Beidh ár gcolúnaithe ar an bpeann arís an deireadh seachtaine seo agus ailt againn ar imeachtaí réigiúnacha, náisiúnta agus idirnáisiúnta. Tabharfaidh Pádraic Ó Ciardha aghaidh ar na cluichí craoibhe peile, mar a mbeidh Baile Átha Cliath á fhéachaint le Cill Dara i gCúige Laighean agus Doire ag tabhairt a ndúshlán do Dhún na nGall i gCúige Uladh.
Ina dhiaidh sin díreoidh Pádraic ar scéal chraoladh TG4 de Wimbledon agus conas a fuair siad na cearta é a chraobhscaoileadh tacaid an ama seo deich mbliana ó shin. Labhróidh sé le hAoife Ní Thuairisg agus Brian Tyers faoin méid sin agus na dúshláin a mb’éigean dóibh a shárú ó thaobh téarmaíochta agus nathanna cainte de chun tráchtaireacht a dhéanamh ar na cluichí.
Bígí ag súil leis an méid sin agus a thuilleadh lena chois.
I mBéal an Phobail…
An tseachtain seo caite a d’fhill Sharon Ní Chonaire abhaile go Cois Fharraige as Ollscoil Telford i mBirmingham agus an dara háit bainte amach aici sna craobhacha domhanda tréantógála meáchan i mbliana. Ag tús na bliana 2014, chuir Sharon dúshlán roimpi meáchan a chailliúint agus éirí níos aclaí. Shocraigh sí cúnamh a fháil ó ‘Maximum Results’ chun í féin a spreagadh agus tús a chur lena cuid traenála. Níl áireamh ar an dul chun cinn atá déanta aici ó shin.
Ag caint di le Tuairisc.ie le gairid, dúirt sí go raibh “ríméad orm a theacht abhaile go hÉirinn le bonn airgid i mo chéad chraobh domhanda agus, gan aimhreas, is é an aidhm an chéad bhliain eile ná an chraobh a chrochadh liom”. Treise léi.
Ar an lá céanna a roinneadh dea-scéala Sharon lenár léitheoirí, rinneadh Oíche Shin Seáin a cheiliúradh ‘le fonn agus le fiantas’, faoi mar a dúirt Seán Mac an tSíthigh.
Bíonn a chúis féin ag gach duine chun é a cheiliúradh, a deir Seán linn; ina measc, creideamh láidir, macallaí na Páganachta a bheith ann; fiosracht agus ‘dílseacht don dtraidsiún’.
Ag leanúint traidisiún teaghlaigh atá Siobhán Seoighe, a ceapadh le déanaí ar bhord Údarás na Gaeltachta. Is as Gaeltacht Ráth Chairn i gContae na Mí do Shiobhán, ar iníon í do Chathal Seoighe, a thug blianta fada é féin ar mar chomhalta boird den Údarás. Tá sí ardcháilithe agus blianta fada caite aici in earnáil an oideachais agus an ghnó roimhe seo. Go maire sí a nuacht.
Siar ar bhóithrín na smaointe a thug Mártan Ó Ciardha sinn an tseachtain seo agus Italia 90 á thabhairt chun cuimhne aige. ‘Chomh tirim le púdar’ a bhí scornaigh Mhártain agus an ochtair óigfhear eile as an Spidéal a bhí ina theannta an chéad lá a leaindeáil siad thall. ‘Diabhal fliuchadh á mbéil’ a bhí fear an tí ósta sásta a thabhairt dóibh, áfach.
‘Dá mba ag Béarlóireacht a bhí muid, ní móide go bhfágfaí aon tart orainn ach is í teanga ár sinsear a lig síos muid – an tábhairneoir ag ceapadh go mba Ollannaigh a bhí ionainn agus oiread de dhroch-cháil ar lucht leanta sacair na tíre sin nach dtiocfadh sé sa seans agus fiú aon bhuidéilín suarach amháin a thabhairt dúinn’, a deir Mártan. Thug cuid dár léitheoirí suntas do shaibhreas teanga Mhártain sa cholún seo – tréith nach annamh a bheith á lua leis – agus a fheabhas a rinne sé cur síos ar eachtraí na bhfear thall.
Neosfaidh an aimsir an dtabharfaidh an chéad ghlúin eile na scileanna céanna teanga leo i réimse seo na hiriseoireachta. Bhí an méid sin sa treis, ní foláir, agus a bhfuil i ndán don chúrsa BA sa Chumarsáid in Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge á phlé níos luaithe an tseachtain seo.
Faoi mar a thuairiscigh Maitiú Ó Coimín, níl aon chinneadh oifigiúil déanta go fóill faoin gcúrsa ach tuigtear do Tuairisc.ie go bhfuil sé i gceist go n-aistreofaí an cúrsa ó champas na Ceathrún Rua go príomhchampas Ollscoil na hÉireann, Gaillimh i gcathair na Gaillimhe amach anseo.
Más ea, ní baol don Acadamh féin agus dúirt Dónall Ó Braonáin, Príomhfheidhmeannach an Acadaimh, le Tuairisc.ie, nach mbeifí ag imeacht ón gCeathrú Rua agus go leanfaí leis na cúrsaí céime eile atá á dtairscint ar an gcampas Gaeltachta.
Pé áit ar domhan iad, ní rachaidh na mic léinn chéanna i bhfad amú ach corrnath a sciobadh ó na scríbhneoirí Gaeltachta is fearr atá ann, bíodh a n-ábhar ar líne nó i leabhair.