Cén cúigear déag a bhain áit amach ar ár scothfhoireann d’imreoirí as Gaeltacht Mhaigh Eo?

Agus Comórtas Peile na Gaeltachta curtha ar ceal i mbliana, as seo go deireadh seachtaine na Cincíse beidh plúr na n-imreoirí Gaeltachta á roghnú ag painéal roghnóirí Tuairisc.ie do scothfhoirne na Gaeltachta

Cén cúigear déag a bhain áit amach ar ár scothfhoireann d’imreoirí as Gaeltacht Mhaigh Eo?

Leantar lenár sraith nua Scothfhoirne na Gaeltachta, le Scothfhoireann Ghaeltacht Mhaigh Eo. Imreoirí a d’imir i gComórtas Peile na Gaeltachta amháin atá cáilithe. Ag deireadh na sraithe, roghnóidh ár bpainéal An Fhoireann Ghaeltachta is Fearr Riamh bunaithe ar na seacht sárfhoireann…

Seán Bán Breathnach

Sa gcúl tá Fionntáin Ó Rudaigh as Cill Chomáin, sár chúl báire dá chlub agus dáchontae. Is aige a bhí an cic amach is faide sa tír. Cén t-iontas gur bhuaigh sé comórtas an chic fhada trí huaire.

Sa gcúinne, tá Seán Ó Ciaráin, an chéad pheileadóir as Maigh Eo a bhuaigh gradam All Star i 1971. Ba é Tomás Rua Ó Raghallaigh an lánchúlaí ab fhearr a bhí i mBéal an Mhuirthead ariamh agus chaith sé cúig bliana ag imirt d’fhoireann shinsir Mhaigh Eo. Ar chlé sa líne lánchúil tá Seán Ó Gallachóir. Bhí sárléamh ar chluiche aige. Fear a thug seirbhís iontach dá chlub agus dá chontae chomh maith.

Ar an gcliathán, tá fear Chill tSeádhna, Máirtín Ó Cabhaill. Bhí Máirtín ar fhoireann mhionúir Mhaigh Eo a bhuaigh Craobh na hÉireann 1985. D’imir sé d’fhoirne faoi 21 agus sinsir an chontae freisin. Bronnadh laoch an deireadh seachtaine ar Chriostóir Bairéad nuair a bhuaigh Béal an Mhuirthead craobh na sinsear ag Comórtas Peile na Gaeltachta 2010 agus tá gaisce déanta aige ó shin agus dhá ghradam All Star aige do Mhaigh Eo. As Béal an Mhuirthead freisin Micheál Ó Tuathail. Bhí sé i mbarr a réime sna 1970idí lena chlub agus lena chontae agus fuair sé ainmniúchán All Star i 1977.

Tá duine de pheileadóirí móra ár linne i lár na páirce, Willie Joe Mac Pháidín. Bronnadh gradaim All Star faoi dhó air agus le linn Chomórtas Peile na Gaeltachta sa Rinn i 1984, tháinig daoine ó chian agus ó chúngar chun é a fheiceáil ag imirt. Taobh leis i lár na páirce ar an tsárfhoireann seo tá Pádraig Ó Corragáin as Cill tSéadhna, sárpheileadóir a d’imir do Mhaigh Eo.

Is é an chéad imreoir a bhfuil áit bainte amach aige sa líne leath-thosach ná Ciarán Ó Ciaráin. Oifigeach Airm, d’imir fear Chill tSéadhna ar fhoirne Mhaigh Eo i gach grád. Mac Willie Joe Mac Pháidín, Billie Joe, atá roghnaithe mar leath-thosach láir. Chaith sé na blianta ag imirt le Maigh Eo agus bhí seal aige le hArd Mhacha chomh maith. Thug sé sárthaispeántas sa gcluiche ceannais ag Comórtas Peile na Gaeltachta sa Spidéal in 2006. Taobh leis ar an daichead slat tá Tomás Owen Ó hÉanacháin as Tuar Mhic Éadaigh. Beidh trácht go deo ar a chumas agus ar a chruinneas agus bhuaigh sé an Comórtas faoi dhó.

Sa líne lántosach atá Micheál Mac Suibhne. D’imir sé do Mhaigh Eo agus scóráil sé ceithre chúl i gcluiche amháin do Chill tSéadhna ag Comórtas Peile na Gaeltachta 2012. As Baile an Róba ó dhúchas, ba é Tomás Ó Máille laoch na deireadh seachtaine ag Comórtas Peile na Gaeltachta 1973 ar an gCeathrú Rua nuair a bhuaigh comhfhoireann Mhaigh Eo. Bhí sé ar dhuine de na tosaithe is fearr a bhí ag Maigh Eo ag an am. Istigh leis tá fear Acla, Pól Mac Conmara, fear a thug seirbhís mhaith dá chlub agus don chontae.


Cén cúigear déag a bhain áit amach ar ár scothfhoireann d’imreoirí Ghaeltacht na Gaillimhe?

 

Cén cúigear déag a bhain áit amach ar ár scothfhoireann d’imreoirí Ghaeltacht Chorcaí?

 

Cén cúigear déag a bhain áit amach ar ár scothfhoireann d’imreoirí Ghaeltacht Dhún na nGall?

 

Cén cúigear déag a bhain áit amach ar ár scothfhoireann d’imreoirí Ghaeltacht Phort Láirge?

Fág freagra ar 'Cén cúigear déag a bhain áit amach ar ár scothfhoireann d’imreoirí as Gaeltacht Mhaigh Eo?'