‘Ainmnigh agus náirigh iad’ ar chlár poiblí – Coimisinéir

‘Clár poiblí’ ag teastáil chun brú a chur ar eagraíochtaí neamhghéilliúla cloí lena gcuid dualgais teanga – Coimisinéir

 

Ronán Ó Domhnaill

Ba chóir liosta d’eagraíochtaí a dteipeann orthu a ndualgais teanga a chomhlíonadh a fhoilsiú ar chlár poiblí chun brú a chur orthu cloí leis an reachtaíocht, a dúirt an Coimisinéir Teanga Rónán Ó Domhnaill tráthnóna.

Agus é ag caint ag cruinniú den Chomhchoiste Oireachtais um Fhormhaoirsiú ar an tSeirbhís Phoiblí agus Achainíocha, dúirt an Coimisinéir go raibh gá lena leithéid de chlár poiblí le go mbeadh teacht ‘éasca’ agus ‘leanúnach’ ar eolas faoi chomhlachtaí poiblí a sháraíonn a dualgais reachtúla teanga.

“Cé go ndírítear aird phoiblí ar thuarascálacha a chuirim faoi bhráid Thithe an Oireachtais ag tráth a bhfoilsithe, níl aon chlár lárnach poiblí ann a thugann le fios go héasca agus go leanúnach cé hiad na comhlachtaí poiblí atá neamhghéilliúil do reachtaíocht teanga nó go deimhin do reachtaíocht eile,” a dúirt an Coimisinéir.

Is mar chuid de shraith cruinnithe le hOmbudsmain faoina gcuid oibre a iarradh ar an gCoimisinéir teacht os comhair an chomhchoiste.

Dúirt sé go bhféadfadh ról a bheith ag coiste Oireachtais i mbunú an chláir phoiblí atá á mholadh aige.

“D’fheicfinn go bhféadfadh ról a bheith ag Coiste Oireachtais comhlachtaí poiblí a chlárú nó a bhaint den taifead, tar éis an cás a mheas.

Ba ionann a leithéid de thaifead agus aitheantas an Oireachtais go raibh an sárú suntasach a dhóthain le bheith aitheanta,” a dúirt an Coimisinéir Teanga, Rónán Ó Domhnaill.

Maidir leis na leasuithe atá le déanamh ar Acht na dTeangacha Oifigiúla, dúirt an Coimisinéir go raibh gá le hAcht a chuirfeadh ar a chumas “cosaint a dhéanamh ar chearta teanga an tsaoránaigh”. Bhí gá leis, a dúirt sé, le “bealach éifeachtúil chun comhlachtaí poiblí nua a thabhairt faoi scáth an Achta”.

“Fáiltím mar sin roimh an moladh atá déanta sna ceannteidil don Acht leasuithe go dtabharfar comhlachtaí poiblí nua faoi scáth na reachtaíochta go huathoibríoch.

Cuirfidh sé seo ar mo chumas freastal ar líon suntasach gearán atá á bhfáil agam, nach bhfuil cumhacht agam faoi láthair gníomhú ina leith.”

Fág freagra ar '‘Ainmnigh agus náirigh iad’ ar chlár poiblí – Coimisinéir'

  • Concubhar Ó Liatháin

    Nach feidhm é sin – ainmniú agus náiriú na gcomlachtaí phoiblí atá drogallach i leith a ndualgaisí Ghaeilge a chomhlíónadh – a fhéadfadh Tuairisc a chomhlíonadh?