AR SCÁTH A CHÉILE: Fadó fadó in Éirinn rinne Aindí an Ardteist…

Ar Scáth A Chéile – Colún nua do phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta le heolas, nuacht agus tuairimíocht faoin saol aimsir ghéarchéim an choróinvíris. Seolaigí bhur scéalta chuig nuacht@tuairisc.ie…

[live id=”fb7d04″ datetime=”2020-05-08T14:45:13+00:00″]

Fadó fadó in Éirinn rinne Aindí an Ardteist…

N’fheadar cén marc a bheadh ag dul d’Aindí na hArdteiste dá mba i mbliana a bhí sé ag gabháil do na scrúduithe…

[/live]

[live id=”ea485f” datetime=”2020-05-08T13:28:25+00:00″]

Beirt altraí atá ag tógáil a bpáistí le Gaeilge i mbun feachtas póstaer Gaeilge

Tá beirt altraí atá ag tógáil a bpáistí le Gaeilge i mbun feachtas póstaer chun an Ghaeilge a chur chun cinn agus tacú le hoibrithe sláinte.

Tá roinnt póstaer Gaeilge crochta i spásanna poiblí, boscaí leictreachais agus eile, ar shráideanna i mBaile Átha Cliath ag Clann Uí Fhlannagáin.

I measc na dteachtaireachtaí spreagúla atá scríofa ar na póstaeir, tá ‘Cúram do na Cúramóirí’, ‘Fan sa Bhaile’, ‘Bíodh Misneach Againn’ agus ‘Níos Láidre le Chéile – Ná Géill’.

Ag labhairt dó le Tuairisc, dúirt John Ó Flannagáin, atá ag obair mar altra i bpríosún i mBaile Átha Cliath, go raibh sé ag súil go gcuirfeadh na póstaeir an Ghaeilge chun cinn i measc “aos óg an cheantair” agus go léireoidís tacaíocht d’oibrithe atá ag obair ar an “líne thosaigh”.

“Tá an bheirt againn ag obair mar altraí, mise sa phríosún agus mo leathbhádóir, Deirdre, ag obair mar bean chabhrach i mBaile Átha Cliath,” a dúirt sé. 

Dúirt Ó Flannagáin go dtarraingíonn na póstaeir Ghaeilge “aird ar an ngéarchéim” agus go mbíonn “píosa craic” ag an teaghlach freisin.

Tá mac agus iníon Dheirdre agus John Ó Flannagáin, Rossa, atá ceithre bliana d’aois agus Aodhla, atá dhá bhliain d’aois, ag cuidiú lena dtuismitheoirí leis an fheachtas.

[/live]

[live id=”0a56e5″ datetime=”2020-05-08T13:28:25+00:00″]

SIAMSÁN SA mBAILE: Siamsaíocht do na páistí sa mbaile! Gníomhaíocht a 39!

[/live]

[live id=”971fe8″ datetime=”2020-05-07T16:46:57+00:00″]

Beirt aisteoirí le Gaeilge á lorg ag comhlacht léiriúcháin i mBéal Feirste

Tá beirt aisteoirí a bhfuil Gaeilge acu á lorg ag comhlacht léiriúcháin i mBéal Feirste le sraith físeán a thaifeadadh do mhórchlár oideachais an BBC, Bitesize Daily.

Beidh cúig fhíseán trí bhomaite ar fad á gcur ar fáil i nGaeilge ag an gcomhlacht léiriúcháin Double Jump Studios atá lonnaithe i ndeisceart Bhéal Feirste mar ábhar oideachais don chlár.

Is i mBéarla atá formhór mór na míreanna ar an gclár Bitesize Daily, a bhfuil ceachtanna, físeáin agus podchraoltaí nua ar fáil ann gach lá na seachtaine, ach tá roinnt ábhar oideachais ar fáil air i nGaeilge na hAlban agus i mBreatnais chomh maith.

Tá beirt aisteoirí, fear agus bean, a bhfuil cuma 16 bliain go 21 bliain d’aois orthu agus “Gaeilge (canúint Uladh más féidir)” ar a dtoil acu á lorg don léiriúchán.

Bean óg Ghaeltachta í duine de na carachtair sa léiriú a thugann faoi deara go bhfuil Patrick, cara léi as an gcathair atá ag foghlaim na Gaeilge, ag streachailt le cúrsaí gramadaí.

Táthar ag glacadh le hiarratais go dtí an 8 Bealtaine agus beidh tús á chur leis an scannánaíocht i lár na míosa seo.

Cuirigí CV agus pictiúr chuig thomasryan@doublejumpstudios.com.

[/live]

 

[live id=”759110″ datetime=”2020-05-07T13:49:02+00:00″]

SIAMSÁN SA mBAILE: Siamsaíocht do na páistí sa mbaile! Gníomhaíocht a 38!

[/live]

[live id=”990e09″ datetime=”2020-05-06T14:32:02+00:00″]

Físeán – Slán fágtha leis an gclutharú ar chúl an tí agus lá na fuascailte tagtha!

Sa ghairdín ar chúl an tí a bhíodh an craoltóir Pat Butler ag tógáil a shláinte le cúig seachtaine anuas agus ní nach ionadh bhí tine ar a chraiceann nuair a tháinig athrú inné ar na treoracha maidir leis an gclutharú…

[/live]

[live id=”eab4f4″ datetime=”2020-05-06T13:31:33+00:00″]

Scread Mhaidne, le Joe Steve Ó Neachtainar fáil mar ríomhleabhar an tseachtain seo

Tá úrscéal le Joe Steve Ó Neachtain, an scríbhneoir aitheanta Gaeltachta a bhásaigh i mbliana, curtha ar fáil ag Cló Iar-Chonnacht go digiteach an tseachtain seo óna siopa ar líne.

Is é Scread Mhaidne, an tríú leabhar atá curtha ar fáil ag an teach foilsitheoireachta Gaeilge mar ríomhleabhar chun tacú le leitheoirí na Gaeilge le linn ghéarchéim an choróinvíris.

Tá lascaine suas le 50% ar ríomhleabhair eile atá ar fáil ar shuíomh Chló Iar-Chonnacht faoi láthair chomh maith.

I measc na ríomhleabhar Gaeilge atá curtha ag fáil ag Cló Iar-Chonnacht go dtí seo, tá Cré na Cille, mórshaothar Mháirtín Uí Chadhain agus Cuimhní Cinn Cháit Ní Mhainnín, beathaisnéis bhean Ros Muc.

Cuirtear na leabhair ar fáil do léitheoirí Kindle, an iPad agus gléasanna eile.

[/live]

[live id=”b4d17e” datetime=”2020-05-06T13:11:01+00:00″]

Is fada liom go mbeidh bearradh gruaige ar fáil arís!

Is cinnte go mbeidh an capaillín Chonamara seo as Cois Fharraige ag barr na scuaine nuair a bheidh bearradh gruaige ar fáil arís.

[/live]

[live id=”726665″ datetime=”2020-05-05T15:14:41+00:00″]

[live id=”c7c04d” datetime=”2020-05-06T14:57:42+00:00″]

SIAMSÁN SA mBAILE: Siamsaíocht do na páistí sa mbaile! Gníomhaíocht a 37!

[/live]

Gearrscannáin Ghaeilge á dtaispeáint athuair ag RTÉ mar chuid de shraith nua

Tá sraith gearscannán Gaeilge á taispeáint ag RTÉ i gcomhar le Fís Éireann. Tá na scannáin á gcur amach ar Youtube agus ar shuíomh RTÉ.

Dhá gearrscannáin atá curtha amach acu go dtí seo. In Asal, seasann iascaire óg an fód agus é ag iarraidh asal a thabhairt slán. Bhuaigh an gearrscannán a stiúir Tom Sullivan agus a taifeadadh i gConamara duais ag Fleadh Scannán na Gaillimhe in 2011.

Is é El Toro le Tomás Seoighe an saothar eile atá ar fáil. Insíonn an scannán scéal buachaill óg atá ag iarraidh meas na ndaoine timpeall air a thuilleamh ar bhealach ar leith.

[/live]

[live id=”c4123b” datetime=”2020-05-05T15:08:23+00:00″]

Gradam Joe Steve bunaithe chun spreagadh a thabhairt do lucht drámaíochta na Gaeilge

Tá Gradam Joe Steve bunaithe ag Fíbín agus comórtas drámaíochta nua tosaithe acu.

Tá lucht an chomhlacht drámaíochta as Cois Fharraige i nGaeltacht Chonamara ag súil go dtabharfaidh an comórtas nua, atá ainmnithe i ndiaidh Joe Steve Uí Neachtain, an scríbhneoir agus aisteoir a bhásaigh mí Eanáir na bliana seo, spreagadh do lucht drámaíochta tráth na géarchéime.

RTÉ Raidió na Gaeltachta, Údarás na Gaeltachta agus An Taibhdhearc atá ag déanamh urraíochta ar Ghradam Joe Steve. 

Déanfaidh Fíbín na drámaí a n-éiríonn leo sa chomórtas a léiriú ar stáitse na Taibhdheirce, ag cloí le treoracha sláinte agus sábháilteachta an HSE, agus craolfar ansin iad ar RTÉ Raidió na Gaeltachta. 

Gearrdhrámaí Gaeilge comhaimseartha bunaithe ar scéalta miotais nó stairiúla na hÉireann atá á lorg don chomórtas seo.

Drámaí 10 nóiméad do bheirt nó triúr ar a mhéid atá á lorg. 

Chun iarratas a dhéanamh ar an gcomórtas ní mór achoimre 500 focal ar an dráma a chur chuig eolas@fibin.com faoin Aoine an 22 Bealtaine. 

Beidh €500 mar phríomhdhuais don chomórtas, agus bronnfar dhá dhuais €200 freisin. 

Dúirt Philip Doherty, Stiúrthóir Ealaíne Fíbín Teo:

“Tá an scéal agus an teanga ag croílár gach dráma a chruthaíonn agus a léiríonn Fíbín.  In onóir do dhuine de dhrámadóirí Gaeilge ár linne, Joe Steve Ó Neachtain, tá súil ag Fíbín glúin nua scríbhneoirí a bhfuil rud éicint le rá acu faoin domhan ina bhfuil cónaí orainn sa lá inniu a aimsiú, agus leas á bhaint acu as foirm ealaíne atá thar a bheith samhlaíoch, an dráma raidió.”

Tá treoracha agus rialacha an chomórtais le fáil ag www.fibin.com agus www.rte.ie/rnag 

Idir an dá linn, tá leagan  ríomhleabhair d’ úrscéal de chuid Joe Steve Uí Neachtain, Scread Mhaidine, curtha ar fáil saor in aisce ag Cló Iar-Chonnacht.

[/live]

[live id=”06484f” datetime=”2020-05-05T15:08:23+00:00″]

SIAMSÁN SA mBAILE: Siamsaíocht do na páistí sa mbaile! Gníomhaíocht a 36!

[/live]

[live id=”3e0883″ datetime=”2020-05-05T15:08:23+00:00″]

Tuilleadh

[/live]

Fág freagra ar 'AR SCÁTH A CHÉILE: Fadó fadó in Éirinn rinne Aindí an Ardteist…'