AR SCÁTH A CHÉILE: Cúpla lá fágtha ag daoine óga le cur isteach ar chomórtas chun clár teilifíse a dhéanamh do TG4

Ar Scáth A Chéile – Colún nua do phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta le heolas, nuacht agus tuairimíocht faoin saol aimsir ghéarchéim an choróinvíris. Seolaigí bhur scéalta chuig nuacht@tuairisc.ie…

[live id=”1d6a0a” datetime=”2020-05-22T19:29:50+00:00″]

Cúpla lá fágtha ag daoine óga le cur isteach ar chomórtas chun clár teilifíse a dhéanamh do TG4

Tá comórtas do dhaoine óga ar mhaith leo sraith teilifíse a dhéanamh ar bun ag TG4 i gcomhar leis an British Film Institute.

Tabharfaidh an comórtas ‘Tú Féin ar an Scáileán’ deis do dhaoine óga idir 4-18 bliain d’aois smaoineamh dá gcuid a chur chun cinn do chlár gairid teilifíse arbh fhéidir leo é a dhéanamh sa bhaile agus iad cuibhrithe. 

Déanfaidh painéal saineolaithe ó na heagraíochtaí eile atá páirteach i reáchtáil an chomórtais,  Channel 5, E4 agus S4C ina measc, moltóireacht ar na hiarratais 30 soicind agus cuirfear ar ghearrliosta na hiarratais is fearr i ngach ceann de na trí aoisghrúpa: 4-7, 8-13 agus 14-18 bliain d’aois.

Roghnóidh na moltóirí ansin na trí iarratas is fearr i ngach aoisghrúpa agus cuirfear rang teilifíse ar fáil ar líne do na hiarrthóirí sin a chuideoidh leo a gclár dhá nóiméad a chruthú. Craolfar na cláir ghairide teilifíse a dhéanfar i nGaeilge ar TG4 níos deireanaí i mbliana.

Dúirt Siobhán Ní Bhrádaigh, Eagarthóir Daoine Óga TG4: “Is deis iontach é seo do dhaoine óga atá sa bhaile faoi láthair a gcruthaitheacht a léiriú agus físeán a chruthú a chraolfar ar TG4 i mbliana.  Táimid ag súil go mór leis na hiarratais a fheiceáil.”

Is é meán lae Dé Luain seo chugainn, an 25 Bealtaine, an spriocdháta don chomórtas seo.   Tá gach eolas faoin gcomórtas ar fáil anseo: www.bfi.org.uk/seeyourselfonscreen.

[/live]

[live id=”bd7dfb” datetime=”2020-05-22T15:59:36+00:00″]

Imeachtaí á n-eagrú do lucht gnó na Gaeilge agus lucht turasóireachta na Gaeltachta

Pléifear na dúshláin ghnó atá cruthaithe ag an gcoróinvíreas mar chuid d’imeacht speisialta Gaeilge atá á reáchtáil ar líne an tseachtain seo chugainn.

Bunaíodh an eagraíocht Borradh níos luaithe i mbliana chun lucht gnó na Gaeilge i mBaile Átha Cliath a thabhairt le chéile agus tá siad ag reáchtáil a gcéad imeacht ar líne Déardaoin seo chugainn, an 28 Bealtaine, chun comhairle a thabhairt do dhaoine agus do ghnóthaí atá buailte ag na fadhbanna a chruthaigh an ráig.

Beidh painéal cainteoirí ann. Aoife Hendrick, stiúrthóir RTÉ Home School Hub; Pádraic Ó Griallais, Príomhfeidhmeannach, Micil Distillery agus Micheál Ó Foighil, bainisteoir Choláiste Lurgan a bheidh ag plé na ndúshlán atá ann dóibh faoi láthair agus ag cur comhairle ar dhaoine.

Is féidir clárú don imeacht saor in aisce anseo.

Idir an dá linn, tá sraith ceardlann á n-eagrú ag Údarás na Gaeltachta ar fud na Gaeltachta chun cabhrú le hearnáil na turasóireachta agus chun cabhrú le daoine a bheith ullamh chun pé buntáiste is féidir a bhaint as biaiste na bliana seo má bhíonn a leithéid ann.

 “Tá treochtaí turasóireachta ag athrú, tá cuairteoirí ag iarraidh a bheith gníomhach sa réigiún agus taithí a bhaint as agus mar sin spreagfaidh na ceardlanna ar líne forbairt na n-eispéireas seo i réigiúin na Gaeltachta,” a dúradh i ráiteas ó Údarás na Gaeltachta.

Deirtear go bhféadfadh an “eispéireas cuartaíochta” sa Ghaeltacht a bheith bunaithe ar “gníomhaíochtaí ar nós siúlóidí nó turais rothair threoraithe, foghlaim scil éigin nua ar nós arán baile le feamainn a bhácáil nó ceol a chasadh ar an mbodhrán, nó feabhas a chur ar do chuid Gaeilge”.

Beidh trí sheisiún dhá uair an chloig i gceist leis na ceardlanna ar líne agus beidh na ceardlanna dírithe ar réigiún áirithe:

Réigiún na Gaillimhe, Maigh Eo & na Mí
10am – 12pm, Dé Luain 9
ú Meitheamh 

Réigiún Chorcaí, Chiarraí & na nDéise
2.30pm – 4.30pm, Dé Luain 9
ú Meitheamh

Réigiún Dhún na nGall
10am – 12pm, Dé Máirt 10
ú Meitheamh 

Gealltar go mbeidh seisiún meantóireachta duine ar dhuine i ndiaidh na seisiúin oiliúna agus go mbeidh siad á gcur i láthair ag saineolaithe turasóireachta.

Más spéis leat páirt a ghlacadh sna seisiúin ar líne seol rphost chuig saoire@udaras.ie.

[/live]

[live id=”3ead48″ datetime=”2020-05-22T14:43:06+00:00″]

Gaeil na tíre ag taiscéalaíocht i bpodchraoladh nua Raidió na Life

Tá sraith podchraoltaí nua seolta ag Raidió na Life mar a dtéann Gaeil ag spaisteoireacht thart ar a gceantair áitiúla le linn na dianghlasála.

Taiscéalaíocht téama na sraithe ‘Ar Leac mo Dhorais’ agus tugtar éisteoiri ar thurais ar fud na hÉireann.

John Prendergast, Tess Cassin, Anna Ní Chathail agus Niamh Ní Chróinín atá le cloisteáil sa chéad eagrán atá ar fáil ar Spotify agus ar Soundcloud.

[/live]

[live id=”ec3d32″ datetime=”2020-05-22T13:32:01+00:00″]

Post nua sna sna meáin Ghaeilge fógartha agus folúntas ag NÓS

Tá post nua fógartha ag an iris ar líne NÓS.ie agus é i gceist ag lucht na hirise slí mhaireachtála Gaeilge cur lena croífhoireann.

Tá folúntas d’iriseoir faoi oiliúint ag an iris ar líne, atá lonnaithe i mBéal Feirste. Post ceithre lá sa tseachtain atá i gceist agus íocfar tuarastal £15,000 leis an té a cheapfar.

Tá sonraí uile an fholúntais ar fáil ar shuíomh NÓS agus tá sé i gceist na hagallaimh a reáchtáil ar líne sna seachtainí amach romhainn.

Bunaíodh NÓS, a bhíodh á foilsiú mar iris chlóite ar dtús, in 2008 agus ceapadh Maitiú Ó Coimín, iar-iriseoir le Tuairisc.ie, ina eagarthóir ar an iris ar líne dhá bhliain ó shin.

Is féidir le daoine iarratas a dhéanamh ar agallamh don phost nua trí chuntas beatha agus litir a sheoladh chuig eolas@nos.ie roimh 17:00 ar an 29 Bealtaine 2020.

[/live]

[live id=”cd9fba” datetime=”2020-05-21T14:44:02+00:00″]

Litreacha agus cártaí i nGaeilge i measc cual mór postais a cuireadh chuig an Uachtarán ó thús na paindéime

Tá litreacha, cártaí poist agus cártaí breithlae i measc an “líon mór” litreacha agus cártaí a cuireadh chuig an Uachtarán Micheál D. Ó hUigínn le dhá mhí anuas.

Dúirt an tUachtarán Ó hUigínn go raibh sé “an-chorraithe” ag an líon mór líníochtaí, litreacha agus cártaí poist a fuair sé ó dhaoine de gach aois sna seachtainí beaga seo.    

Dúirt an tUachtarán gur tháinig “méadú mór millteach” ar an méid postais a thagann chuige ar bhonn laethúil ó pháistí, ó thuismitheoirí, agus ó dhaoine ó gach cearn den domhan ó thosaigh paindéim Covid-19.

Léargas iontach iad na cártaí ar an saol in aimsir an choróinvírís, a dúirt sé.

“Taispeánadh rogha bheag de na teachtaireachtaí a fuarthas, iad leagtha amach ar an mbord mór i Seomra Bia an Stáit. Is é sin an bord ar shuigh baill chéad rialtas an tSaorstáit thar timpeall air i gcomhair a gcéad chruinniú,” a dúirt Uachtarán na hÉireann, Micheál D. Ó hUigínn.

[/live]

[live id=”c88213″ datetime=”2020-05-21T13:42:43+00:00″]

Breis agus 50 closleabhar Gaeilge do pháistí ar fáil ar shuíomh amháin

Tá breis agus 50 leabhar Gaeilge do pháistí ar fáil mar chlosleabhair ar shuíomh amháin.

Máire Nic an Rí, Oifigeach Oideachais leis an Chomhairle um Oideachas Gaeltachta & Gaelscolaíochta, COGG, a chruinnigh leabhair le chéile ar an ardán Padlet, ina roinntear acmhainní oideachasúla.

Foras na Gaeilge, Raidió na Life agus Walker Éireann, tionscadal de chuid an teach foilsitheoireachta Walker, a thaifead cuid mhaith de na leabhair.

I measc na nglórtha atá le cloisteáil i mbun na scéalta a léamh, tá an file aitheanta Gabriel Rosenstock agus an ceoltóir Máire Bhreatnach.

Tá ceol curtha le cuid de na scéalta atá á léamh ag  leithéidí Gabriel Rosenstock, agus an t-amhránaí agus fidléir iomráiteach Máire Bhreatnach.

I measc an bhailiúchán podchraoltaí, tá leabhair mór-ráchairte amhail An Garbhán. An Seilide agus an Míol Mór, Ababú a Ghúgaí, Ciara Cainteach, An tUlchabhán agus Ar Strae Beagán. Tá na scéalta ar fad ar fáil anseo.

[/live]

[live id=”75a0d0″ datetime=”2020-05-20T15:08:14+00:00″]

Tionól scoileanna lán-Ghaeilge agus Gaeltachta a bhí le reáchtáil ag deireadh na bliana curtha ar ceal

Deir Príomhfheidhmeannach Gaeloideachas gur cinneadh ‘an-deacair’ a bhí ann tionól oideachais atá ‘i gcroílár chlár oibre na heagraíochta’ a chur ar ceal.

Tá sé fógartha ag Gaeloideachas go bhfuil Tionól Forbartha na Scoileanna lán-Ghaeilge agus Gaeltachta 2020, a bhí le reáchtáil i mí na Samhna 2020, á chur ar ceal de bharr an choróinvíris.

Bhí an tionól oideachais á reáchtáil ag Gaeloideachas i gcomhpháirt leis an Chomhairle um Oideachas Gaeltachta & Gaelscolaíochta, COGG.

“Tá an cinneadh seo déanta ar mhaithe le sláinte agus sábháilteacht gach éinne a bheadh rannpháirteach sa tionól a chosaint, mar aon leis na dúshláin shuntasacha a sheachaint a bheidh roimh na scoileanna agus a gcuid múinteoirí agus iad ag iarraidh dul i dtaithí ar an gcur chuige nua scolaíochta sa bhfómhar,” a dúradh.

Dúirt Príomhfheidhmeannach Gaeloideachas Bláthnaid Ní Ghreacháin gur cinneadh “an-deacair” a bhí ann ag an eagraíocht tionól na bliana seo a chur ar ceal.

“Tá an Tionól Forbartha i gcroílár chlár oibre na heagraíochta leis an dea-chleachtas, an taighde agus na modhanna oibre is comhaimseartha i dtaobh an tumoideachais a chomhroinnt ar rannpháirtithe an imeachta.

“Tuigeann muid an luach a chuireann na scoileanna lán-Ghaeilge agus Gaeltachta, taighdeoirí, mic léinn agus rannpháirtithe uile ar an imeacht bliantúil seo chun freastal ar shainriachtanais na hearnála, mar aon leis an deis a sholáthar dóibh tógáil ar an gcomhoibriú agus an chomhroinnt taighde agus dea-chleachtais idir scoileanna agus pobail,” a dúirt Ní Ghreacháin.

Dúradh sa ráiteas go bhfuil Gaeloideachas “ag breathnú ar bhealaí cruthaitheacha nuálacha” chun leas a bhaint as an teicneolaíocht le “deiseanna forbartha gairmiúla agus gréasánaithe eile” a sholáthar sa tréimhse amach romhainn.

Beidh sraith imeachtaí ar líne á reáchtáil ag Gaeloideachas i gcomhpháirt le Cumann Disléicse na hÉireann a bheidh dírithe ar an bhealach is fearr le freastal ar dhaltaí an ghaeloideachais a bhfuil disléicse orthu. Beidh painéal saineolaithe agus tuismitheoirí páirteach sna himeachtaí a bheas á reáchtáil ar an ardán Zoom ar an 3 agus 4 Meitheamh.

Deir Gaeloideachas go bhfuil sé i gceist acu ceardlanna agus cruinnithe “ar réimse leathan ábhar agus téamaí” a reáchtáil idir seo agus deireadh na bliana. I measc na n-ábhar a bheas faoi chaibidil tá ‘an Ghaeilge mar theanga shóisialta sna scoileanna lán-Ghaeilge agus Gaeltachta’, ‘iontráil scoileanna’, ‘luath-thumoideachas’, ‘curaclam teanga na bunscoile’ agus ‘sonraíocht na Gaeilge ag an iarbhunleibhéal’.

I gCorcaigh a bheidh Tionól Forbartha na Scoileanna lán-Ghaeilge agus Gaeltachta á reáchtáil in 2021.

[/live]

[live id=”fe4702″ datetime=”2020-05-20T15:08:14+00:00″]

SIAMSÁN SA mBAILE: Siamsaíocht do na páistí sa mbaile! Gníomhaíocht a 47!

[/live]

[live id=”7f69dc” datetime=”2020-05-19T16:06:30+00:00″]

Ar scáth fearthainne a chéile! Treoracha chun masc aghaidhe a dhéanamh as seanscáth báistí…

Tá treoir curtha ar fáil ag an ealaíontóir Jeni Roddy, faoin tslí a bhféadfaí mascanna aghaidhe agus earraí úsáideacha eile a chruthú as seanscáthanna fearthainne.

“Réiteach” atá sa togra athchúrsála seo “ar chuid de na dúshláin” atá romhainn agus muid ag iarraidh cosaint a thabhairt dúinn féin agus do dhaoine eile sa phobal tráth seo na paindéime, a deir an t-ealaíontóir.

Bhí taispeántas Jeni Roddy, an Umbrella Orphanage, le bheith ar siúl i mí an Mhárta seo caite ar ceann d’imeachtaí faoin spéir a bhí le reáchtáil mar chuid d’fhéile Ghaillimh 2020 ach ar chuir Covid-19 as dó.

Tá athchóiriú á dhéanamh ag an ealaíontóir ar scáthanna fearthainne agus earraí á ndéanamh aici atá fóirsteanach mar chosaint in aghaidh scaipeadh an choróinvíris.

I measc na dtáirgí aici, tá scaif ghruaige agus mála siopadóireachta ar féidir iad a níocháin agus a úsáid arís.

Tá na treoracha le masc aghaidhe a dhéanamh agus earraí eile ar fáil ar an suíomh Hope it Rains – Soineann nó Doineann, atá cruthaithe ag Ríonach Ní Néill nó is féidir iad a íoslódáil anseo.

[/live]

[live id=”3127ba” datetime=”2020-05-19T16:01:21+00:00″]

SIAMSÁN SA mBAILE: Siamsaíocht do na páistí sa mbaile! Gníomhaíocht a 46!

[/live]

[live id=”13c0ed” datetime=”2020-05-18T16:56:26+00:00″]

Laochra Loch Lao ó Bhéal Feirste go Conamara do Chomórtas Peile na Gaeltachta!

Cé nach mbeidh Laochra Loch Lao i gConamara an mhí seo agus Comórtas Peile na Gaeltachta curtha ar ceal de bharr an choróinvíris, tá sé socraithe ag baill an chumainn an t-achar bóthair idir Béal Feirste agus Leitir Móir a rith ar son carthanachta.

Tabharfaidh an cumann lán-Ghaeilge faoin dúshlán reathaíochta seo idir an 29 Bealtaine agus an 1 Meitheamh, nuair a bhí an comórtas le bheith ann, agus iad ag iarraidh an fad 350km ó Spórtlann na hÉireann, Béal Feirste go Spórtlann Naomh Anna, Leitir Móir a rith.

D’imir Laochra Loch Lao i gComórtas Peile na Gaeltachta den chéad uair in 2007 agus cé gur ghlac siad páirt i ngach Comórtas ó shin, beidh orthu fanacht go dtí 2021 chun imirt ann arís agus cluichí na bliana seo curtha siar bliain de bharr na géarchéime sa tsláinte phoiblí. Is i Leitir Móir a bheidh Comórtas Peile na Gaeltachta 2021.

Is féidir síntiús a thabhairt d’fheachtas Laochra Loch Lao ar leathanach GoFundMe na hócáide agus rachaidh an t-airgead uile a bhaileofar i dtreo an Whiterock Children’s Centre, eagraíocht phobail in iarthair Bhéal Feirste.

[/live]

[live id=”ded01a” datetime=”2020-05-18T15:44:31+00:00″]

Moladh mór don Aire Sláinte as tvuít i nGaeilge a chur amach

Tá moladh mór faighte ag an Aire Sláinte Simon Harris as tvuít i nGaeilge a chuir sé amach do pháistí le Gaeilge atá sa bhaile le linn na paindéime.

Sorcha Ní Chéilleachair, ón eagraíocht Tuismitheoirí na Gaeltachta, a d’iarr ar Harris teachtaireacht i nGaeilge a chur amach do pháistí a labhraíonn Gaeilge sa bhaile.

Dúirt Harris go dtuigeann sé go bhfuil “go leor páistí” a labhraíonn Gaeilge sa bhaile agus gur mian leis teachtaireacht “speisialta” a sheoladh chucu.

Ar na daoine a mhol an t-aire as an tvuít Ghaeilge, bhí an scríbhneoir Tadhg Mac Dhonnagáin, agus na heagraíochtaí ‘Gaelainn Uíbh Ráthaigh’ agus TG4.

Dúirt Simon Harris go mbeadh físeán á chur amach aige inniu ina bhfreagróidh sé ceisteanna a bhí ag páistí faoi ghéarchéim an choróinvíris.

D’iarr tuismitheoir amháin ar an Aire a chinntiú go labhródh sé Gaeilge san fhíseán.

Tá cáineadh géar déanta ar an rialtas toisc fíorbheagán den ábhar faoin ghéarchéim sa tsláinte phoiblí atá á chur amach acu ar fáil i nGaeilge.

Mar a tuairiscíodh ar an suíomh seo ar dtús, is i mBéarla amháin nach mór atá na fógraí sláinte phoiblí, an chomhairle is déanaí maidir leis an ghalar, na preasráitis, na feasacháin laethúla agus grafaicí atá foilsithe ag an Rialtas i dtaobh an ghalair mharfaigh.

[/live]

Fág freagra ar 'AR SCÁTH A CHÉILE: Cúpla lá fágtha ag daoine óga le cur isteach ar chomórtas chun clár teilifíse a dhéanamh do TG4'