An lá ar tháinig na Muslamaigh go séipéal an Spidéil…

Caithfear an t-ionsaí seo i bPáras a cháineadh go mór. Ach ná déantar idirdhealú ródhomhain idir sceimhlitheoireacht aonair agus sceimhlitheoireacht Stáit

"Anti WAr Demo Dublin"People at a anti war protest in Dublin over the war in Iraq.22/3/2003 Photo:Photocall Ireland!
Lucht léirsithe i gcoinne an chogaidh san Iaráic i mBaile Átha Cliath i 2003. Pictiúr: Photocall Ireland

Sa mbliain 2003 d’eagraigh mé seirbhís eaglasta idir Críostaithe agus Muslamaigh i séipéal an Spidéil. Bhí go leor de mhuintir an Domhain Thiar in aghaidh ionsaí Mheiriceá agus na Breataine ar an Iaráic ag an am.

Bhí léirsiú, a raibh 100,000 duine againn ann, i mBleá Cliath le cur in aghaidh an chogaidh.

Déanta na fírinne is beag toradh a bhí ar an léirsiú mór breá céanna. D’iompaigh muintir na hÉireann a gcúl ó shin fad is a bhí saighdiúirí Meiriceánacha agus armlón ag dul trí Aerfort na Sionainne leis na mílte Muslamach a mharú, gan trácht ar na príosúnaigh a tugadh tríd an aerfort lena gcéasadh i dtíortha eile.

Fágadh faoi Niall Farrell, Margaretta D’Arcy, Ed Horgan, agus cúpla duine lena gcois, an feachtas sin a choinneáil beo.

Sé an réasún a bhí agamsa leis an tseirbhís sa Spidéal gur cheart do Chríostaithe agus do Mhuslamaigh aithne níos fearr a chur ar a chéile. Cheap mé gur mhaith an rud freisin go dtuigfeadh na Críostaithe go soiléir nach sceimhlitheoirí gan trua gan taise iad na Muslamaigh mar dhream, cé go dtéann cuid acu chun catha ó uair go chéile, ar chúiseanna éagsúla, mar a rinne na Críostaithe féin go mion minic freisin.

Bhí sagart nó dhó nach raibh an-tógtha leis an smaoineamh a bhí agam, shílfeá. Níorbh é sin é do shagart paróiste an Spidéil, an Canónach Tomás Ó Cadhain.

“Is dóichí nach ndéanfadh sé aon dochar, a Joe,” a dúirt sé.

Isteach liom go Gaillimh ansin gur labhair mé le Imam ansin. Thug seisean go dtí seomra faoi leith mé agus chuir imo shuí ar an urlár mé gur phléigh muid an scéal.

Bhí orm na bróga a bhaint díom ar dtús.

Bhí an t-Imam thar a bheith sásta leis an gcuireadh.

Nuair a tháinig an lá speisialta bhí céad (100) duine bailithe i séipéal an Spidéil.

Chuir an Canónach Ó Cadhain fáilte chroíúil roimh na Muslamaigh. “Síocháin agus suaimhneas oraibh go léir,” a dúirt sé agus lean sé air leis an teachtaireacht sin. Nuair a bhí sé críochnaithe d’fhág sé an chaint faoi na Muslamaigh.

Thug siadsan a n-aghaidh ar Mhecca. “Please don’t give up the struggle for peace,” a dúirt Imam Sallabi agus rinne seisean píosa paidreoireachta a d’fheil don ócáid freisin.

An fhad agus a bhí sé seo ar fad ar bun bhí dhá dhéagóir, Colm sin againne (13) agus Mohamed Weliab (14), ina seasamh in aice na haltóra agus bratach ar iompar acu a raibh ‘Conamara in Aghaidh an Chogaidh’ scríofa air.

Nuair a bhí an searmanas thart chuir an Canónach Ó Cadhain ceist orm; “Cé mar a d’éirigh linn a Joe?” a d’fhiafraigh sé.

“Thar cionn ar fad,” arsa mise, “ach feictear dhom go ndearna tú botún beag mar sin féin, nuair a rinne tú iarracht lámh a chraitheadh leis na mná Muslamacha.”

“Ó, a Joe,” a dúirt an Canónach Ó Cadhain, “nach bhfuil muid ag foghlaim.”

Sílim go raibh glacadh maith go leor i measc an phobail leis an rud a rinne muid. Ach ní shin í an chomhairle a chuir dailtín amháin as an Spidéal orm.

“Coinnigh uainn an “crowd” sin,” a dúirt sé, “nó sé an chaoi a gcaithfidh siad “bomb” isteach orainn Tigh Hughes oíche eicínt.”

Tá a fhios agam gur ag diabhlaíocht a bhí sé ach ina dhiaidh sin féin bhí fríde de theagasc an CIA tolgtha aige.

An Nollaig seo thug Macdara sin againne leabhar faoin gcreideamh Muslamach mar bhronntanas Nollag dhom. Bhí mo chuid altanna faoin mBíobla in Tuairisc.ie léite aige agus is dócha gur cheap sé go raibh sé in am agam eolas ceart a chur ar an gcreideamh eile seo.

Nó b’fhéidir gurbh é an chaoi ar thug sé faoi deara gur éirigh mé as feoil agus as iasc cúpla mí ó shin agus gur mheas sé nach mbeadh a fhios agat cén bóithrín a thabharfadh duine mar sin air féin!

Tá 65,000 Muslamach in Éirinn. Tríd is tríd déarfainn go gcaitheann muid macánta go leor leo. Níor chuala mé go bhfuil aon ghrúpa sceimhlitheoirí ina measc ag beartú ionsaí a dhéanamh sa tír seo ach oiread.

Is minic a bheadh imní ort go dtarlódh sé nuair a chuirfeá san áireamh an polasaí náireach atá ag an rialtas in Aerfort na Sionainne.

Caithfear an t-ionsaí seo i bPáras a cháineadh go mór. Ach ná déantar idirdhealú ródhomhain idir sceimhlitheoireacht aonair agus sceimhlitheoireacht Stáit.

“The terrorist is the one with the small bomb,” mar a dúirt Brendan Behan.

Lena cheart a thabhairt don Phápa Proinsias, thagair sé do sceimhlitheoireacht Stáit sa ráiteas a rinne seisean faoi ionsaí Phárais.

Maidir leis na cartúin a bhí san iris úd, cén chaoi ar féidir iad sin a chosaint ach oiread? Rud amháin argóint a dhéanamh faoi chreideamh ar bith, rud eile an creideamh sin agus a bhunaitheoir a mhaslú.

Saoirse cainte atá i gceist a déarfas na Tráchtairí Móra Leathanaigeantacha. Seo iad an dream céanna nach dtabharfadh cead duit do bhéal a oscailt ach ar éigean mura bhfeilfeadh do chuid cainte don ‘Chóras’ a bhfuil siad dílis dó.

Tá dlíthe ann in aghaidh ciníochais. Is cosúil nach dteastaíonn dlí ar bith in aghaidh creideamh an chine a mhaslú. Ní thuigim é.

Fág freagra ar 'An lá ar tháinig na Muslamaigh go séipéal an Spidéil…'

  • Darragh Ó Náraigh

    Ní chóir umhlú don sceimhlitheoireacht.

    Thug mé suntas don chéad abairt san alt seo:
    “Caithfear an t-ionsaí seo i bPáras a cháineadh go mór. Ach ”

    Ach…

  • Sean Mac Gearailt

    An ceart ar fad agat, a Joe. Ni coir creideamh einne a mhaslu mar a tharla. Ni ceart ligean d’einne daoine a ghriosadh chun foreigin ach an oiread. Nil aon taobh gan locht; ach is tri caint agus caidreamh a thiocfaidh reiteach agus comhthuiscint.

    S. Mac G.

  • Páid Ó Donnchú

    Sílim go bhfuil dul amú ar neart daoine ar an gceist seo. Ní féidir a rá Is mise Charlie agus ag an am céanna a rá ní ceart creideamh a mhaslaigh. Mar mhasla Charlie creideamh. https://choualbox.com/rAsX8

  • Fearn

    Beart fónta cinnte, a Deo, cad cad a d’imigh ar an dteacht le chéile ó bhí 2003 ann?

  • Donncha Ó hÉallaithe

    Tugaim faoi deara go bhfuil cuid dena ‘lefties’ sa tír seo tarraingthe isteach sa trapa nár cheart Moslaimigh a cheistiú faoin reiligiún seo atá acu. Ach an oiread leis na buamaí a leag an IRA i bpubannaí i Sasana sna seachtóidí níl aon chosaint ar an ionsaí marfach a rinne na mílistigh moslamacha ar fhoireann ‘Charlie Hebdo’. Ní chreidim ar feadh soicind gur sceimhlitheoirí gach moslamach ceartchreideamhach ach caithfear a aithint go bhfuil síolta na sceimhlitheoireachta sa Qur’an agus ní mhór ceisteanna a chur faoi seo. Is ceart meas a bhí ag gach duine againn ar an gcultúr saibhir a chothaigh Moslamaigh san Eoraip. Nuair a bhí smaointeoirí Iarthar na hEorpa curtha faoi chois ag an Eaglais Rómánach is sa domhan Islamach a bhí an dul chun cinn á dhéanamh ó thaobh matamaitic, eolaíocht, leigheas agus eile. Ach ní dóigh liom go mba cheart ligint don meas sin muid a dhéanamh dall ar chomh uafásach is atá an Qur’an, mar bunchloch reiligiúin sa lá atá inniu ann.

  • Teaimín Ó Cualáin

    Sén an dogmachas an díobh uilig, dogma an chumannaigh, an chaipitiligh, an fhir creidimhn, na n-iriseoirí srl srl …. smacht agus smachtú atá ar bun acu is iad cho dall is cho haineolach céanna ar bhunfhírinne na cruinne.