An lá deireanach agam sa Bhrasaíl, chonaic mé eachtra nach féidir liom dearmad a dhéanamh uirthi

Céard a thugtar air nuair a bhíonn cuid den locht ar an íobartach dáiríre? Eachtra a thabharfadh cliseadh néarógach do ‘léitheoir íogaireachta’ ar bith…

An lá deireanach agam sa Bhrasaíl, chonaic mé eachtra nach féidir liom dearmad a dhéanamh uirthi

An lá deireanach agam sa Bhrasaíl, an chéad rud ar maidin, tharla eachtra nár éirigh liom dearmad a dhéanamh uirthi ó shin.

Bhí mé i mo shuí go luath, roimh mhaidneachan. Níorbh é an t-aistear abhaile agus 16 bliana de chuimhní i mo mhálaí amháin ba chúis leis sin ach an teas chomh maith. I gcathair Salvador, atá díreach taobh ó dheas den mheánchiorcal, bíonn sé ag druidim le 30 céim ag a cúig ar maidin an t-am seo den bhliain.

Go deimhin nuair a chuaigh mé síos go dtí an trá chun breathnú ar an ngrian a bhí ag éirí go maorga as an Atlantach Theas bhí dornán iascairí ann romham, agus nuair a chuaigh mé suas go dtí an phromanáid arís bhí siúlóirí ag siúl agus reathaithe ag rith.

Agus bhí fear ar rothar ag cur as do bhean óg.

Bhí siad thart ar 40 méadar uaim agus bhí mé ag breathnú in aghaidh na gréine, ach i bhfaiteadh na súl ba léir dom céard a bhí ar siúl: radharc a gcuirfeadh ‘léitheoir íogaireachta’ líne mhór dhearg tríd dá mbeadh sé de mhisneach agat a leithéid de steiréitíopáil a dhéanamh i saothar ficsin sa lá atá inniu ann.

Fear óg dubh a bhí san fhear. Bean fhionn a bhí sa bhean.

Bhí daoine eile ag dul an bealach a bhí níos cóngaraí don bheirt ná mise, ach ní dhearna siad tada. Ní raibh fonn dá laghad orm féin mo bheatha a chur i mbaol ach oiread – go háirithe ar an lá deireanach agam sa Bhrasaíl – ach nuair a chonaic mé go raibh an bhean á bualadh ag an bhfear, doirne troma ar chlár a héadain, thosaigh mé ag rith ina dtreo agus bhéic: ‘Lig di!’

D’imigh an gadaí leis ar a rothar faoi dheifir. Bhí guthán póca na mná ina ghlac aige ach chaill sé ceann dá chuid flip fleapanna féin.

An chéad rud eile thosaigh radharc eile a gcuirfeadh léitheoir íogaireachta líne mhór dhearg tríd. D’iompaigh na siúlóirí agus na reathaithe a bhí ag dul an bealach agus nach ndearna faic na ngrást ach breathnú ar an robáil, d’iompaigh siad ar an íobartach d’aon ghuth agus chuir an milleán faoina raibh tar éis tarlú uirthise, agus uirthise amháin.

‘Ní as an áit seo thú is léir?’

‘Ag fanacht san óstán thall atá tú an ea?’

‘An bhfuil tú as do focain mheabhair, ag dul ag siúl leat féin an t-am seo den mhaidin agus fón póca mór millteach ar taispeáint agat?’ (A chorrmhéar á croitheadh faoi shrón na mná finne ag an bhfear a dúirt an méid sin.)

‘Is léir gur turasóir thú. Muide gur as an áit seo muid, thuig muid ar an bpointe boise gur gadaí a bhí sa leaid sin!’ (An dath ceannann céanna ar chraiceann na mná a dúirt an méid sin agus a bhí ar chraiceann an ghadaí.)

Bhí an léitheoir íogaireachta i m’aigne ag dul ar mire – ní léacht a theastaigh ón mbean bhocht a ionsaíodh, ach focail a cheansódh í. Ach foc thú, a léitheoir íogaireachta inmheánaigh, a dúirt mé liom féin agus mé ag tabhairt m’aghaidh abhaile faoi dheifir, seo é mo lá deireanach sa Bhrasaíl agus níl mé ag dul laoch a dhéanamh díom féin.

Agus lena chois sin, dar liom go raibh cuid den cheart ag an dream a thug íde béil don bhean a robáladh (cuairteoir a bhí inti, cinnte – ba léir ón mblas a bhí ar a cuid Portaingéilise gur as áit éigin i ndeisceart na Brasaíle di.)

Céard a thugtar air nuair a bhíonn cuid den mhilleán ar an íobartach dáiríre?

Céard a déarfá le duine a choinneodh air ag caitheamh toitíní d’ainneoin na rabhadh ar fad, agus a dtiocfadh galar tromchúiseach air?

Céard a déarfá le duine a ghabhfadh amach ag siúl sa choill lá stoirme, cód dearg eisithe ag na húdaráis, agus a mbrisfeadh craobh a shrón?

Tá a fhios ag an saol mór sa Bhrasaíl agus go deimhin thar lear go bhfuil fadhb mhór ghadaíochta agus foréigin i gcathair Salvador.

An éagothromaíocht ollmhór idir saibhir agus daibhir agus fáinne fí d’easpa deiseanna, easpa oideachais agus flúirse ciníochais is cúis leis sin.

Eachtra a bhí sa mhéid a chonaic mé ar an bpromanáid a thabharfadh cliseadh néarógach do léitheoir íogaireachta ar bith, óir bhí íobartach eile ann.

‘Leaid óg dubh ar rothar?’ a d’fhiafraigh mo thiarna talún nuair a d’inis mé an scéal dó níos déanaí an mhaidin sin. ‘Caol? Gruaig ghearr chatach? Ar comhairde leatsa? Más é an duine céanna atá i gceist agus a cheapaimse, tá sé i dtrioblóid mhór anois.

‘Chuir an bhuíon drugaí atá i gceannas anseo urchar trí lámh an leaid sin anuraidh nuair a robáil sé turasóir mná san áit cheannann chéanna. Maróidh siad anois é – ní maith leo go dtarraingeofaí aird na bpóilíní ar an gceantar.’

Fág freagra ar 'An lá deireanach agam sa Bhrasaíl, chonaic mé eachtra nach féidir liom dearmad a dhéanamh uirthi'

  • Alan Titley

    Buíochas mór le hAlex as ar scríobh sé le blianta faoin mBrasaíl. Bhí i gcónaí suimiúil, inleite agus bríomhar. Táim cinnte go mbeidh go leor eile le rá aige, ach aireoimid uainn an Bhrasaíl agus ar fhoghlaimíomar.

  • Éamonn Ó Dónaill

    Tagaim leat sa mhéid sin, a Alan!

  • Mairéad Ní Nuadháin

    Cuireann tú ag smaoineamh i gcónaí mé Alex. Aireoidh mé uaim teas na Brasaíle

  • Máire

    Tacaíom leis an méid thuaslaite. GRMA Alex.

  • Gearóid O Raghallaigh

    A Alex, mile buíochas as na scéalta a thug tú dúinn ar feadh na blianta ó Salvador. Chaith mé seal ansin tráth dá raibh agus dhúisigh aithris do chuid eachtraí san áit álainn sin cuimhní cinn ar ais chugam. Shiúil mé féin ar an phromanáid sin go minic; níl amhras ar bith ann ach go bhuil atmasféar ar leith ann i Salvador. Trathnóna amháin, agus an ghrian ag dul ina luí, shiúil mé an bealach uilig ó dheas go dtí an teach solais “o Faro” ar an pointe is faide ó dheas ar an leithinis, na bailte beaga cois farraige agus na hiascairí ag teacht I dtír, na héisc á mbaint as na heangacha; bhí sé de phribhléid agam na radharcanna sin a fheiceáil.
    Thug do scribhínn siamsúil na cuimhní cinn sin ar ais chugam.
    GRMMA, Gearóid.