An tuath á bánú de bharr polasaí pleanála na tíre

In aghaidh ‘pleanáil agus pobail tuaithe’ atá an polasaí pleanála a deir an Teachta Dála Ó Cuív agus dianrialacha faoi áit chónaithe na n-iarrthóirí á gcur i bhfeidhm   

An tuath á bánú de bharr polasaí pleanála na tíre

Ba scanrúil an t-eolas a chuir an Teachta Dála Éamon Ó Cuiv ar fáil do Chóilín Ó Neachtain as Raidió na Gaeltachta nuair a cheistigh sé é an lá faoi dheireadh faoina bhfuil i ndán do cheantair thuaithe na hÉireann.

Duine dúr nach dtuigfeadh faoi seo gurb é an polasaí oifigiúil atá ann muintir na tuaithe a thiomáint isteach go dtí na cathracha. Mar a dúirt Ó Cuív, “tá an treo ar fad in aghaidh pleanáil agus pobail tuaithe”. Tá an polasaí seo ag luí go trom ar an nGaeltacht chomh maith le chuile cheantar eile tuaithe ar ndóigh.

Thug an Teachta Ó Cuív samplaí den chaoi a n-oibríonn an polasaí.

Is cosúil go bhfuil sé tagtha sa déanamh anois dá mbeadh duine as Carna ag taisteal go laethúil go Gaillimh i gcomhair oibre gur fánach an seans a bheadh ag an té sin cead a fháil teach a dhéanamh i gCarna. Dá bhfaighfí an cead pleanála sa deireadh féin is mór an treampán a bheadh curtha ar an iarrthóir lena fháil.

Chuirfí ceisteanna faoi chomh gar is a bheadh an suíomh do cheantar caomhnaithe. Chaithfí a chruthú nach mbeadh aon bhaol ann go dtiocfadh tuile ar an suíomh. Chiallódh sé sin suirbhéireacht hidreolaíoch, rud nach bhfaightear gan costas trom.

Mar bharr ar an mí-ádh, dúirt Ó Cuív go bhfuil lán na laidhre d’airgead á ghearradh anois ar cheangal leis an gcóras poiblí uisce, 40,000 euro ar dhá chéad méadar, a dúirt sé.

Tá imní an domhain mhóir ar an Athair Brian D’Arcy freisin faoina bhfuil i ndán do na ceantair thuaithe. As ceantar tuaithe é féin. In alt leis a foilsíodh i nuachtán náisiúnta an lá faoi dheireadh dúirt sé go bhfuil an chreatlach shóisialta ag titim as a chéile go tréan faoin tuath agus nach bhfuil aon chóras feilteach á chur ina háit.

Tá na billiúin euro caite ag feabhsú an tsaoil sna bailte móra, a dúirt sé. Dá gcaithfí céatadán féin den mheall airgid sin faoin tuath d’fhéadfadh na mílte daoine cur fúthu ina gceantar dúchais agus ní bheadh na cathracha chomh plódaithe is atá siad.

Thagair an tAthair D’Arcy don tábhacht atá leis an leathanbhanda agus do sheirbhísí eile atá riachtanach. B’fhéidir go raibh beagáinín maoithneachais sa gcur síos a rinne sé ar an gcineál saoil a bhí faoin tuath fadó mar sin féin.

Chuirtí bia folláin ar fáil an uair sin ar fheirmeacha teaghlaigh agus bhí pobal rathúil líonmhar timpeall orthu, a dúirt sé. Bhí sin amhlaidh ach ní Parthas ar talamh a bhí sa gcineál sin saoil go minic ach an oiread.

Thagair an tAthair D’Arcy do na seirbhísí atá caillte ag pobal na tuaithe. Bhí na tithe tábhairne ann mar a ndéantaí ól ciallmhar sóisialta, a dúirt sé. Dhéantaí scaití ach ba mhinic a óltaí scalach thar an gceart freisin agus a dtéití ar an roth stiúrtha sa ngluaisteán le dhul abhaile.

Thagair an tAthair D’Arcy do na bancanna a dúnadh, na postoifigí, beairicí na nGardaí agus mar sin de. Mhol sé an obair a dhéanadh an dochtúir teaghlaigh agus ar ndóigh an sagart.

Clubanna Chumann Lúthchleas Gael is fearr atá ag seasamh cúrsa, a dúirt sé. Is mór an t-údar bróid iad do na ceantair a bhfuil siad iontu.  Is mór gan amhras ach céard faoi na ceantair a bhfuil an daonra chomh scáinte anois iontu gur ar éigean is féidir leo foireann réasúnta maith a chur ar an bpáirc?

Ní hé amháin go bhfuil saol tuata na tuaithe ag athrú go mear ach is léir don Athair D’Arcy go bhfuil saol na hEaglaise Caitlicí ar an gcaoi chéanna. Luaigh sé suirbhéireacht a rinneadh i nDeoise Chill Ala. Dúirt 81% de na Caitlicigh a ceistíodh go raibh siad ar son cead a bheith ag sagairt pósadh. Dúirt 80% gur mhaith an rud mná a bheith ina ndéagánaigh. Bhí 69% acu nach raibh locht ar bith acu ar mhná a bheith ina sagairt.

Is ceart agus is cóir, go deimhin is cuí agus is tairbheach, go mbeadh daoine céimiúla mar Éamon Ó Cuív agus an tAthair Brian D’Arcy ag cur dhroch-chás na tuaithe i láthair.

Ach sa deireadh thiar thall is ceist pholaitíochta í seo.

D’eagraigh an nuachtán an Irish Examiner pobalbhreith le ríghairid ar an dearcadh atá ag feilméaraí ar pholasaí tuaithe an stáit. Dúirt 80% acu go gcreideann siad nach bhfuil páirtí polaitíochta ar bith ag seasamh an fhóid do phobal na tuaithe.

Tá sé ráite aríst agus aríst eile agam go bhfuil sé thar am againn Conradh na Tuaithe a bhunú.

Fág freagra ar 'An tuath á bánú de bharr polasaí pleanála na tíre'