Sin a bhfuil, a chairde, tar éis 16 bliain in Salvador, tá mo chuid málaí á bpacáil agam

Agus an tríú cuid de mo shaol caite agam  sa Bhrasaíl, tá mé ag filleadh ar mo thír dhúchais. Ní beag na hathruithe atá feicthe agam sa tír atá atá á fágáil i mo dhiaidh agam

Sin a bhfuil, a chairde, tar éis 16 bliain in Salvador, tá mo chuid málaí á bpacáil agam

Seo hí an tuairisc dheireanach uaim ón mBrasaíl.

Agus an t-alt seo á léamh agat, tá mo mhálaí á bpacáil agam, tá m’árasán á ghlanadh agam, nó beidh mé ar mo bhealach go dtí an t-aerfort cheana féin chun eitleán a thógáil ar ais go dtí mo thír dhúchais, an Ísiltír. Cúrsaí teaghlaigh is cúis leis sin.

Is fada an t-achar 16 bliana.

An tríú cuid de mo shaol, i mo chás féin (tá mé 48 mbliana d’aois.)

Gan dabht tháinig athruithe móra ar an tír sna blianta sin.

Nuair a bhog mé go dtí an Bhrasaíl 16 bliana ó shin bhí gealladh faoin todhchaí.

Bhí mé díreach pósta le fear ó chathair Salvador agus bhí mé i ngrá, ní hamháin leis an bhfear sin ach leis an tír. Bhí fear iomráiteach na heite clé, Luiz Inácio da Silva (Lula), i lár a dhara téarma mar uachtarán agus bhí borradh chomh mór sin faoin mBrasaíl nár bhain an ghéarchéim airgeadais a bhain creathadh as an Eoraip sna blianta 2007 agus 2008 an Bhrasaíl amach go ceann cúpla bliain ina dhiaidh sin.

16 bliana níos déanaí tá Lula i gcumhacht arís – ach ní hé an Lula céanna é agus níl gealladh faoin mBrasaíl a thuilleadh, agus ar ndóigh tharla go leor idir an dá linn.

Níor mhair mo phósadh, agus níor mhair an borradh a bhí faoi eacnamaíocht na Brasaíle ach chomh beag. Go deimhin caitheadh an oiread sin airgid ar Chorn an Domhain 2014 agus ar Chluichí Oilimpeacha 2016 go raibh cófraí an stáit nach mór folamh faoin am gur cuireadh comharba Lula, Dilma Rousseff, as cumhacht go gairid tar éis na gCluichí céanna.

D’fhéadfaí a rá gur coup d’état ‘bog’ a bhí in eachtraí polaitiúla na bliana sin, agus fad is a bhí sraith chaidreamh grá achrannacha agam féin thosaigh an Bhrasaíl ag flirteáil leis an bhfaisisteachas.

Toghadh Jair Bolsonaro, i mí Dheireadh Fómhair 2018, an toradh a bhí ar sin. Ní fios céard a bheadh i ndán don Bhrasaíl murach gur bhain paindéim an choróinvíris an ghaoth as seolta an fhir chéanna. Fuair os cionn 700,000 Brasaíleach bás le linn na paindéime – mo ‘mháthair Bhrasaíleach’, Naná, féin ina measc – ach murach an phaindéim sin agus an chaoi chiotach a ndeachaigh Bolsonaro i ngleic léi, drochsheans gur daonlathas a bheadh sa Bhrasaíl inniu, dar liom.

Fuair Lula – agus an daonlathas féin – an lámh in uachtar arís tar éis ceithre bliana, ach ba ar éigean é: ní raibh 2 faoin gcéad féin idir é agus Bolsonaro i dtoghchán uachtaránachta 2022. Agus ní raibh ach seachtain caite in áras an uachtaráin ag Lula nuair a rinne lucht leanúna Bolsonaro iarracht coup d’état dáiríre a dhéanamh. An tseachtain seo a chuaigh thart, d’aimsigh na póilíní feidearálacha fianaise go raibh baint ag Bolsonaro féin leis an ionradh a rinneadh ar thithe an rialtais san ardchathair, Brasília, ar an 8 Eanáir 2023.

Ach ní Lula, Rousseff nó Bolsonaro a bheidh ar bharr m’aigne nuair a bheidh mé ag cuimhneamh amach anseo ar an tréimhse a chaith mé sa Bhrasaíl, ach mo ghaolta, mo chairde agus na daoine eile a casadh orm ó lá go lá sa tír seo.

Beidh mé ag cuimhneamh ar mo mhuintir Bhrasaíleach gan dabht – m’iarfhear céile Nilton, a bhfuil cónaí air i gcathair Rio de Janeiro le fada, agus ar a mháthair Naná nach maireann – ach ar a máthair siúd, atá 87 mbliana d’aois, freisin. Fuair ‘mamó’ an sorn nach mbainfidh mé úsáid as feasta, agus i dteampall de chuid an chreidimh Afra-Bhrasaíligh Candomblé a bhfuil m’iardheartháir céile i gceannas air atá mo chuisneoir anois.

Mo ‘dheartháir óg Brasaíleach’ Moisés, a bhí faoi chaibidil agam anseo go minic, a fuair an chuid eile de mo chuid troscán, ach Diêgo, nó ‘fear an mhadra’ mar ab’fhearr aithne air sna leathanaigh seo agus a raibh caidreamh grá achrannach agam leis ar feadh na mblianta, a fuair mo mhála dornála. Bronntanas siombalach, deirimís.

Beidh mé ag cuimhneamh freisin ar Leonardo an díoltóir éisc a shiúlann an chathair ar fad lena dhá bhuicéad sairdíní, fear chomh macho lena bhfaca tú riamh ach a bhfuil grá mór aige dá mhac is sine Vítor, a thugann Vitória uirthi féin anois; beidh mé ag cuimhneamh, gan dabht, ar dhream an ionaid aclaíochta ar thraenáil mé ann ar feadh 15 bliana déag agus a ghlac liom i gcónaí mar dhuine acu féin seachas mar dhuine thar tír isteach; ar na teagascóirí jiu-jitsu agus dornálaíochta a bhí agam; ar fhreastalaithe an bhácúis a mbíonn orm mo chuid béilte a chaitheamh ann anois agus mo shorn agus mo chuisneoir imithe; agus ar mo chara agus iarchomharsa Felipe, ar chaith mé na blianta ag breathnú ar shobaldhrámaí ina theannta, agus a thabharfaidh go dtí an t-aerfort mé gan mhoill.

Fág freagra ar 'Sin a bhfuil, a chairde, tar éis 16 bliain in Salvador, tá mo chuid málaí á bpacáil agam'

  • Máire

    Bon voyage, a chara, agus go dté tú slán ar d’aistear úr.

  • Constance Patten

    Go n-éirí an bóthar leat, Alex, agus slán abhaile. Beidh mé ag tnúth go mór le do chéad alt eile ón Ísiltír!

  • Gearóid Ó D.

    Go n-éirí leat ar do chéad chaibidil eile a Alex. Léitheoir ciúin mé, a bhain taitneamh as do cholún i gcónaí. Ádh mór.

  • Fachtna Ó Drisceoil

    Go n-éirí leat Alex. Deireadh le ré in iriseoireacht agus scríbhneoireacht na Gaeilge, ach tús le ré nua le Cúnamh Dé.

  • Pádraig

    Gach rath ort leis an gcéad chaibidil eile, a Alex. Fagann do chuid scríbhneoireachta ón mBrasaíl lorg na staire sóisialta agus na tráchtaireachta polaitíochta ar iriseoireacht na Gaeilge – agus chaith sé spotsolas ar mhórthír dhomhanda nach raibh oiread sin clúdaithe fúithi roimhe sin. Ní áiritear anseo an oidhreacht peannaireachta faoin réigiún a fhágann na saothair Favela, Splancanna ó shaol eile agus An Tearmann. Treise leat agus gura fada buan tú i mbun pinn.

  • Niall Mac Aindriú

    Guím gach rath ort, a Alex. Chaith mé féin 2 bliain i mBrasaíl siar in 1996.
    Tréimhse i mo shaol nach dhéanfaidh mé go deo air. Bhí mo chuid Portaingéilise ag teacht ar ais chugam (mall go leor, dar ndóigh!) maidin inniu agus mé ag caint le bean ón Salvador atá ag obair sa siopa áitiúil anseo i gChluain Tarbh, BÁC. Bainim sult as do chuid altanna, agus freisin tá do leabhar ‘Gonnta’ léite agam freisin. Beir bua agus beannacht!

  • Brian Ò Conchubhair

    Slán abhaile, a Alex, go n-éirí leat agus tús á chur agat le heachtra nua. B

  • WTF

    Ná lig don taoille tuileadh ort de hobainne san Ísiltír sin thall!

  • Mick

    Níor chaill fear an mhisnigh riamh, agus is mar sin a bheidh sé i do chás freisin. Ceapaim go raibh sé deacair cinneadh iarmhartach mar sin a dhéanamh, agus ní ba dheacra é a chur i bhfeidhm. Guím gach rath ort, Alex!

  • Fearn

    Slán abhaile thú.

  • Mairéad Ní Nuadháin

    Go dté tú slán a Alex. Bhain mé an-taitneamh I gcónaí as do chuid colún ón mBrasaíl. Ní fhaca mé an cor seo ag teacht! Ag súil leis an gcéad chaibidil eile. M

  • Tara Hipwell

    Guím gach rath ort Alex. Is fada ó bhí mé ag caint leat anois ach is minic a léim faoi do chuid eachtraí.

  • Paul Laughlin

    Sonas ort Alex. Bhain mé an sult as do chuid scríbhneoireacht. Is fiú é a léamh i gcónaí.

  • Jackie Mac Donncha

    Slán abhaile a Alex. Bhain muid an-sásamh as do chuid scrìbhneoireachta i gcònaì. Tá sùil agam go mbeidh tuilleadh ag teacht ó do pheann.

  • Alex Hijmans

    Go raibh maith agaibh, a chairde. Ní léim an trácht ag bun mo chuid colún go hiondúil ach tá mé sásta go ndearna mé eisceacht an iarraidh seo. 😃 Is cinnte go mbeidh mé fós ag scríobh do Tuairisc.ie, agus gach seans go mbeidh an Bhrasaíl faoi chaibidil agam ó am go chéile, ach is san Ísiltír a bheidh mé lonnaithe go fóilleach.

  • Eilís Ní Dhúill

    Go n-éirí go geal leat a Alex sa chéad chaibidil eile de do shaol. Bhain mé ard-sult as do chuid scríbhneoireachta as an mBraisíl i gcónaí. Ag súil anois lena thuilleadh scéalta ón Ísiltír.

  • Brenda Ni Shuilleabhain

    Bainfidh an chéad chaibidil idir áthas agus bhrón asat – ar nós gach aon chaibidil eile, Ádh mór!