Spórt iontach na beatha faoi chaibidil i sárshraith Phádraig Uí Snodaigh

Is geall le saothar dírbheathaisnéise iad leabhair ‘Scór’ Phádraig Uí Snodaigh, dírbheathaisnéis a dhíríonn ar nithe a raibh tábhacht phearsanta acu dó féin, agus ar dhaoine ar casadh air iad fan na slí

Spórt iontach na beatha faoi chaibidil i sárshraith Phádraig Uí Snodaigh

Dheineas léirmheas ar an suíomh seo ar Scórscéalta (2020) le Pádraig Ó Snodaigh nuair a bhí ábhar rialta ar leabhair agam anseo le linn na plá mallaithe.

Thaitnigh sé go mór liom ag an am toisc gur léirigh sé taobh eile den duine ildánach sin a bhfuil aithne níos fearr againn air mar fhoilsitheoir, mar staraí, mar fhile, mar fhear seasamh na córa agus mar thaca na gcéadta a chuaigh sa tseans agus iad ag dul i mbun pinn.

De réir a chéile, thugas faoi deara gur tháinig leabhair eile uaidh sa tsraith chéanna, mar atá Scór Eile (2022), An Tríú Scór (2022), Scór a Ceathair (2023) agus Scór 5 (2023), agus bhíos ag tóch go domhain im intinn conas mar a d’éireodh leis na gaiscí agus na frithghaiscí agus na mí-eachtraí spóirt sin ar fad a raibh trácht chomh binn sin orthu sa chéad leabhar a choinneáil ag dul.

Bhí breall orm, arís. Ní cúrsaí spóirt is ábhar do na leabhair sin eile ar fad, fág go bhfuil spórt ina lúb laistigh, ach cúrsa a bheatha féin. Is geall le dírbheathaisnéis iad na leabhair seo arna gcur le chéile, dírbheathaisnéis a fhágann cuid de na gaiscí is mó a dhein sé ar lár, ach a dhíríonn ar nithe a raibh tábhacht phearsanta acu dó féin, agus ar dhaoine ar casadh air iad fan na slí, ar mhaithe le maith, nó le holc, nó le pé rud is mian leat.

Mura bhfuil scéal a bheatha idir chamána aige go lánoifigiúil (agus tá súil againn go bhfuil), is iad seo an cuntas is fearr a gheobhaimid air á cheal. Bíodh go bhfuil gach leabhar ann féin gairid go maith, ní mór a rá go bhfuil beagnach 400 leathanach ar fad iontu sa tslánchruinne, rud a fhágann nach aon mhioninsint chaol aimlithe í seo.

Sa chéad leabhar sin d’admhaigh sé gurbh í an iomáint an cluiche ab ansa leis agus ab fhearr sa chruinne (cé dúirt a mhalairt?), agus d’eachtraigh sé go leor dá chuid imeachtaí ar fud na páirce agus ag rith agus ag léim agus go fiú sa chró dornálaíochta nach raibh sé chomh héiritheach sin ann in ainneoin a nirt, dar leis. Ach idir na cuaillí, mar a déarfá, thug sé léargas léirsteanach dúinn ar nithe eile, go háirithe ar an aicmeachas sa rugbaí agus sa lúthchleasaíocht, agus ar an bpolaitíocht ghránna a lean a leithéid.

Smut de stair shóisialta na hÉireann é sin nach bhfuil glanta gan smál fós in ainneoin na mórála a maítear as foireann rugbaí ‘an oileáin’.

Bhíos ag coinne le heachtraí den tsaghas céanna nuair a chromas ar an dara leabhar: eachtraí spóirt eile a shoilseodh an saol. Mar a dúirt Camus, nárbh as Camas dó, i gceann de na ráitis nach raibh chomh baoth sin uaidh, gur fhoghlaim sé níos mó ón bpeil seachas mar a d’fhoghlaim sé ó aon rud eile sa tsaol.  Níorbh iad a fuaireas mar eachtraí spóirt, áfach, ach sraith d’aistí gonta ar a óige, ar a mhuintir, ar fhostaíocht, ar ban an GAA, imirce, suirí, aibhléisiú na tuaithe, polaitíocht na huaire, iad ar fad breac lena insint bhríomhar neamhleithscéalach féin a thug ar aghaidh as aois a chéad bhlianta beaga naíondachta sinn go dtí aois na céille, sa mhéid is go sroicheann aon duine againn í sin.

Is ceart a rá gur d’aistí gearra gonta atá na leabhair ar fad tógtha rud a fhágann gur féidir le daoine a tógadh le hInsta-alt is le léamh teileafóin phóca iad a láimhseáil gan doic.

Is féidir iad seo a léamh mar scéilíní chomh maith, gach ceann acu ina sheasamh ar leithrigh, ach neadaithe san insint níos leithne chomh maith céanna.

‘Fíorannamh a chaithinn carabhat,’ a deir sé i scéal amháin, agus é ina theachtaire do chomhlacht árachais. Gníomh in aghaidh na bunaíochta ba ea é sin san am murab ionann agus anois nuair is gníomh réabhlóideach é ceann díobh a chur ort san ionad neamhfhoirmiúil is galánta. Is léir nárbh aon chabhair dó an méid sin agus é ag iarraidh dul ar aghaidh sa tsaol áirithe gnó sin. Nuair a d’fhiafraigh sé cad ina thaobh nach bhfuair sé ardú céime, ba é freagra a fuair sé: ‘Ní fear eagraíochta tú.’

Níorbh fhear fhaisean na staire nua é ach an oiread. Thug sé léacht uaidh d’eagras mórluachach staire amháin ar ábhar an IRB agus tugann le fios dúinn ‘gurbh é an t-aon léacht a tugadh dóibh nár fhoilsigh siad in Irish Historical Studies, de bharr gur léir nár aontaigh mé’ lena raibh le rá ag F.X. Martin, duine a bhí i dtosach na greise ag caitheamh anuas ar éirí amach 1916.

Tá sé géar go maith ar shuaibhreas agus ar shnobaireacht na cléire, rud a thuigfeá ó dhuine de na learairí cúlsráide, na buachaillí nárbh ó bharr na sráide iad, na dirty lane boys; agus mar sin is mó is ionadh linn ‘sna blianta sin, shíleas go mba chóir dom dul le sagartóireacht’.

Cé go dtéann dár samhlaíocht go glan an Monsíneoir Oirmhinneach Uasal Pádraig Ó Snodaigh JCB RGB, ridire de chuid na Vatacáine, a shamhlú anois, ba chuid de chathú leanúnach an tsaoil é sin do leaid óg ar bith a raibh cumas ann.

Tá sé admhálach go raibh a athair i gClann na Poblachta agus is mar ábhar mórtais a luaitear sin, ach beagáinín níos leithscéalaí maidir lena chumann le Fianna Fáil; ina choinne sin thall, ní foláir smaoineamh go raibh scáil agus cuimhne agus macalla de phrionsabail áirithe fós acu mar FF i 1930idí agus i 1940idí na haoise seo caite, agus gur mhinic sin daoine idéalacha ag clasú leo mar mhalairt ar na léinte gorma agus an bhá oscailte fháilteach a bhí acu siúd le faisistigh na hEorpa. Is í cúis mhaíte Chlann na Poblachta ná gurbh iad a chuir ‘an réabhlóid ba shuntasaí i nua-stair na hÉireann i bhfeidhm: deireadh leis an eitinn mar mharfóir ó smacht’.

Cé gur scéal leanúnach a bheatha atá sna leabhair seo agus go leanann siad an patrún céanna, tá dath nó tuin faoi leith ag gach ceann díobh. Aithním gur scéalta gearra mar gheall ar dhaoine a raibh aithne aige orthu, nó a theangmhaigh leis ar bhóthar an tsaoil atá san tríú scór agus ina dhiaidh, mar shampla, cuid acu íogair, cuid acu brónach, cuid acu greannmhar.

Tá, mar shampla, as measc na coda go léir, scéal ‘Maidhlí’, cara leis ó chúlsráideanna Cheatharlach a chuaigh sa Gharda gan deacracht ina dhiaidh sin toisc neart agus airde agus cumas dá réir a bheith ann. Níor ghabh an saol ar a shon ina dhiaidh sin, áfach, chlis ar a phósadh, tháinig an t-uaigneas agus an crá anama air ionas go gcaitheadh sé sciar dá laethanta ag glaoch ar dhaoine ar an teileafón, ár bPádraigne ina measc. Bíodh go raibh Pádraig foighneach leis (mar a bhíonn) bhris ar an bhfoighne aige oíche tar éis dó ‘seacht lá as a chéile a ghabháil’ don chnáimhseáil chéanna gan stad.

Tugann sé le fios dúinn go raibh náire air gur chuir sé an fón síos agus nár ghlaoigh ar ais air ina dhiaidh sin. Is de mhóimintí beaga mar sin atá an bheatha déanta chomh maith.

Scéal níos gléléire é dár n-aimsir féinig is ea meon aint leis mar gheall ar dhaoine gorma. Is amhlaidh go ndúirt sé lena aint gur casadh fear gorm leis ar an mbóthar go Cill Chainnigh agus gur thug sí foláireamh dó nár cheart labhairt lena leithéid, óir ‘Ní fíordhaoine iad san, tá’s agat, ach moncaithe atá in inmhe cainte’. B’fhéidir nár cheart a bheith ródhian ar dhaoine nach raibh taithí cheart acu ar an saol agus nach bhfaca ach daoine mílítheacha tromthónacha spágchosacha camánbharbartha ar bhóthar Chill Chainnigh, ach cuireadh an ceacht abhaile air féin, agus orainn go léir nuair a bhí an Ghaeilge á labhairt go sibhialta caoinbhriathrach aige le cairde ar shráideanna Bhéal Feirste agus gur airigh sé go buí oráisteach: ‘Éist leis na moncaithe atá in inmhe cainte.’

Cabaireacht dom, cabaireacht duit, mar a déarfá. Moncaithe iad lucht na Gaeilge dar le hápaí áirithe aineolacha, ar an gcuma chéanna is gur moncaithe iad lucht tearmainn anseo de réir lucht dóite óstán agus a bpáirtithe béasacha toisc nach dtuigimid a dteanga ná a dtosca nó cad é go díreach a bhféadfadh siad bheith ag glagaireacht faoi go balbhbharbartha ina dtrudaireacht dhorcha gan bhrí.

Gné eile de na leabhair seo is ea an éagsúlacht stíle. Is fíor gurb aistí/ailt/caibidlí ar an ngnáthshlí iad a bhformhór, ach tá cuid eile gur cuma nó agallaimh ‘aonair’ nó agallamh beirte iad, comhráite, cuid eile fós arb argóintíocht atá iontu, cuid eile ina litreacha, ina ráitis, ina sruthanna coineasachta mar a labhrann duine gan smacht, gan bheann ar rialacha. Níl sé ar son sinn a scaoileadh saor ón ngnáthamh leamh chomh furasta sin.

Tá go maith i gcónaí chun racht a ligean nuair a oireann, agus má thuigtear dó le híoróin gur dócha go bhfuil ‘deireadh déanta’, is deimhnithí fós nach bhfuil ‘deireadh ráite’. Is aoibhinn leis a bheith ‘beo is beo is beo’ mar is iontach an áit é an domhan seo ‘agus is aoibhinn liom saol a bheith agam air’. Rud a fhágann gur fíorbheag maoithneachas atá ann siar síos, agus má ghearáineann sé an tsean-aois, an ‘radharc ag teip, lúth na gcos’ ag imeacht, tá ‘an cloigeann ag feidhmiú go maith’, mar is eol dúinn go léir.

Is féidir a rá go bhfuil na leabhair, arna dtógáil san aon bhuirlín amháin le chéile, ‘cineál croineolaíoch’. Níl aon chuntas ar a chéad lá ar scoil, ná ar a chéad bhríste ná péire bróg, ach léimeann isteach sa spórt ar tús, agus cé go gcaolaíonn sin mar théama uainn de réir a chéile, féach go bhfuil fós go láidir in Scór 5.

Agus é ag trácht ar an rás míle a rith sé laistigh de chúig nóiméad, tapaíonn an deis tabhairt faoin scoilt amaideach a déanadh d’aon ghnó in eagraíochtaí lúthchleasaíochta na tíre. Tugann sé aghaidh a chraois ar Chumann Lúthchleas Gael toisc gurb iad a bhuanaigh na contaetha Gallda – agus cé nach ndeir sé é, samhlaigh dá mbeadh príomhchomórtais iomána agus chaide idir Oirialla agus Óméith nó, idir Na Déise agus Muintir Luinigh (rud nach dócha), nach mbeadh dreach na hÉireann iomlán éagsúil seachas mar atá sé?

Tá na cúraimí céanna ann ó thús go deireadh. An saol inar tháinig ann dó, inar mhair sé, na daoine ar casadh air iad i bhfad an bhóthair, ar bhfaisnéiseadar dúinn mar gheall orainn féin, an t-aicmeachas gránna ina smúid ar an mbeatha, na postanna a bhí aige ar feadh tamaill agus na luachanna a bhain leo, an aigne ghéar i lár an aicsin ach i gcónaí ag faire uirthi féin ó imeall leataobh na slí.

Is é an t-aon pholl atá ann mar chuntas ná an gaisce foilsitheoireachta arb é Coiscéim é i gcónaí. Cad a spreag é le dul ina bhun? Cad iad na constaicí a sháraigh sé? Cérbh iad na scríbhneoirí a bhí ina mbalaicsí is a thug crá croí dó? Na scríbhinní ar ghá diúltú dóibh. Na leabhair a gealladh is nár tháinig? A chaidreamh leis an aos litríochta? Na dlíodóirí a bhagair air. Na sleachta arbh éigean iad a chaitheamh amach ar eagla clúmhillte?  Na saothair is mó a raibh sé mórálach astu?

Tá seans ann gur saothar é stair Coiscéim nach foláir do dhuine éigin eile é a bhreacadh. Ach nárbh iontach é, dá mbreacfadh sé féin é, ní mar mhalairt ar na leabhair seo, ach mar chomhlánú orthu?

Fág freagra ar 'Spórt iontach na beatha faoi chaibidil i sárshraith Phádraig Uí Snodaigh'