‘Is féidir le daoine dul ar scoil nó ag obair’ – an chomhairle ‘is déanaí’ ón Rialtas i nGaeilge faoi Covid-19

Tá sé curtha i leith an Rialtais gur ‘masla’ do phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta a laghad eolais atá ar fáil i nGaeilge faoin ngéarchéim Covid-19

‘Is féidir le daoine dul ar scoil nó ag obair’ – an chomhairle ‘is déanaí’ ón Rialtas i nGaeilge faoi Covid-19

De réir na comhairle is déanaí i nGaeilge atá á cur ag an rialtas ar an phobal maidir le Covid-19 “is féidir go leanfaidh an chuid is mó de dhaoine ar aghaidh ag dul ar obair, ar scoil nó chuig áiteanna poiblí eile mar is gnách”.

‘Lean ar aghaidh le do ghnáthamh laethúil’ an chomhairle sláinte poiblí is déanaí  i nGaeilge ar an suíomh gov.ie do dhaoine a thagann thar tír isteach agus nach bhfuil aon siomptóim den choróinvíreas orthu.

Ar ndóigh tá na scoileanna agus áiteanna oibre dúnta agus ordú ‘fan ag baile’ curtha i bhfeidhm ó foilsíodh an chomhairle is déanaí ón Rialtas i nGaeilge.

Dé réir scagadh atá déanta ag Tuairisc.ie, níl ach fíorbheagán den ábhar faoin ghéarchéim sa tsláinte phoiblí atá á chur amach ag an Roinn Sláinte agus an Rialtas ar fáil i nGaeilge.

I mBéarla amháin nach mór atá na fógraí sláinte phoiblí, an chomhairle is déanaí maidir leis an ghalar, na preasráitis, na feasacháin laethúla agus na póstaeir agus grafaicí atá á bhfoilsiú ag an Rialtas i dtaobh an ghalair mharfaigh.

Is i mBéarla amháin chomh maith a scaipeadh an bhileog eolais faoin choróinvíreas a seoladh chuig gach duine sa stát, cé go bhfuil leagan Gaeilge di sin curtha ar fáil ar líne.

Dúirt an t-iar-aire Gaeltachta agus Teachta Dála de chuid Fhianna Fáil, Éamon Ó Cuív, le Tuairisc.ie go bhfuil “easpa measa” á léiriú ar phobal na Gaeltachta agus na Gaeilge ag an Rialtas agus ag na húdaráis Sláinte. 

“Léiríonn sé easpa measa ar phobal na Gaeltachta agus ar phobal na Gaeilge ar fud na tíre nach bhfuil gach eolas á chur amach ag an stát faoin ngéarchéim seo i mBéarla agus i nGaeilge,” arsa Ó Cuív.

Dúirt an t-iar-aire Gaeltachta go raibh gearán déanta aige leis an Choimisinéir Teanga maidir le bileog eolais faoin choróinvíreas a seoladh chuig gach duine sa tír i mBéarla amháin.

“Tá sé in aghaidh an dlí aon cháipéis stáit a sheoladh i mBéarla amháin chuig chuile theach sa tír mar a rinneadh leis an gcáipéis sin,” a dúirt an Teachta Dála Éamon Ó Cuív.

Dúirt an Coimisinéir Teanga Rónán Ó Domhnaill le Tuairisc.ie go scrúdófar aon ghearán a fhaightear faoi ábhar Gaeilge a bhaineann leis an ngéarchéim ar an mbealach céanna a ndéantar scrúdú ar aon ghearán eile a fhaigheann a oifig.

Ag labhairt dó le Tuairisc.ie, dúirt Ard- Rúnaí Chonradh na Gaeilge, Julian de Spáinn, gur chóir go mbeadh eolas “tábhachtach agus riachtanach” ón rialtas á chur ar fáil don phobal uile i dteangacha oifigiúla an stáit.

“Ní hé nach bhfuil na hacmhainní ag an stát cheana féin le cinntiú go bhfuil gach rud aistrithe. Tá siad acu. Is ceist cur chuige atá ann,” a dúirt Julian de Spáinn.

Idir an dá linn, má theastaíonn uait ‘an t-eolas is deireanaí ar Covid-19’ a fháil ar shuíomh Gov.ie, beidh tú ag brath ar fheasacháin an 29 Márta.

Ina theannta sin, is i mBéarla amháin a cuireadh eolas ar fáil maidir leis na ‘Coinníollacha Sláinte Phoiblí’ atá i bhfeidhm go dtí an 5 Bealtaine.

Níl aon eolas curtha ar fáil i nGaeilge i dtaobh na mbearta is déanaí ar fáil i nGaeilge faoi chúrsaí leasa shóisialaigh ná an liúntas tacaíochta ioncaim do dhaoine a chaill a bpost mar gheall ar an choróinvíreas.

Is i mBéarla amháin a fógraíodh ar an suíomh gov.ie bearta tacaíochta na Roinne Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta d’ealaíontóirí agus dreamanna atá ag plé le cúrsaí cultúir agus is i mBéarla amháin atá fáil ar eolas ‘tras-rialtais’ faoi chúrsaí Covid-19. 

Faoin mhír ‘Treoir eolais laethúil an Rialtais’, faightear leagan Gaeilge de ráiteas amháin, ón Aire Oideachais Joe McHugh, ach is i mBéarla atá na cinn eile ar fad, ceann na Roinne Cultúir san áireamh.

Níl aon ghrafaicí ar fáil i nGaeilge maidir leis an scoitheadh fisiciúil.

Ceithre phóstaer eolais i mBéarla atá ar fáil ar shuíomh an rialtais maidir leis an  choróinvíreas. Dhá phóstaer atá ar fáil san Iodáilis, sa Pholainnis, sa Laitvis, sa Fhraincis, sa Liotuáinis agus sa Phortaingéilis. Póstaer amháin atá ar fáil i nGaeilge maidir le Covid-19.

Tá ráitis iarrtha ag Tuairisc.ie ar Roinn an Taoisigh agus ar an Roinn Sláinte faoin cheist seo.

Deir Comhairle na hEorpa go bhfuil sé “ríthábhachtach” do shláinte cainteoirí mionteangacha go gcuirfí eolas faoin bpaindéim ar fáil dóibh ina dteangacha féin.

D’iarr an Coiste Saineolaithe ar an Chairt Eorpach um Theangacha Réigiúnacha nó Mionlaigh ar na ballstáit ceisteanna a bhaineann le teangacha a chur san áireamh nuair a bheidh aon treoracha ná polasaithe breise á n-ullmhú acu le dul i ngleic leis an ngéarchéim sláinte seo.

Fág freagra ar '‘Is féidir le daoine dul ar scoil nó ag obair’ – an chomhairle ‘is déanaí’ ón Rialtas i nGaeilge faoi Covid-19'

  • Gabriel Rosenstock

    Víreas atá sa Bhéarla.

  • Áine

    Polasaí leanúnach an stáit ó bunaíodh í… níl sé de rogha agat in Éirinn ach Béarla a bheith agat chun maireachtáil sa tír agus cloí le cúrsaí riaracháin na tíre… masla leanúnach agus géarleanúint fiú ach cuirfear i do leith in aimsir na géarchéime go bhfuil rudaí níos tábhachtaí ná an Ghaeilge agus nach bhfuil ann ach Údar gearáin eile ag lucht na Gaeilge…. ar fhiosraigh Pleanálaithe Teanga na tíre an cás seo….ar spéis leo í nó an bhfuil an córas riaracháin ag súil go ndéanfaidh an pleanálaí teanga áitiúil gach ba chóir don rialtas láir a dhéanamh gan cheist….. seo sa mullach ar rialtas nua tá sna salla againn nach fiú dhóibh tagairt don Ghaeilge/Ghaeltacht fhéin…. níor léigh mé an leagan Béarla den fhainic a bhí an rialtas a chur orainn nuair a seoladh leagan Béarla amháin chuig mo theach cónaithe sa nGaieltacht….. iad ag brú Béarla síos ár muiníl… nuair a lorgaíonn mo chlann a bhfuil muid ag déanamh ár ndícheall leo iad a thógáil le Gaeilge eolas faoin víreas mallaithe nua – ní thagann an rialtas aon rogha dhóibh ach a dhul i muinín an teanga riaracháin…. ach ansin dhéanann an rialtas agus gach rialtas ó bunaíodh an Stáit iontas cén fáth nach bhfuil sé de rogha ag tuismitheoirí sa nGaeltacht ach a chinntiú Béarla a labhairt lena gclann – an seanscéal céanna arís agus meirg air.. ‘sén peaca nach seasfadh muid uileag le chéile faoi…

  • Pól Ó Braoin

    Béarla éigeantach an státchórais agus é ag breathnú gur mar sin a bheas cúrsaí go ceann cúig bliana fada eile faoin dream sin atá ag iarraidh in athuair forlámhas a fháil ar ár saol.

  • John Prendergast

    Chuirfeadh an Stát Gallda seo le gealaigh aon duine beo.

  • Bríd

    Cur i gcéill an Stáit Chórais i leith na Gaeilge…Polasaí Oid. Gaeltachta; ní ann dó fiú! Dreamanna lasmuigh de na Gaeltachtaí ag ceapadh go stiúrann siad saol mhuintir na Gaeltachta i leith tithíocht/teanga/seirbhísí….Cén t-iontas go bhfuil géarchéim teanga againn? Cur i gcéill agus cur amú airgid ar eagrais nach dtuigeann riachtanais mhuintir na Gaeltachta….cur i gcéill ón mbarr anuas.