2008 agus dhein sé cion beirte nuair a bhuaigh Cumann Caide na Gaeltachta an Comórtas Peile dhá bhabhta as trí le blianta beaga anuas, 2017 agus 2019.

I measc na gcúl, tá Séamus Mac Gearailt (Corca Dhuibhne/na hÁghasaigh), iarimreoir agus iarbhainisteoir Chiarraí a bhí dílis do Chomórtas Peile na Gaeltachta ó thús. Thug sé  blianta fada seirbhíse don nGaeltacht agus bhí ina bhainisteoir nuair a bhuaigh an cumann craobh shinsir Chiarraí don gcéad uair in 2001.

Bhuaigh Marc Ó Sé (An Ghaeltacht) cúig bhonn uile-Éireann le Ciarraí agus thug sé fiche bliain seirbhíse do Chumann Caide na Gaeltachta. Bhuaigh sé dhá chraobh Chomórtas Peile na Gaeltachta leis an gcumann agus ocht mbliana déag eatarthu – ceann i 1999 sa Rinn agus ceann in 2017 i dTuar Mhic Éadaigh.

Bearnárd Ó Súilleabháin (Corca Dhuibhne/na hÁghasaigh), mar fhear lár páirce nó mar lánchúlaí, thug an Súilleabhánach a raibh ann i gcónaí don nDaingean, do Chiarraí Thiar agus do Chorca Dhuibhne. Bhí sé ar phainéal Chiarraí le linn ré órga na caide sa chontae.

Cúig bhonn uile-Éireann a bhuaigh Tomás Ó Sé (Corca Dhuibhne/An Ghaeltacht) le Ciarraí agus seacht mbliana déag a thug sé ag imirt leis an nGaeltacht. Ní raibh radharc níos fearr ná é ag imeacht cosa in airde ar ruathar aonair. Bhuaigh sé bonn Chomórtas Peile na Gaeltachta i 1996 agus i 1999.

Dála a leathbhádóir ar fhoireann Chiarraí, Séamus Mac Gearailt, bhí Micheál Ó Sé (Corca Dhuibhne/na hÁghasaigh) ar dhuine acu siúd a bhí ann ó thús. D’imir a chluiche deireanach Comórtais sna Dúnaibh i 1986.

Ocht mbonn uile-Éireann a bhuaigh Páidí Ó Sé. (Corca Dhuibhne/na hÁghasaigh) agus beidh cuimhne ar a ról sa Chomórtas Peile i nGallaros sa bhliain 1985, an bhliain chéanna go raibh sé mar chaptaen buacach ar fhoireann Chiarraí. 

Sé bhonn uile-Éireann a bhuaigh Darragh Ó Sé (Corca Dhuibhne/An Ghaeltacht) agus Comórtas Peile na Gaeltachta buaite trí huaire chomh maith aige – 1995, 1996 agus 1999. Ba mhór an seó a chumas san aer agus bhí sé chun tosaigh i gcónaí ar na laethanta móra leis an nGaeltacht.

Bhí Gabriel Ó Cathasaigh (Corca Dhuibhne/Lios Póil) ar dhuine de na ceannairí a bhí ar fhoireann Lios Póil nuair a bhí máistreacht acu i gcraobh Chiarraí Thiar sna 1980idí. Dob é an Cathasach a bhí ina chaptaen nuair a bhuaigh Ciarraí Thiar craobh shinsir an chontae sa bhliain 1984. Bhuaigh sé bonn mionúir uile-Éireann le Ciarraí i 1975.

Bhí Cathal Ó Dubhda. (Corca Dhuibhne/An Ghaeltacht) ar dhuine de na himreoirí ba chliste agus ba phointeáilte a chaith geansaí na Gaeltachta riamh. Bhuaigh an Dubhdach Comórtas Peile na Gaeltachta i 1995, 1996 agus 1999 agus bhí sé ina bhainisteoir ar fhoirne éagsúla de chuid na Gaeltachta ó shin i leith.   Bulaí fir ón gCarraig, Baile na nGall, ab ea  Rob Mac Gearailt. (Corca Dhuibhne/An Ghaeltacht). Thug blianta fada ag imirt leis an nGaeltacht agus d’iompair cuid mhaith den ualach nuair a bhíodh imreoirí tearc ag tabhairt fé chomórtaisí.

Bhuaigh Aodán Mac Gearailt (Corca Dhuibhne/An Ghaeltacht), deartháir Roibeaird, dhá bhonn uile-Éireann le Ciarraí, ceann in 2000 agus ceann in 2006. Lúthchleasaí den scoth ab ea Aodán agus bhuaigh sé Comórtas Peile na Gaeltachta le Corca Dhuibhne i 1996 agus leis an nGaeltacht i 1999.

Bhuaigh Breandán Ó hAiniféin (Corca Dhuibhne/Lios Póil)  dhá chraobh Chomórtais le Corca Dhuibhne, i 1995 agus 1996, agus bhí sé ina chaptaen ar fhoireann Lios Póil a bhuaigh a gcéad chraobh astu féin mar fhoireann shóisir sa Rinn i 1999. Beidh caint go deo ar an gcúl a d’aimsigh Ó hAiniféin i gcluiche leathcheannais an Chomórtais i 1997.

D’imir Liam Ó hUiginn (Corca Dhuibhne/na hÁghasaigh) sa chéad Chomórtas Peile sa bhliain 1969 agus bhuaigh sé le foirne i 1972, 1974 agus 1977. Bhuaigh sé dhá bhonn uile-Éireann le Ciarraí, i 1969 agus 1970.

Bhí Dara Ó Cinnéide (Corca Dhuibhne/An Ghaeltacht) ar na foirne ó Chorca Dhuibhne a raibh an lá leo sa chomórtas i 1995 agus 1996 agus bhí sé leis an nGaeltacht nuair a bhuadar i 1999. Bhí sé ar fhoireann bhainistíochta na Gaeltachta a bhuaigh Comórtas Peile na Gaeltachta in 2017 agus 2019.

Tá trí bhonn uile-Éireann aige le Ciarraí agus d’ardaigh sé Corn Sam Mhig Uidhir nuair a bhí sé ina chaptaen ar a chontae in 2004.


Cén cúigear déag a bhain áit amach ar ár scothfhoireann d’imreoirí Ghaeltacht na Mí?

Cén cúigear déag a bhain áit amach ar ár scothfhoireann d’imreoirí as Gaeltacht Mhaigh Eo?

 

Cén cúigear déag a bhain áit amach ar ár scothfhoireann d’imreoirí Ghaeltacht na Gaillimhe?

 

Cén cúigear déag a bhain áit amach ar ár scothfhoireann d’imreoirí Ghaeltacht Chorcaí?

 

Cén cúigear déag a bhain áit amach ar ár scothfhoireann d’imreoirí Ghaeltacht Dhún na nGall?

 

Cén cúigear déag a bhain áit amach ar ár scothfhoireann d’imreoirí Ghaeltacht Phort Láirge?

Fág freagra ar 'Cén cúigear déag a bhain áit amach ar ár scothfhoireann d’imreoirí Ghaeltacht Chiarraí?'

  • Debra Lynam

    Declan O Sullivan fágtha ar lár d’aon ghnó?