Ag cur do thuairisce…

Colún eolais agus plé dár léitheoirí

Quotations

I mBÉAL AN PHOBAIL

Feicfidh an chuid is géarshúilí agaibh go bhfuil áis bheag nua dár léitheoirí ar Tuairisc.ie inniu, is é sin ‘I mBÉAL AN PHOBAIL’, atá ar thaobh na láimhe deise den leathanach baile.

Tabharfar blaiseadh anseo ar na scéalta is mó a bhfuil tóir orthu ar an suíomh. Is é seo an chéad cheann de roinnt forbairtí atá beartaithe againn a dhéanamh ar leagan amach an leathanaigh baile sna seachtainí amach romhainn.

Bhí daoine an-tógtha leis an gcuma a bhí ar Tuairisc.ie ó seoladh í agus mar sin níl aon athruithe radacacha ar na bacáin. Tá súil againn ach an obair seo a bheith curtha i gcrích go mbeidh sé níos fusa fós teacht ar ábhar ar an suíomh agus go mbeidh an t-ábhar sin níos feiceálaí ar an leathanach baile.

Mar is iondúil, beidh míle fáilte roimh aiseolas faoi na forbairtí seo.

Ó thrácht tú air…

Fágtar tráchtanna spéisiúla ar an suíomh agus ar na meáin shóisialta gach lá faoi na haltanna ar Tuairisc.ie agus ó tharla lucht a scríofa a bheith stuama, béasach, bríomhar, shocraíomar go dtabharfaimis blaiseadh daoibh ar chuid de na cinn a thaitníonn linn gach seachtain, ar eagla go gcaillfeadh sibh iad.

imgresAn tseachtain seo, thug alt faoin síneadh fada Donncha Ó hÉallaithe siar ar bhóithrín na smaointe go dtí an tréimhse a thug sé ag obair le nuachtán clóite, darb ainm ‘Tuairisc’ chomh maith:

Bhí baint agam uair amháin le nuachtán (clóite) a chur amach. TUAIRISC a bhí air chomh maith. Bhí sé sách géar ar dhaoine áirithe agus dá bharr bhíodh deacracht anois is arís clódóirí a fháil a bhí sásta dul sa tseans lena chlóbhuaileadh. Bhíodh sé á chlóbhuaileadh i gCathair na Mart, go dtí gur scantraigh an bainistíocht ansin faoi rud éicint a bhí scríofa agus dhiúltaigh siad é a chlóbhuaileadh ina dhiaidh sin. Faoi dheire d’éirigh linn clólann a fháil i nGaillimh, ach ní raibh an ‘síneadh fada’ acu. Cuireadh amach 3 nó 4 eagrán gan aon síneadh fada agus ait go leor, bhí an cuma ar an scéal nár thug aon duine aon cheo faoi deara.

Ar chúis éicint, an rud is mó a chuireadh olc orm féin nuair a dhéantaí O’ den Ó! Ach sure, nach headbangers muid uilig, a bhfuil ainmneacha i nGaeilge orainn!?

Nuair a léamar trácht eile faoin alt céanna ó Mhícheál Ó Leidhin, cheapamar ar dtús go raibh sióga na teicneolaíochta tar éis cuid de litreacha ainm an údair a fhuadach agus a thabhairt leo, ach bhí dul amú orainn…

Ana-alt. M*&!”$@Sche””£$&(*l £”%^ Leidhin atá ormsa aon uair a théim ar thraein sa tír seo!

Agus ar deireadh, is maith linn gur thug Anthony Kealy faoi deara ar Facebook nach díreach ag caitheamh anuas ar chaighdeán Gaeilge Aindí na hArdteiste a bhíonn lucht Ar Son na Cúise ach ag ceiliúradh a chuid seiftiúlachta chomh maith:

Arsa Anthony faoi Aindí:

Diabhal féidir a shéanadh ach go bhfuil fios a cheirde ag an ngasúr sin!

Na scéalta is mó a léadh an tseachtain seo…

Dá sleamchúisí Aindí agus lucht na lomghutaí leis an bpeann, is measa go mór an éagóir a dhéantar ó bhéal uaireanta.

Is í a bhí ag dó na geirbe ag roinnt léitheoirí eile dár gcuid, nuair a d’fhógair Údarás Craolaocháin na hÉireann (BAI) a gcinneadh i dtaca le díospóireacht a craoladh ar FM104 an samhradh seo caite, áit a ndúradh gur antoiscigh iad lucht labhartha Gaeilge na tíre. Nuair a ghlaoigh duine ar an stáisiún chun cur suas don cháineadh claonta a bhí á dhéanamh ag an láithreoir, Chris Barry, tugadh ‘ciotaí ciotrúnta’ air.

Rinne Muireann Ní Mhóráin, Príomhfheidhmeannach COGG, gearán oifigiúil faoin méid a craoladh agus cé gur géilleadh gur mír ‘m[h]íchothrom’ a bhí sa mhéid chéanna, ba é an rud ba shuntasaí faoi fhreagra an BAI ar a gearán ná go rabhadar den tuairim nach ionann Gaeilgeoirí agus “grúpa sa tsochaí” agus dá bharr sin nach raibh Cód Chaighdeán na gClár, a thagraíonn do ‘Dhaoine agus grúpaí sa tsochaí’, sáraithe ag FM104.

Ba dhóigh le duine gurb é an meon céanna atá i measc státseirbhíseach. Pé scéal é, ba é an t-alt faoin BAI an scéal is mó a léadh  ar Tuairisc.ie go dtí seo an tseachtain seo.

Ní foláir go bhfuil rian den dearcadh seo fós ann óir tá fógra déanta ag an gCoimisnéir Teanga, Rónán Ó Domhnaill, gur chóir liosta d’eagraíochtaí a dteipeann orthu a ndualgais teanga a chomhlíonadh faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla a fhoilsiú ar chlár poiblí chun brú a chur orthu cloí leis an reachtaíocht sin.

Tá an tAcht céanna á athbhreithniú agus á leasú faoi láthair agus d’eisigh an Coimisinéir Teanga ráiteas le gairid, á rá go bhfáiltíonn sé “roimh an moladh atá déanta sna ceannteidil [don Acht leasuithe] go dtabharfar comhlachtaí poiblí nua faoi scáth na reachtaíochta go huathoibríoch”. Bhí scéal an Choimisinéara sa dara háit ar an liosta de na scéalta is mó léadh an tseachtain seo.

Sa triú háit bhí alt faoi chaipín Mhichael Healy Rae. Dá thábhachtaí iad cearta teanga, ba é tuairim Dhaithí de Mórdha nárbh fhiú a leithéid de rud agus ‘pairtí Gaelach’ a bhunú, faoi mar a bhí á mholadh ag an tráchtaire polaitíochta Eoin Ó Murchu.

Dá uaisle an smaoineamh é, “ládáil éisc an-éagsúil” atá sna polaiteoirí a bhfuil Gaelainn acu, arsa Daithí. Bheadh cuid acu “d’iarraidh bheith ón dtaobh chlé den mbád, cuid eile acu ón dtaobh dheas, cuid acu dírithe ar bhord na n-uasal agus cuid eile dírithe ar an dteirce a choimeád ós na bochtáin”.

Fágann seo nach bhfuil “de chosúlacht eatarthu ach gur éisc Ghaelacha iad agus ní fhéadfaí iad a choimeád” sa bhád céanna.

Ar ndóigh, ba é an scéal is mó a tharla le seachtain anuas ná an t-uafás thall i bPáras, áit ar mharaigh sceimhlitheoirí buíon iriseoirí i gceanncheathrú Charlie Hebdo, iris fonóide a mbíodh lucht a scríofa ag tabhairt a ndúshlán d’antoiscigh chreidimh agus pholaitíochta.

Ba iad a gcuid cartún ar Mohamad is mó a ghoill ar an bpobal Moslamach agus a chuir cuid acu le cuthach dá réir. Níorbh fhéidir an méid a tharla a chosaint ar aon bhonn, áfach, agus ghlac na mílte páirt i mórshiúlta i bPáras féin agus ar fud an domhain d’fhonn a dtacaíocht a léiriú do phrionsabal na saoirse cainte.

Ceann de na hailt is spéisiúla a scríobhadh faoin scéal seo, tháinig sé ó pheann Sheosaimh Uí Chuaig.

“Caithfear an t-ionsaí seo i bPáras a cháineadh go mór”, a dúirt Seosamh i gceann eile de na hailt is mó a léadh ar Tuairisc.ie an tseachtain seo. “Ach ná déantar idirdhealú ródhomhain idir sceimhlitheoireacht aonair agus sceimhlitheoireacht Stáit”.

Anuas air sin, bhí sé dul de Sheosamh a thuiscint conas ‘tá dlíthe ann in aghaidh ciníochais ach nach cosúil go dteastaíonn “dlí ar bith in aghaidh creideamh an chine a mhaslú”.

Tús á chur le colún nua le Maitiú Ó Coimín ‘Scéalta ón gCíbearspás’

Is cúis áthais dúinn go bhfuil tús curtha inniu againn le colún nua – Scéalta ón gCibearspás – le Maitiú Ó Coimín an tí seo. Tabharfaidh Maitiú aghaidh gach seachtain ar iontais agus neamhiontais an tsaoil ar líne.

Má bhíonn aon cheist ar mhaith leat go bpléifí ar an gcolún seo í, déan teagmháil le Kevin Hickey ag kevinhickey@tuairisc.ie.

Kevin Hickey

Thar ceann fhoireann Tuairisc.ie

Fág freagra ar 'Ag cur do thuairisce…'

  • Seán

    Tá Muireann Ní Mhóráin le moladh as gearán a dhéánamh leis an BAI agus bhí an bua aici i bpáirt – ghlac an BAI leis go raibh an FM104 Phone Show míchothrom agus éagórach.
    Cupla pointe: Is clár craiceáilte fón isteach é an FM 104 Phone Show. Ni hionann é agus leitheidí clár de chuid Sean O’ Rourke nó Pat Kenny, Is clár é atá ag iarraidh a bheith conspóideach.
    Glacann an BAI leis gur ghlaoigh duine isteach darbh ainm Seán a bhí thar a bheith deisbhéalach agus cumasach agus d’eirigh leis dar leo stádas na Gaeilge a chosaint go láidir sa chlár.
    Ní grúpa ar leith sa tsochaí iad pobal na Gaeilge i reachtaíocht na hÉireann. Ní grúpa mionlaigh iad de réir an dlí. Caithfear an reachtaíocht chomhionannais a leasú chun teanga a áireamh mar ghné de. Mar sin theip ar an gcuid seo de ghearán Uí Mhoráin.
    Tá BAI an-fhábharach don Ghaeilge de ghnáth agus d’fhoilsigh siad an cinneadh seo i ngGaeilge agus i mBéarla, cé nach raibh aon dualgas orthu é seo a dhéanamh sa chás seo.
    Ba chóir fearg a bheith orainn le FM 104 agus ní leis an BAI féin.