AGALLAMH: ‘Tá ardú croí sa cheol agus sa teacht le chéile’

Beidh an damhsóir agus ceoltóir Becky Ní Éallaithe le feiceáil sa seó ‘Damhsa na gCoiníní’ a bheidh á léiriú sa Taibhdhearc. Labhair sí le Tuairisc

Tá Becky Ní Éallaithe, ceoltóir agus damhsóir traidisiúnta, ar dhuine de mheitheal ceoltóirí agus damhsóirí atá tagtha le chéile faoin teideal ‘Damhsa na gCoiníní’.

Beidh seó den teideal céanna á léiriú ag an ngrúpa amuigh faoin aer ar an tSráid Láir i nGaillimh an deireadh seachtaine seo agus é ar cheann de na léirithe a bheidh á stáitsiú mar chuid den mhórléiriú Scéal na Gaillimhe.

Saol sa gceol agus sa damhsa a bhí ag Ní Éallaithe agus í ag fás aníos. “Is as na hAille in Indreabhán dom agus bhí an t-ádh orm ag fás aníos leis an gceol agus an damhsa,” a deir sí.

I ndiaidh na scoile chuaigh sí go hOllscoil Luimnigh áit a ndearna sí céim sa gceol traidisiúnta. “Sin é an chéad uair gur bhuail mé le damhsóirí a bhí ag déanamh damhsa comhaimseartha agus ba é an damhsa ar an sean-nós a bhí agamsa.”

Tá an taithí sin le feiceáil sa téama atá ag an léiriú Damhsa na gCoiníní. Aidhm mhór a bhí ag Ní Éallaithe agus a comhbhádóirí ná an traidisiún a nascadh leis an ealaín chomhaimseartha.

“Tá muid ag iarraidh an ceol traidisiúnta agus an damhsa traidisiúnta a thabhairt isteach leis an damhsa comhaimseartha is ag iarraidh teanga agus saothar nua a chruthú as,” a deir sí.

Chuaigh Becky ag obair le Fíbín sa Taibhdhearc nuair a bhí an chéim críochnaithe aici agus d’oibrigh sí mar riarthóir leis an amharclann náisiúnta ar feadh tréimhse.

“Bhí sé iontach a bheith ag obair in amharclann agus an taobh eile den stáitse a fheiceáil agus forbairt a dhéanamh ar na scileanna léiriúcháin agus an obair ar fad a théann isteach i seó a léiriú.”

Na laethanta seo caitheann sí a cuid ama idir a bheith ag múineadh ranganna ceoil agus damhsa agus ag obair ar thograí cruthaitheacha.

“Tugann sé an seans dom a bheith ag obair go háitiúil agus ag obair ar phíosaí cruthaitheacha ag an am céanna.”

Is é Damhsa na gCoiníní an ceann is deireanaí de na saothair chruthaitheacha a bhfuil sí páirteach ann. Grúpa damhsóirí agus ceoltóirí iad ‘Damhsa na gCoiníní’ a tháinig le chéile mar thoradh ar ghlaoch oscailte a rinne Fíbín sa Taibhdhearc agus Comhlacht Cultúir na Gaillimhe don mhórléiriú Scéal na Gaillimhe.

Is é aidhm an togra Scéal na Gaillimhe ná oidhreacht chultúrtha, stairiúil agus ealaíne na Gaillimhe a léiriú trí súile na n-ealaíontóirí áitiúla. Roghnaíodh 6 thogra tríd an nglaoch oscailte agus tá Damhsa na gCoiníní ar cheann acu.

Is iad na healaíontóirí atá sa ngrúpa in éineacht le Ní Éallaithe ná Peadar Tom Mercier ceoltóir traidisiúnta agus comhaimseartha as an gCeathrú Rua, Aindriú de Buitléir, dearthóir fuaime as an gCeathrú Rua, Diarmuid Armstrong, damhsóir agus ceoltóir atá ina chónaí i nGaillimh agus na damhsóirí comhaimseartha Fionnuala Doyle Wade agus Roberta Ceginskaite a bhfuil cónaí orthu i nGaillimh freisin.

“Mar ghrúpa, tá suim againn go mbeadh an ceol agus an ghluaiseacht don léiriú beo ag teacht as lámha a chéile. An inspioráid a bhí againn ná an stíl cheoil agus damhsa seite atá coitianta i gConamara a úsáid mar bhunchloch agus tógáil air sin,” a deir Ní Éallaithe.

Tá dlúthbhaint ag an gceol, an tírdhreach agus an damhsa lena chéile, dar le Ní Éallaithe agus bhí an grúpa ag iarraidh an ceangal sin a léiriú sa seó.

“Ag spraoi leis an gceol traidisiúnta a bhí muid, ag tarraingt rudaí amach as agus breathnú ar céard is féidir linn a shníomh isteach leis an damhsa. Céard iad na rudaí sa gceol traidisiúnta a spreagann gnéithe den damhsa?”

Bhí an tírdhreach féin ina n-intinn ag na healaíontóirí agus an saothar seo á chur le chéile acu. “Bhí suim againn breathnú ar an gcaoi a mbíonn tionchar ag an tírdhreach ar an gceol agus an damhsa agus cén chaoi a bhféadfadh muid é sin a chur i láthair. Cé nach bhfuil scéal ar leith ag baint leis an damhsa tá go leor mothúchán ann agus go leor fuinnimh. Úsáideann muid an ceol, an damhsa agus an amhránaíocht as an áit chun an fuinneamh sin a chur i láthair.”

Is ardú croí atá sa gceol agus sa damhsa a deir sí. “Tugann sé seans don lucht féachana dearmad a dhéanamh ar aon trioblóidí atá thart orthu is a bheith ceangailte leis an gceol is leis an damhsa atá ag tarlú os a gcomhair. Leis an damhsa, téann na mothúcháin suas agus síos de réir mar a théann an ceol nó an fuinneamh suas nó síos. Más féidir leat an lucht féachana a thabhairt leat athróidh daoine a meon is ag an deireadh tá tú ag súil go mbeadh ardú croí faighte ag chuile dhuine.”

Chuir an grúpa réamhléiriú i láthair ag Halla na Tulaí le deireanas agus ag deireadh an tseó bhí gach duine, idir ealaíontóirí agus lucht féachana, amuigh ag damhsa le chéile, a deir sí. “Sin é an rud atá muid ag iarraidh a chruthú ag deireadh an lae, spraoi, fuinneamh agus draíocht.”

*Beidh Damhsa na gCoiníní le feiceáil mar chuid den mhórléiriú Scéal na Gaillimhe sa Taibhdhearc ar an 7 Aibreán. Tuilleadh eolais anseo.

Fág freagra ar 'AGALLAMH: ‘Tá ardú croí sa cheol agus sa teacht le chéile’'

  • Niall Gòrdan (Niall na Naoi bPionta)

    Scéal 7 píosa iontach! Tá súil agam go mbeidh seans ann an rud go léir a fheiceáil abhus an seo i Albainn ar bhealach éigin! Ná go mbeidh aithisc ó pheann Bhríde le léamh ar a laghad. Mo cheol sibh uilig! :-)