Díospóireacht faoin nGaeilge ar FM104 ‘míchothrom’, a deir an BAI

Ach diúltaítear do chuid eile de ghearán faoin gclár mar ‘nach ionann Gaeilgeoirí agus grúpa sa tsochaí’

Díospóireacht faoin nGaeilge ar FM104 ‘míchothrom’, a deir an BAI

BAI FM1042

‘Míchothrom’ a bhí mír faoin nGaeilge ar sheó cainte Chris Barry ar FM104 inar thug an láithreoir ‘awkward son of a bitch’ ar dhuine de phobal na Gaeilge, de réir cinnidh atá déanta ag an BAI.

Rinne an BAI fiosrúchán faoin díospóireacht bheo, a craoladh ar an 5 Meitheamh 2014 ar Phoneshow FM104, i ndiaidh do Mhuireann Ní Mhóráin, Príomhfheidhmeannach COGG, gearán a dhéanamh leo faoi.

Is ar bhonn pearsanta a rinne Ní Mhóráin gearán le hÚdarás Craolacháin na hÉireann faoin gclár a craoladh ar an stáisiún raidió i mBaile Átha Cliath.

Mar thoradh ar an gcinneadh, craolfaidh FM104 ráiteas ón BAI san oíche amárach, Déardaoin an 15 Mí Eanáir, ag 9pm.

muireannnímhóráin
An gearánaí, Muireann Ní Mhóráin

Thug Muireann Ní Mhóráin le fios don BAI ina gearán gur cuireadh i leith Gaeilgeoirí le linn na díospóireachta i mí an Mheithimh gur ‘nutters’ a bhí iontu a bhí ‘fanatical’, ‘mad’ agus ‘insane’.

Rinne sí gearán chomh maith faoi ráitis eile a deineadh le linn an chláir faoi iompar cuid de lucht na Gaeilge: “Irish is rammed down your neck”, “[they] piss people off”, “just being bloody awkward” agus an “Irish language Taliban”.

Bhí an gearánaí in amhras faoi cé acu an mbeadh nó nach mbeadh sé inghlactha “fanatical” nó “nutters” nó awkward son of a bitch” ar lucht leanúna creidimh ar leith.

Ní mó ná sásta a bhí an gearánaí ach an oiread leis an dearcadh a léiríodh le linn an chláir faoi Ghaelscoileanna.

Dúirt duine de láithreoirí an chláir gur nós meánaicmeach a bhí i gclárú leanaí i nGaelscoileanna ag “people that want to think they’re higher than everyone else”.

Ina bhfreagra ar an ngearán, dúirt FM104 go ndúirt an láithreoir go soiléir gur “some people” a bhí i gceist sa chás sin.

Thug an craoltóir le fios gur labhair Chris Barry féin ar son na ndaoine a labhraíonn Gaeilge agus ‘a bhaineann taitneamh aisti’.

“If you want to do it, I’m all for it –go ahead!” a dúirt sé le linn na díospóireachta, cruthúnas, dar le FM104, nach raibh an láithreoir i gcoinne na Gaeilge ach go raibh sé i gcoinne ‘éigeantacht’ na Gaeilge sa chóras oideachais.

Dúirt an craoltóir ina bhfreagra don BAI gur thug Barry ‘fanatics’ agus ‘nutters’ ar ‘mhionlach’ de phobal na Gaeilge a bhí “fantaical about the language to the point where they just piss people off”.

Maidir leis an bhfrása ‘Irish language Taliban’, dúirt FM104 nárbh iad na láithreoirí a chum ná a cheap agus gur úsáideadh é go minic roimhe sin.

Dúradh mar shampla gur úsáideadh an téarma ‘Irish language Taliban’ chun cur síos ar iompar roinnt ball de Chonradh na Gaeilge agus a modhanna agóide lasmuigh de Dháil Éireann.

Dúradh leis go raibh an frása coitianta sna meáin le tamall mar chur síos ar dhaoine a éilíonn “go dogmach” go bhfanfadh an Ghaeilge mar theanga oifigiúil agus mar ábhar ‘éigeantach’ sna scoileanna.

Chinn an BAI i gcoinne an ghearánaí maidir le cuid dá haighneacht. Dúirt an BAI gur “clár fónála isteach” a bhí i gceist agus dá bharr sin gur plé ‘gasta’ ‘bríomhar’ idir lucht glaoite agus láithreoirí a bhí i gceist agus tuairimí éagsúla nochtaithe ann.

Bhí an tÚdarás Craolacháin den tuairim nach ionann Gaeilgeoirí agus “grúpa sa tsochaí” agus dá bharr sin nach raibh Cód Chaighdeán na gClár, a thagraíonn do ‘Dhaoine agus grúpaí sa tsochaí’, sáraithe ag FM104.

Faoin mír seo, éilítear, i measc rudaí eile, go mbeadh “an chaoi ina léiritear daoine agus grúpaí sa tsochaí oiriúnach agus inchosanta”.

Chinn an BAI leis nár sháraigh an clár rialacha maidir le ‘teanga gháirsiúil agus déisteanach’.

Mar sin féin, bhí an Coiste den tuairim gur “neamhchothrom” a bhí an tslí ar láimhseáladh gné amháin den chlár.

Cinneadh gur chuir an láithreoir isteach “arís agus arís eile ar rannpháirtithe nár aontaigh le seasamh eagarthóireachta an chláir (nach cuidiú é an riachtanas éigeantach chun an teanga a fhoghlaim)”.

Thagair cinneadh an BAI chomh maith don chur síos a rinne Chris Barry ar dhuine de rannpháirtithe an chláir mar “awkward son of a bitch” agus don cháineadh a rinne na láithreoirí ar rannpháirtithe eile a ghlaoigh isteach ar an gclár “tar éis dóibh an n-ionchur a thabhairt”.

Sarú a bhí san “ionchur” seo ó na láithreoirí ar rialacha an BAI faoi mhír 4.1 de Chód an BAI maidir le Cothroime, Oibiachtúlacht agus Neamhchlaontacht i gCláir Nuachta agus Cúrsaí Reatha, a dúradh.

Fág freagra ar 'Díospóireacht faoin nGaeilge ar FM104 ‘míchothrom’, a deir an BAI'

  • Eoghan ONeill

    Caithfimid glacadh san áireamh gur Anglos iad scar mór de mhuintir na tíre agus go bhfuil an cultúr Anglo i mbárr a réime ar fud an domhain mhóir (mar sh. i lár Bherlin tá fograíocht na ngnóanna sa Bhéarla agus tá an radio báite le ceol sa teanga chéanna – dá mba Arabais a bheadh ann bheadh siad amuigh ag léirsiú sna sráideanna ag rá go raibh an Deutsch faoi ionsaí!). Mar sin tá sé nádurtha go leor go mbeadh daoine áirithe de chuid lucht an Ueberkultur maslach agus diúltach i leith na Gaeilge mar tá an chuimhne chulturtha de chuid a sinsir seo glanta as a n-anamacha le tamall maith anois. Caithfear a thuiscint go gcuireann sé isteach ar na daoine áirithe seo go bhfuil daoine eile ann nach nglacann leis an Manifest Destiny de chuid a gcultúr agus is mar sin a ghlaoigheann siad ‘fanatics’ agus ‘taliban’ ar na Gaeil. Ach má théann tú isteach chuig Lidl nó Aldi cloisfidh tú Béarla, Polski, Gaeilge srl. agus pas de problem. Is amhlaidh ba chóir dó bheith!

  • Cordelia Nic Fhearraigh

    Daofa siúd nach dtuigeann caidé an rud an ‘BAI’: Broadcasting Authority of Ireland. B’fhéidir gurbh fhiú na giorrúcháin seo bheith mínithe i lúibíní nó chan achan duine atá eolach ar na heagraisí seo…

    Ach cad chuige a bhfuil an meon seo ag Éireannaigh (an mórchuid acu, is Éireannaigh iad) na tíre seo?

    An raibh droch-thaithí acu ar scoil? An mbeadh sé níos inghlactha daofa dá bhfeicfí an Ghaeilge taobh amuigh den seomra ranga? Abair i gcúrsaí spóirt (GAA?), creidimh, cultúr/ealaín – imeachtaí a bheadh mar chaitheamh aimsire ag an pobal/sochaí i gcoitinne agus go bhféadfaí sult a bhaint as an teanga agus í a fhoghlaim ar dhóigh difriúil, ar dhóigh níos taitneamhach. Dá mbeadh billí ag teacht isteach ‘un tí agus iad dátheangach, an dtabharfaí aird níos mó ar an Ghaeilge ansin? Caidé fá na hócáidí ceiliúrtha a bhíonn againn i rith na bliana? Sé’n chéad ceann eile anois i ndiaidh na Nollag ná Lá ‘le Vailintín – cártaí Gaeilge ar bith ar fáil sna siopaí? Faic. Gidh is go bhfuil cuideachtaí Éireannacha ag déanamh cártaí beannachta sa tír seo…

    Maidir le Berlin agus an Bhéarla, nach raibh bunáit mhíleata ag Stáit Aontaithe Mheiriceá sa chathair sin ó bhí deireadh an dara cogadh domhanda ann? Agus cloisim go leor teangacha éagsúla i Lidl agus Aldi – an Ghaeilge ina measc – ach nuair a shroicheann tú an cuntar is i mBéarla a dhéantar freastal ort. Nár cheart go mbeadh freastalaithe le Gaeilge sna hollmhargaí seo má bhíonn siad lonnaithe sa Ghaeltacht?…