Scéalta grinn i nGaeilge, cuimhní cinn Nan Uí Chuilinn agus mná na hathbheochana

Caitheann Tuairisc súil ar chuid de na foilseacháin Ghaeilge atá díreach foilsithe

Scéalta grinn i nGaeilge, cuimhní cinn Nan Uí Chuilinn agus mná na hathbheochana

Sin Ceann Maith
Bailiúchán scéalta grinn do dhaoine fásta
Joe Ó Dónaill
Léaráidí le Graham Corcoran
Foilsithe ag Éabhlóid,
Greann, Clúdach bog, €10

Leabhairín deas ina bhfuil meascán jócanna agus scéalta beaga grinn ann is ea Sin Ceann Maith le Joe Ó Dónaill. Tá neart sa leabhar seo a chuirfidh meangadh gáire ar an léitheoir.

Ar ndóigh, tá cáil ar Ó Dónaill agus a leathbhádóir Ray Mac Mánais as na hagallaimh bheirte a chuireann siad i láthair ag Oireachtas na Samhna. Tá an cumas grinn tugtha leis ag Ó Dónaill go dtí an leabhar seo agus tá na scéalta scríofa ar bhealach so-ráite, agus so-léite.

Cuireann na léaráidí grinn, sceitseáilte ag Graham Corcoran, atá scaipthe tríd an leabhar go mór leis an leagan amach. Scíthléitheoireacht éadrom atá ann gur féidir é a phiocadh suas is a oscailt in aon áit agus scéal beag barrúil a léamh.

Úna Ní Fhaircheallaigh agus an Fhís Útóipeach Ghaelach
Ríona Nic Congáil
Arlen House
Neamhfhicsean, Clúdach bog, €20.00[infobox]

Eagrán faoi chlúdach bog den leabhar Úna Ní Fhaircheallaigh agus an Fhís Útóipeach Ghaelach le Ríona Nic Congáil. Bhuaigh an leabhar seo Duais Leabhar Taighde na Bliana de chuid an American Conference for Irish Studies an bhliain ar foilsíodh é den chéad uair in 2010.

Saothar é a dhéanann athbhreithniú ar an meon a spreag giniúint agus fás ghluaiseacht na hathbheochana in Éirinn ó aimsir an fin de siècle ar aghaidh.

Trí staidéar beathaisnéiseach a dhéanamh ar Úna Ní Fhaircheallaigh, tá Nic Congáil ag iarraidh léargas nua a thabhairt ar thionchar na n-óg ar athbheochan na Gaeilge agus athléamh a dhéanamh ar fheidhm agus ar thábhacht na mban sa ghluaiseacht sin; bíodh an litríocht, an spórt, cúrsaí léinn, cúrsaí polaitíochta, nó feachtais ar son na cothromaíochta inscne i gceist. 

[infobox]Nan – Scéal a Beatha
Francie Cullen a chuir in eagar
Foilsithe ag Arlen House
Scéalaíocht, Cuimhní cinn
Clúdach bog, €15.00

Súil siar ar shaol ar leith atá sa leabhar seo. Cuimhní cinn Nan Uí Chuilinn, scéalaí as Tír Chonaill a rugadh sna Doirí Beaga sa mbliain 1927. Chaith sí seal ar fostú sa mbaile agus ar an Lagán, seal ag obair in Albain agus tromlach a saoil ag tógáil clainne i Ros Goill agus ag obair sa gceantar sin. Cailleadh í sa mbliain 2021.

Is é a mac Francie Cullen a rinne eagarthóireacht ar an leabhar agus is saothar ómóis atá ann, ní hamháin dá mháthair ach don ghlúin agus don saol as ar fáisceadh í.

Tá achoimre ar shaol a mháthar scríofa ag Cullen i dtús an leabhair agus tagann an cion agus an meas a ghin sí ina clann chun cinn go mór sa mhéid atá scríofa aige. Scéalta a d’inis Nan í féin faoina saol atá sa gcuid eile den leabhar. Trí cinn déag de scéalta atá ann agus iad tras-scríofa ón insint a thug sí féin orthu.

Cuireann an leabhar seo leis an stór luachmhar atá ann de bheathaisnéisí i nGaeilge ina dtugtar cuntas pearsanta ar shaol agus ar shlí maireachtála atá imithe anois. Is minic a deirtear ‘ní bheidh a leithéid arís ann!’ ach dháiríre, ní bheidh.

Is deas taitneamhach le léamh an leabhar seo agus tá na scéalta inste go deisbhéalach, bríomhar. Tá blas Thír Chonaill ar an nGaeilge sa leabhar ach ní aon bhac é ar an léitheoir le canúint eile. Níl aon amhras ach go raibh bua na scéalaíochta ag Nan agus í in ann cor agus casadh spraíúil a bhaint as na scéalta atá againn sa leabhar seo.

Fág freagra ar 'Scéalta grinn i nGaeilge, cuimhní cinn Nan Uí Chuilinn agus mná na hathbheochana'