AR SCÁTH A CHÉILE: Imreoirí peile Ghaeltacht Chonamara ag bailiú airgid do chailín óg a bhfuil galar neamhchoitianta uirthi

Ar Scáth A Chéile – Colún nua do phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta le heolas, nuacht agus tuairimíocht faoin saol aimsir ghéarchéim an choróinvíris. Seolaigí bhur scéalta chuig nuacht@tuairisc.ie…

[live id=”51c409″ datetime=”2020-05-15T16:46:05+00:00″]

Imreoirí peile Ghaeltacht Chonamara ag bailiú airgid do chailín óg a bhfuil galar neamhchoitianta uirthi

Tá cumainn pheile agus sacair Chonamara agus Oileáin Árann tagtha le chéile chun airgead a bhailiú do chailín óg a bhfuil galar neamhchoitianta uirthi.

Bunaíodh an feachtas Le Chéile do Molli chun tacaíocht a thabhairt do Mholli Ní Mháille de Búrca, cailín bliain go leith d’aois as Ros Muc a bhfuil seargadh matánach dromlaigh uirthi.

Tá os cionn €70,000 bailithe ag an bhfeachtas go dtí seo agus súil anois suas le €150,000 a thiomsú don trealamh atá ag teastáil uaithi agus chun teach nua a réiteach do Mholli agus dá teaghlach.

Tá ócáidí éagsúla eagraithe ag cumainn spórt ar fud Chonamara chun airgead a bhailiú.

Tá cumann peile na Ceathrún Rua agus an cumann sacair áitiúil, Mac Dara, tagtha le chéile chun an 504km ón gCeathrú Rua go dtí Ospidéal Shráid Temple i mBaile Átha Cliath agus ar ais a rith gan stopadh.

Rás sealaíochta timpeall ar Pháirc an Chathánaigh atá i gceist agus súil acu go ndéanfaidh gach reathaí idir 5km agus 6km a rith. Ag tosú ag 6.30i.n ar an 29ú Bealtaine, leanfar ar aghaidh gan stad leis an dúshlán ar feadh 48 uair an chloig.

Tá siúlóid/rith eagraithe ag Cumann Peile Naomh Anna chomh maith, Ón Túr go Tuairín. Tá spreagadh tugtha do gach duine 5km nó 10km a shiúl nó a rith ar an 23 Bealtaine agus sprioc acu 1000km a thaisteal san iomlán.

Tá beagnach €13,000 bailithe ag CLG Micheál Breathnach agus ag cumann sacair Chois Fharraige as ócáid den chineál céanna, Bogadh na mBailte a eagrú an deireadh seachtaine seo caite.

Mín síodúil a bheidh craiceann pheileadóirí Oileáin Árann agus iad á gciaradh mar chuid den ócáid bailithe airgid atá ar bun ag an gcumann sin.

[/live]

[live id=”b727cc” datetime=”2020-05-15T16:12:05+00:00″]

An-tóir ar líne ar chleasbhuille imreora de chuid Na Gaeil Óga

Is léir nach bhfuil druileanna laethúla Chiaráin Kilkenny sách casta d’iománaí amháin agus éacht innealtóireachta déanta aige chun a scileanna a thaispeáint.

Ball de Na Gaeil Óga é Conán Glass agus tá an-tóir ar líne ar fhíseán atá déanta aige le cúpla lá anuas.

Tá cleasbhuille den scoth buailte ag Glass le cabhair gléas casta a rinne sé ina ghairdín cúil.

[live id=”654c59″ datetime=”2020-05-15T16:12:05+00:00″]

[live id=”81e85e” datetime=”2020-05-15T15:27:05+00:00″]

‘We could hardly believe our eyes!’ – léacht ag Breandán Ó hEithir faoi Mháirtín Ó Cadhain curtha ar fáil arís

Léacht ag Breandán Ó hEithir faoi Mháirtín Ó Cadhain atá san eagrán is déanaí den phodchraoladh Davis Now Lectures.

Tógadh an léacht ón tsraith The Pleasures of Gaelic Literature, léachtaí sna Thomas Davis Lectures a craoladh i 1975-1976. Sa tsraith sin, roghnaigh scríbhneoirí éagsúla na scríbhneoirí Gaeilge is mó a rabhadar faoi gheasa acu. An Cadhnach agus Cré na Cille a roghnaigh Breandán Ó hEithir. Tá Liam Mac Con Iomaire le cloisteáil chomh maith sa phodchraoladh agus sleachta as mórshaothar an Chadhnaigh á léamh aige.

Déanann Ó hEithir cur síos ar an ngeit a bhain cuid den ábhar is tíriúla i Cré na Cille as daoine nuair a foilsíodh ar dtús é – ‘we could hardly believe our eyes!’ – agus labhraíonn sé faoina fheabhas is atá ‘this whirlwind of a book’ mar shaothar litríochta. Molann sé do gach scríbhneoir Gaeilge cóip de a bheith in aice láimhe agus iad i mbun oibre. Deir Ó hEithir gur nós leis féin Cré na Cille a léamh ó thús deireadh uair sa bhliain agus go mbíodh sé ag póirseáil ann i gcónaí.

‘It improves with age,’ ar sé.

Is féidir éisteacht leis an eagrán is déanaí de Davis Now Lectures, a bhíonn á léiriú ag Cliodhna Ní Anluain, anseo.

[/live]

[live id=”011c3a” datetime=”2020-05-15T15:24:50+00:00″]

SIAMSÁN SA mBAILE: Siamsaíocht do na páistí sa mbaile! Gníomhaíocht a 44!

[/live]

[live id=”b7ab11″ datetime=”2020-05-14T18:20:24+00:00″]

Clár nua Gaeilge faoi phobal Gaeilge Bhóthar Seoighe le craoladh ar an BBC

Cuirfear tús le sraith faisnéise nua faoi phobal Gaeilge Bhóthar Seoighe ar BBC 2 Dé Luain, 18 Bealtaine.

Léiriú de chuid an chomhlachta Clean Slate TV atá lonnaithe i mBéal Feirste é The Irish Houses – Scéal Phobal Bhóthar Seoighe, a chuireann síos ar na hiarrachtaí a rinneadh ó thús na seascaidí pobal Gaeilge a thógáil in iarthar Bhéal Feirste.

Tugtar léargas sa chéad chlár ar na deacrachtaí a bhí le sárú ag na díograiseoirí teanga sraith tithe a thógáil in aice lena chéile agus ar an chontúirt a bhain lena leithéid d’fhiontar tráth a raibh an choimhlint ag treisiú sa chathair.

I 1971, a bhunaigh muintir Bhóthar Seoighe an chéad Ghaelscoil sa Tuaisceart, Bunscoil Phobal Feirste, a maireann go dtí an lá inniu.

Breathnaítear sa tsraith dhá chuid ar an tionchar a bhí ag an phobal seo ar fhás agus ar fhorbairt na Gaeilge i gCúige Uladh le 50 bliain anuas. Beidh roinnt de na chéad teaghlaigh a chuir fúthu i nGaeltacht Bhóthar Seoighe páirteach sa tsraith, ina measc muintir Ua Bruadair agus muintir Mhic Seáin.

Craolfar an chéad chlár sa tsraith Dé Luain seo chugainn, 18 Bealtaine, ag a 10pm agus an dara cuid Dé Luain, 25 Bealtaine, ag an am céanna.

[/live]

[live id=”5b4bc4″ datetime=”2020-05-14T15:42:50+00:00″]

Peadar Ó Riada agus Máire Ní Choilm i measc na gceoltóirí i sraith nua Gael Linn

Tá sraith físeán á craoladh beo ag Gael Linn gach Déardaoin ag a 6pm ar leathanach Facebook na heagraíochta.

‘Teach le Chéile’ an t-ainm atá ar an tsraith ina mbeidh ceoltóirí agus amhránaithe i mbun ceoil agus cainte agus iad sa bhaile ina dteach féin.

Craoladh an chéad seisiún beo sa tsraith nua ó theach an cheoltóra aitheanta Peadar Ó Riada i gCúil Aodha agus bhí meascán port, idir nua agus sean, á seinm aige ar an chonsairtín.

Is í buaiteoir Chorn Uí Riada 2019, Máire Ní Choilm a bheas le feiceáil i gclár na seachtaine seo, a chraolfar tráthnóna inniu Déardaoin, ag a 6pm.

Amhránaí ar an sean-nós mór le rá is ea Máire, as Mín an Iolair, na Doirí Beaga.

[/live]

[live id=”46799c” datetime=”2020-05-12T16:40:15+00:00″]

FÍSÉAN: Léargas ar do chomhghleacaithe oibre aisteacha ar Zoom ó TG4

Tá Tanya Tada Déanta, Barry Bródúil, Sudocreme Sally agus daoine aisteacha eile le feiceáil i sceitse grinn atá curtha amach ag TG4 faoi na dúshláin a bhaineann le bheith ag obair ón mbaile in aimsir an choróinvíris.

Agus an-úsáid á baint as an ardán Zoom chun dul i dteagmháil le comhghleacaithe, déanann Caitlín Nic Aoidh agus Micheál Ó Ciaraidh ábhar grinn den scéal agus carachtair aite cruthaithe acu dá sceitse nua.

[/live]

[live id=”601332″ datetime=”2020-05-11T14:15:49+00:00″]

Buaiteoirí chomórtas grianghrafadóireachta Cheantar na nOileán fógartha

Neil Arnold, Bád i mBéal an Daingin

Tá saibhreas agus áilleacht Cheantar na nOileán i gConamara le feiceáil i gcomórtas grianghrafadóireachta áitiúil.

Oifig Pleanála Teanga Cheantar na nOileán a d’eagraigh an comórtas grianghrafadóireachta an agus bronnadh dearbháin do ghnólachtaí áitiúla ar na buaiteoirí.

Cóilín Faherty, Tonnta

Sa chéad áit, roghnaíodh pictiúr Neil Arnold de bhád ag dul chun farraige i mBéal an Daingin. Sa dara háit, bhí grianghraf Chóilín Faherty de na tonnta ag briseadh cois cladaigh agus roghnaíodh pictiúr Lorraine Uí Loideáin de Dhroichead Charraig an Logáin agus de Shéipéal Leitir Móir sa tríú háit.

Buaiteoirí

1. Neil Arnold, Bád i mBéal an Daingin

2. Cóilín Faherty, Tonnta

3. Lorraine Uí Loideáin, Droichead na Tráchta agus Séipéal Leitir Móir.

Lorraine Uí Loideáin, Droichead na Tráchta agus Séipéal Leitir Móir

[/live]

[live id=”9709c2″ datetime=”2020-05-11T14:02:52+00:00″]

Comórtas nua le fáil amach cé hiad an pobal Gaeltachta is aclaí sa tír

Tá comórtas nua á reáchtáil an mhí seo le fáil amach cé hiad an pobal Gaeltachta is aclaí sa tír.

Cuireadh tús inniu le Comórtas Reatha na Gaeltachta atá eagraithe ag na hOifigigh Pleanála Teanga agus iad ag iarraidh píosa spraoi a chur ar fáil do mhuintir na Gaeltachta le linn na paindéime.

Mar chuid den chomórtas táthar ag iarraidh ar dhaoine fásta dul amach ag rith nó ag siúl taobh istigh de 5km den bhaile, ar a laghad faoi dhó sa tseachtain, le cur le ‘míleáiste’ iomlán a gceantair.

“Tá i bhfad níos mó daoine ag dul amach ag siúl nó ag rith na laethanta seo agus leis an dúshlán seo tá súil againn go ndéanfaidh siad níos mó fós le tacú lena gceantair féin,” a deir Majella Ní Chríocháin, Oifigeach Pleanála Teanga na Ceathrún Rua.

“Píosa spóirt agus spraoi a bheidh ann ach é sin ráite, tá barúil againn go mbeidh iomaíocht ghéar ann idir na pobail Ghaeltachta! Is thart ar an am seo den bhliain a bhíodh daoine ag réiteach i gcomhair Chomórtas Peile na Gaeltachta agus tabharfaidh Comórtas Reatha na Gaeltachta dúshlán eile dóibh, dúshlán inar féidir le gach duine fásta páirt a ghlacadh ann!”

Is iad na hOifigigh Pleanála Teanga a bheidh ag coinneáil cuntais ar mhíleáiste a bpobal féin. Lena chinntiú nach mbeidh pobal ina bhfuil an daonra íseal faoi mhíbhuntáiste, roinnfear iomlán mhíleáiste an phobail ar líon na ndaoine sa bpobal sin atá ag glacadh páirt sa chomórtas.

Tá tús curtha leis an gcomórtas inniu, Dé Lauin an 11 Bealtaine, agus leanfaidh sé ar aghaidh ar feadh ceithre seachtaine.

Fógrófar na torthaí uair sa tseachtain agus bronnfar corn, atá urraithe ag Raidió na Gaeltachta, agus €200 ar an bpobal is aclaí. Fógrófar na buaiteoirí ar an 9 Meitheamh.

Le páirt a ghlacadh sa chomórtas, déan teagmháil leis an Oifigeach Pleanála Teanga i do cheantar féin.

[/live]

[live id=”d5692f” datetime=”2020-05-11T13:42:50+00:00″]

SIAMSÁN SA mBAILE: Siamsaíocht do na páistí sa mbaile! Gníomhaíocht a 40!

[/live]

[live id=”4a05f5″ datetime=”2020-05-11T13:42:50+00:00″]

Tuilleadh

[/live]

Fág freagra ar 'AR SCÁTH A CHÉILE: Imreoirí peile Ghaeltacht Chonamara ag bailiú airgid do chailín óg a bhfuil galar neamhchoitianta uirthi'