An Fhoireann Ghaeltachta is Fearr Riamh – cén cúigear déag a roghnaigh Tuairisc.ie?

Tá deireadh seachtaine na Cincíse linn, ach tá Comórtas Peile na Gaeltachta curtha ar ceal i mbliana. Ar eagla go mbeadh aon easpa ábhar cainte ar lucht na peile, cuirtear clabhsúr inniu ar an tsraith 'Scothfhoirne na Gaeltachta' leis an An bhFoireann Ghaeltachta is Fearr Riamh...

An Fhoireann Ghaeltachta is Fearr Riamh – cén cúigear déag a roghnaigh Tuairisc.ie?

Tá ár scothfhoirne Gaeltachta as gach contae Gaeltachta roghnaithe ag ár moltóirí le roinnt seachtainí anuas, ach tá deireadh seachtaine Chomórtas Peile na Gaeltachta linn anois agus é in am An Fhoireann Gaeltachta is Fearr Riamh a fhógairt.

105 imreoirí a bhí san iomaíocht d’áit ar an bhfoireann, is é sin gach imreoir a roghnaíodh ar na scothfhoirne d’imreoirí na gcontaetha Gaeltachta.

Ar ndóigh, d’fhéadfaí imreoirí áirithe eile a roghnú ar an bhFoireann Ghaeltachta is Fearr Riamh agus is cinnte go bhfuil imreoirí iontacha fágtha ar lár. Ach ba é cúram ár roghnóirí ná 15 a roghnú agus ní haon drochfhoireann atá ainmnithe acu! Is mó foireann atá á roghnú ag nuachtáin agus dreamanna eile ó thosaigh an t-aistear ar bhóithrín na smaointe, ach ní bheadh aon eagla ar Tuairisc.ie an fhoireann seo a chur chun páirce i gcoinne aon cheann acu.

Cúigear as Ciarraí a fuair áit ar an bhfoireann agus ceathrar Conallach a roghnaíódh. Triúr Corcaíoch a bhain áit amach ar an bhFoireann Ghaeltachta is Fearr Riamh agus rinne imreoir amháin ó Ghaillimh, Maigh Eo agus Port Láirge an beart.

Sárbháideoir Naomh Abán, Micheál Ó Críodáin, atá roghnaithe sa chúl agus os a chomhair tá beirt de mhuintir Shé, Páidí agus Marc, beirt de na cosantóirí is fearr a chuaigh chun páirce riamh. Fear láidir Ghaoth Dobhair, Niall Mac Aoidh, atá mar lánchúlaí ar an bhfoireann.

Níl aon easpa cosíochta ná cumais sa líne leathchúil, mar a bhfuil Tomás Ó Sé sa lár agus Ryan Mac Aoidh agus fear na Ceathrún Rua, Seán Óg de Paor cliathánach leis.

Willie Joe Mac Pháidín an t-aon fhear ó Mhaigh Eo ar an bhfoireann, ach ní raibh aon amhras faoi ach go mbainfeadh laoch Bhéal an Mhuirthead áit amach i lár na páirce. Taobh leis tá fathach Chiarraí, Darragh Ó Sé.

Áirítear Máirtín Beag Mac Aodh ar dhuine de na himreoirí is fearr a d’imir riamh i gComórtas Peile na Gaeltachta agus tá seisean roghnaithe ar an líne daichead slat. Diarmuid Ó Loingsigh, nó Gerry ‘Free’ mar is fearr aithne air, as Naomh Abán agus Aodh Mac Laifeartaigh, duine de shárimreoirí na nDúnaibh, atá leis sa líne leatosach.

Muimhnigh uile atá sa líne lántosach. Ar dheis, tá naoscaire lúfar na Rinne, Liam Ó Lonáin. Mar lántosach tá Seán Ó Drisceoil, laoch agus lóchrann Bhéal Átha an Ghaorthaidh, agus sa chúinne eile tá Dara Ó Cinnéide, iarchaptaen na Ríochta agus duine de mhórghaiscígh na Gaeltachta.

 


Cén cúigear déag a bhain áit amach ar ár scothfhoireann d’imreoirí Ghaeltacht Chiarraí?

 

Cén cúigear déag a bhain áit amach ar ár scothfhoireann d’imreoirí Ghaeltacht na Mí?

 

Cén cúigear déag a bhain áit amach ar ár scothfhoireann d’imreoirí as Gaeltacht Mhaigh Eo?

 

Cén cúigear déag a bhain áit amach ar ár scothfhoireann d’imreoirí Ghaeltacht na Gaillimhe?

 

Cén cúigear déag a bhain áit amach ar ár scothfhoireann d’imreoirí Ghaeltacht Chorcaí?

 

Cén cúigear déag a bhain áit amach ar ár scothfhoireann d’imreoirí Ghaeltacht Dhún na nGall?

 

Cén cúigear déag a bhain áit amach ar ár scothfhoireann d’imreoirí Ghaeltacht Phort Láirge?

Fág freagra ar 'An Fhoireann Ghaeltachta is Fearr Riamh – cén cúigear déag a roghnaigh Tuairisc.ie?'

  • Mac Dara Mac Donncha

    Antaine Ó Loingsigh agus Mícheál Ó Cróinín….????

  • Sean Fennell

    An labhraíonn siad uilig Gaeilge ar an Sárfhoireann?

  • Lam Mac an Mhaoir

    Cá bhfuil Antaine Ó Loingsigh, Micheál Ó Cróinín, Paddy Mac Briartaigh, Sean Ó Domhnaill? Súile Glas is Buí ag an té seo!!