Ionsaí ar Rafah agus bás den ocras ag bagairt ar mhuintir na Palaistíne

Tá tráchtairí slándála in Iosrael ag rá go bhfuil an cinneadh Ionsaí a dhéanamh ar Rafah  idir dhá cheann na meá

Ionsaí ar Rafah agus bás den ocras ag bagairt ar mhuintir na Palaistíne

Le roinnt seachtainí anuas tá ionsaí á bhagairt ag na hIosraelaigh ar Rafah, cathair ar an teorainn leis an Éigipt i ndeisceart Gaza. Tá sé ráite acu gurb é Rafah an daingean deireanach de chuid Hamas sa stráice agus go gcaithfidh siad cathláin dheireanacha Hamas a chloí sa chathair chun a chinntiú go bhfuil slad déanta acusan ar an eite mhíleata den eagras, ar a laghad.

Idir an dá linn tá siad faoi bhrú dul i ngleic leis an ngéarchéim ocrais atá ag tarlú mar gheall ar a n-ionradh ar an stráice. Tá brú orthu éirí as an gcogadh agus glacadh le sos cogaidh. Tá Príomh-Aire na tíre faoi bhrú éirí as mar gheall ar an gcaoi ina bhfuil sé ag déileáil leis an gcogadh agus le cás na ngiall. Cé go bhfuil an brú idirnáisiúnta agus inmheánach ag méadú tá Iosrael fós ag maíomh go rachaidh siad isteach sa chathair.

Chuaigh Státrúnaí na Stát Aontaithe ar chamchuairt thíortha an Mheánoirthir coicís ó shin chun spreagadh a thabhairt do na cainteanna faoin sos cogaidh agus chun plé a dhéanamh faoin ngéarchéim ocrais agus faoi cad a tharlóidh i ndiaidh an chogaidh. Nuair a thug sé cuairt ar Iosrael, mar chuid dá chamchuairt, dúirt sé go raibh sé chun an t-ionsaí ar Rafah a phlé leo.

An tseachtain seo caite, rith Comhairle Slándála na Náisiún Aontaithe rún inar moladh go gcuirfí sos cogaidh i bhfeidhm láithreach. Cé nach mbeidh mórán tionchair ag an moladh seo ar na hIosraelaigh sa ghearrthéarma, cuirfear leis an mbrú taidhleoireachta agus polaitíochta orthu.

Deighilt oscailte

Léiríonn an rún a rith tríd an gComhairle Slándála an deighilt atá ag oscailt idir an dá dhlúth-chomhghuaillí. Roimhe seo, chros na Stát Aontaithe gach iarracht a rinneadh rún a rith tríd an gComhairle ach sa chás is déanaí staon siad, rud a chiallaigh gur glacadh leis an rún.

Mí ó shin bhí an chuma ar chúrsaí go raibh na hIosraelaigh chun tús a chur leis an ionsaí ar Rafah go luath. Ach chomh luath agus a mhaígh siad go raibh an cinneadh déanta acu, chuir Uachtarán na Stát Aontaithe in iúl nach raibh sé sásta leis. Anuas air sin, cháin an Leas-Uachtarán iad toisc go gcuirfeadh aon ionsaí leis an ngéarchéim dhaonnúil agus ocrais sa stráice. Ina dhiaidh sin cháin an Státrúnaí na hIosraelaigh freisin, ach dúirt sé go mb’fhéidir go raibh bealaí eile ann chun an sprioc a bhaint amach.

Cé gur gheall na hIosraelaigh go raibh siad sásta mionsonraí a bplean a phlé leis na Meiriceánaigh agus fiú go raibh siad chun ionadaithe a chur chuig Washington chun é sin a dhéanamh, dhearbhaigh siad go raibh an cinneadh déanta acu agus go raibh an t-ionsaí riachtanach chun Hamas a chloí. Bhí an chuma ar chúrsaí nach raibh na Meiriceánaigh in ann dul i bhfeidhm orthu. Seans go raibh cinneadh na Stát Aontaithe maidir leis an rún is déanaí sa Chomhairle Slándála ina chomhartha d’Iosrael gur cheart dóibh éisteacht leo.

Dhá cheann na meá

Léiríonn na hagóidí is déanaí in Iosrael an brú atá ar na húdaráis maidir leis na gialla atá gafa ag Hamas agus mar gheall air sin caithfidh an rialtas a léiriú go bhfuil gach iarracht á déanamh acu iad a scaoileadh saor. B’in an chúis gur fhill siad ar chainteanna ag deireadh mhí Eanáir agus gur fhill siad arís ag an deireadh seachtaine tar éis dóibh éirí as na cainteanna faoi dhó roimhe sin.

Cé gur dhearbhaigh siad go bhfuil an cinneadh déanta acu níl na comharthaí le feiceáil ag an láthair go bhfuil an t-ionsaí ar Rafah ar tí tarlú. Tá cuid mhaith de na trúpaí a cuireadh chun catha ag tús an ionraidh tarraingthe amach agus léiríonn an scrios ar ospidéal Al-Shifa go bhfuil na trúpaí atá fágtha gnóthach fós lasmuigh de Rafah.

Níl aon chomharthaí go dtí seo go bhfuil trúpaí breise á gcomhchruinniú acu gar don stráice. B’fhéidir go bhfuil an cinneadh déanta ag an gcomh-aireacht chogaidh ach níl na horduithe tugtha don arm go fóill.

Má sheolann siad an t-ionsaí sula dtiocfaidh sos cogaidh i bhfeidhm beidh an seans go scaoilfí saor na gialla á chaitheamh i dtraipisí acu. Anuas air sin, beidh siad ag dul sa seans go seasfaidh an caidreamh leis na Stáit Aontaithe nuair a thiocfaidh an crú ar an tairne. Ach léiríonn cinneadh na Stát Aontaithe armlón agus scairdtrodairí a chur ar fáil dóibh nach bhfuil an caidreamh sin chun cliseadh am ar bith go luath.

Mura seolann siad an t-ionsaí beidh siad ag súil go scaoilfear na gialla saor mar chuid de chomhaontú sos cogaidh.

Ach beidh baol ann go gcuirfear síneadh ama buan i bhfeidhm leis an gcéad sos cogaidh eile, rud a chiallóidh go mbeidh an cinneadh gan ionsaí a dhéanamh ag teacht salach ar ghealltanas an Phríomh-Aire slad a dhéanamh ar eite mhíleata Hamas.

Tá tráchtairí slándála in Iosrael fós ag rá go bhfuil an cinneadh sin idir dhá cheann na meá.

Ach is nuair a chloisfear na foláirimh do na Palaistínigh Rafah a fhágáil, nuair a fheicfear an méadú ar líon na n-ionsaithe ón aer agus nuair a chloisfear tuairiscí maidir le comhchruinniú trúpaí breise, sin an uair a mbeidh a fhios ag an domhan mór cén cinneadh atá déanta ag na hIosraelaigh.

Fág freagra ar 'Ionsaí ar Rafah agus bás den ocras ag bagairt ar mhuintir na Palaistíne'