Bhíos ag éisteacht le clár raidió le déanaí.
Painéal de thriúr a bhí ann; beirt fhear agus bean. Tarraingíodh an síneadh fada anuas sa chomhrá agus conas é a láimhseáil ar ríomhaire. Ba chosúil go raibh sé ag dó na geirbe ag na fir le tamall roimhe sin.
“Oh I know how to get a fada,” arsa an bhean.
“If you’re using a PC, you hold down that button Alt Gr together with whatever vowel you want and you’ll get it then. And if it’s a Mac, you simply hold down the alt button and you’re sorted.”
Ba gheall le heipeafáine an méid seo ag na fir; is iad a bhí beannaithe idir mhná – nó “thar mhrá” mar a deir an ceann eile anseo timpeall.
Cad ina thaobh go mbíonn daoine chomh haineolach sin faoin ‘síneadh fada’ agus é ina a dhlúthchuid den teanga? Cad ina thaobh go gcaitear leis mar “rud breise roghnach”, mar a dúirt an tIar-Choimisinéir Teanga Seán Ó Cuirreáin i dtuarascáil bhliantúil fadó.
Bhí raic ann an lá cheana nuair a mhol an Roinn Oideachais dá bhfostaithe gan síneadh fada a chlóscríobh ina n-ainmneacha agus iad ag líonadh isteach foirmeacha pá ar líne, toisc nach n-aithnítear é i gcóras ríomhaireachta na Roinne. Is é a thoradhsean go gcuirfear moill ar a n-íocaíocht.
Más fíor don tuairisc ar Herald.ie faoin ‘sine fada’, tá sé i gceist ag roinnt de na fostaithe sin gearán oifigiúil a dhéanamh leis an gCoimisinéir Teanga faoin scéal.
Mar is dual do thuairisc ar bith a chuirtear i gcló i stábla an Independent, theip ar fhoireann an Herald aon chúram a dhéanamh den “sine” iad féin. Ní hioróin go dtí é! Cad a d’imigh ar an riail a d’fhoghlaimíomar ar fad i naíonán na hiriseoireachta gur peaca marfach é aon mhíchruinneas a bheith in ainm nó teideal duine?
Nuair a chuaigh Tuairisc.ie i dteagmháil leis an gCoimisinéir Teanga reatha, Rónán Ó Domhnaill, chun fiafraí de cén seasamh atá ag an síneadh fada go sonrach, dúirt sé linn nach luaitear é san Acht Teanga ach mhol sé go dtabharfaí foráil isteach sa reachtaíocht sin mar chuid dá leasú, áit a rachfaí i ngleic le húsáid ainmneacha agus seoltaí daoine. Chumhdódh a leithéid ceist an “fada”, ar ndóigh.
Mhínigh sé freisin gur cuid de scéim teanga na Roinne Oideachais go gcuirfear córais ríomhaireachta i bhfeidhm a bheadh in ann déileáil leis an síneadh fada nuair a thiocfaidh deireadh le ré na gcóras reatha.
Maidir le fostaithe úd na Roinne céanna, ámh, ní hiad an chéad dream a bheartaigh ar chosán ‘an ghearáin oifigiúil’ a thabhairt orthu féin d’fhonn éagóir ar an síneadh fada a chur ina ceart.
Rinneadh gearán leis an Iar-Choimisinéir Teanga Seán Ó Cuirreáin seacht mbliana ó shin gur chuir an Roinn Gnóthaí Sóisialacha agus Teaghlaigh in iúl i scríbhinn do ghearánach nach raibh ar chumas an chórais ionchurtha sonraí le haghaidh liúntais leanaí an síneadh fada a láimhseáil agus, mar sin, nárbh fhéidir ainm pháiste an ghearánaigh a chlárú mar a bhí sé ar an teastas breithe.
Ba í an cheist a bhí le cur anseo, mar sin, ná an raibh an Roinn Gnóthaí Sóisialacha agus Teaghlaigh ag sárú na ndualgas reachtúil teanga atá daingnithe in Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 maidir le cur i gcrích Scéim Teanga na Roinne.
Ní fhacthas don Choimisinéir go raibh sé de cheart leasú gan chead a dhéanamh ar ainm i nGaeilge le síneadh fada ar mhaithe le héascaíocht riaracháin nó ríomhaireachta nuair a bheadh clárú le haghaidh liúntas linbh i gceist.
Go deimhin, nuair a dúirt an Roinn ina Scéim Teanga gurbh fhéidir leis an gcóras ríomhaireachta “dul i ngleic leis an nGaeilge”, b’fhacthas don Choimisinéir gur chiallaigh sin gurbh fhéidir an síneadh fada a úsáid ann. Dar leat go raibh loighic leis an méid sin.
Ar ndóigh, bhí am ann agus ní thabharfaí aitheantas do leagan Gaeilge ainm duine ar theastas breithe féin, mar sin tá dul chun cinn de shaghas á dhéanamh againn, más chomh malltriallach le seilide é.
Ceist chasta é ainm duine, áfach, go háirithe sa Ghaeltacht.
Mar a dúirt an bailitheoir béaloideasa, Joe Daly, “Seosamh Ó Dálaigh an ainm atá orm i mBéarla” (tá ‘ainm’ baininscneach ó dheas).
Tá scéal domhain, casta sa ráiteas gairid sin agus ní i gcónaí gur léir don duine féin an cúlra síc-theangeolaíochta a ghabhann le glacadh leis an leagan Gaeilge nó cloí leis an leagan Béarla dá ainm.
Ach ó thaobh na Gaeltachta de, cá bhfios nach bhfuil baint ag scéal na dteastas breithe leis an scéal go stairiúil?
Ceist an-chasta atá ann, mar sin, a mbeadh duine mar mise – duine nár tógadh sa Ghaeltacht – dall ar ghnéithe go leor di, b’fhéidir.
Bíonn ceist cairdis agus ceana i gceist freisin, ar ndóigh, rud nach dtuigeann cuid de lucht Béarla na cathrach i gcónaí, b’fhéidir.
Ní hannamh ‘Joe’ á thabhairt ar fhear ar baisteadh ‘Seosamh’ air ag a ghaolta is a chairde, mar shampla, agus níl comhaireamh ar a mhinice a chloisfear na focail “mar is fearr aithne air” á rá ar Raidió na Gaeltachta, tar éis don léitheoir idir ainm Gaeilge agus ainm Béarla duine a léamh os ard faoi seach.
Ach sin i measc gaolta, cairde agus lucht aitheantais.
Dála go leor de phobal na Gaeilge ar fud na tíre a dhéanann cinneadh coinsiasach faoin gceist seo, is mór ag muintir na Gaeltachta an leagan dúchasach dá n-ainmneacha is dá sloinnte agus is é a mian go dtabharfaí aitheantas dóibh.
Is geall le litir é ar go leor bealaí an síneadh fada, rud nach dtuigeann a lán de mhuintir na tíre seo.
An mbeifí ar nós cuma liom faoi litir ainm duine a fhágáil ar lár as Béarla? Nó dá mbogfadh lánúin anall anseo ón nGearmáin nó ón bhFrainc, an ndéanfaí Matthew de Matthias nó Peter de Pierre nó fiú Celine de Céline?
“Grúpa [áirithe] sa tsochaí” iadsan, ní foláir – murab ionann agus sinne, Gaeil, más fíor don BAI.
Aonghus Ó hAlmhain (@aonghusoha)
An rud a chuireann soir ar fad mé faoin scéal seo ná go gceapfá go mbeadh Unicode caighdeánach i gcúrsaí TF faoin am seo. Tá go leor eachtrannach san tír anois, mar sin ní na Gaeil agus a gcuid sínte fada amháin a bheidh buailte ag an místuaim is amaidí seo.
Darragh Ó Náraigh
“tá dul chun cinn de shaghas á dhéanamh againn, más chomh malltriallach le seilide é.”
Léamh eile ná céim amháin chun tosaigh agus dhá chéim siar ó thaobh na gcúrsaí seo de…
Seán Mag Leannáin (@SeanMagL)
Bíonn ceist cairdis agus ciona [nó ceana?] i gceist freisin?
Kevin Hickey
Go raibh míle maith agat, a Sheáin – sciorradh pinn a bhí ann. Ceartaithe anois.
KH
Mícheál Ó Leidhin
Ana-alt. M*&!”$@Sche””£$&(*l £”%^ Leidhin atá ormsa aon uair a théim ar thraein sa tír seo!
Donncha Ó hÉallaithe
Bhí baint agam uair amháin le nuachtán (clóite) a chur amach. TUAIRISC a bhí air chomh maith. Bhí sé sách géar ar dhaoine áirithe agus dá bharr bhíodh deacracht anois is arís clódóirí a fháil a bhí sásta dul sa tseans lena chlóbhuaileadh. Bhíodh sé á chlóbhuaileadh i gCathair na Mart, go dtí gur scantraigh an bainistíocht ansin faoi rud éicint a bhí scríofa agus dhiúltaigh siad é a chlóbhuaileadh ina dhiaidh sin. Faoi dheire d’éirigh linn clólann a fháil i nGaillimh, ach ní raibh an ‘síneadh fada’ acu. Cuireadh amach 3 nó 4 eagrán gan aon síneadh fada agus ait go leor, bhí an cuma ar an scéal nár thug aon duine aon cheo faoi deara.
Ar chúis éicint, an rud is mó a chuireadh olc orm féin nuair a dhéantaí O’ den Ó! Ach sure, nach headbangers muid uilig, a bhfuil ainmneacha i nGaeilge orainn!?
Cordelia Nic Fhearraigh
Tá an ‘fadhb’ seo leitheadach i státchóras na tíre seo. Náireach sa bhliain 2015, agus an teicneolaíocht uilig atá ar fáil, go bhfuil rialtas agus rannógaí stát na tíre seo go fóill ag caitheamh amach an seanscéal céanna faoin deacracht leis an fada.
Tá daoine sa tír seo agus má chuirtear foirm Béarla oifigiúil/neamhoifigiúil faoina ngaosán scríobhfaidh siad an leagan Béarla dá n’ainm, má chuirtear foirm Gaeilge, scríobhfaidh siad an leagan Gaeilge dá n’ainm ach dá gcuirfí leagan dátheangach d’foirm faoina ngaosán?….
‘dúirt sé linn nach luaitear é san Acht Teanga ach mhol sé go dtabharfaí foráil isteach sa reachtaíocht sin mar chuid dá leasú’
Ní dhéanfaidh an Choimisinéir Teanga faic gan é bheith scríofa i ndubh agus bán sa reachtaíocht roimh ré.
Mise Åine
Ní hionann ‘fear’ agus ‘féar’… ní hionann Áine agus Aine… ná fágtar sinn gan síneadh fada!
Deósamh de hÚseille
Tugtar Deó ormse! (gáire os ard)