Dá mba ag Béarlóireacht a bhí muid ní bheadh aon tart orainn ach lig teanga ár sinsear síos muid

Cuimhníonn ár gcolúnaí ar an turas a thug sé chun na hIodáile do Chorn an Domhain 20 bliain ó shin agus ar an gcluiche idir Éirinn agus an Ollainn

Fir an Spidéil, Éanna Ó Tuathail, Eoin Dunne, Seosamh Mac Phroinsias, Micí Ó Conláin, Colm Ó Cadhain agus Éamon Ó Fátharta leis an bhratach trí-dhathach ba mhó ar domhan.
Fir an Spidéil, Éanna Ó Tuathail, Eoin Dunne, Seosamh Mac Phroinsias, Micí Ó Conláin, Colm Ó Cadhain agus Éamon Ó Fátharta leis an mbratach trí-dhathach ba mhó ar domhan.

Ar an 21 Meitheamh i 1990, bhí an ghrian ag scoilteadh na gcloch agus mo scornach chomh tirim le púdar. Ba é an scéal céanna a bhí ag an ochtar óigfhear as an Spidéal a bhí i mo chomhluadar, ach diabhal fliuchadh ár mbéil a bhí fear an tí ósta sásta a thabhairt dúinn – cén bhrí ach gan deoir i mboilg cheachtar againn.

Dá mba ag Béarlóireacht a bhí muid ní móide go bhfágfaí aon tart orainn ach is í teanga ár sinsear a lig síos muid – an tábhairneoir ag ceapadh go mba Ollannaigh a bhí ionainn agus oiread de dhroch-cháil ar lucht leanta sacair na tíre sin nach dtiocfadh sé sa seans agus fiú aon bhuidéilín suarach amháin a thabhairt dúinn. Fiú nuair a d’iompaigh muid ar theanga na nGall, mar a dúirt an t-údar Johnny Chóil Mhaidhc O Coisdealbha fadó, “Seans gur aithnigh sé ar ár gcuid Béarla go raibh Gaeilge mhaith againn”!

Trasna ón Stadio La Favorita i Palermo na Sicile a bhí an café beag suarach a bhí ag ár n-aoi. Ansiúd faoi cheann uaire go leith thosódh an cluiche i gCraobh Sacair an Domhain 1990 idir Éirinn agus an Ollainn. 

Cheana féin bhí “Davy Keogh  Says Hello”, Bonny on Tour” agus go leor eile crochta as rataí agus as ballaí laistigh den staid, ach ba ag buachaillí an Spidéil a bhí an bhratach trí-dhathach ba mhó ar domhan. Achar 5,000 troigh cearnach faoi, bhí sé 23 troigh ar leithead agus 250 troigh ar fad. “An Spidéal, Co. na Gaillimhe, Éirinn” greannta trína lár síos agus, tráthúil go leor, é déanta i monarcha teicstíle a mba le hIodálach é i mBaile an tSagairt.

Ní bheadh oiread spleodair sa Spidéal féin dá mba iad foireann na hÉireann a bheadh i láthair nuair a scaoil Micí Ó Conláin, Eoin Dunne, Éamon Ó Fátharta, Seosamh Mac Phroinsias, Colm Ó Cadhain, Enda Ó Tuathail, Diarmaid Ó Flatharta agus Pilib Ó Márta an bhratach le gaoth ansiúd cúpla oíche sular thugadar aghaidh ar Italia 90.

Sa tSicil a chuireadar fúthu agus bhí sé ag séideadh ina ghála nuair a thaistil siad as sin chun na Sairdíne ar bhord soithigh don chéad chluiche in aghaidh na Sasanach ar an 11ú Meitheamh 1990.

Ar ghuaillí, faoi mar a dhéanfá le cónra, a d’iompair siad an bhratach, a bhí cúpla céad meáchain agus a raibh leath-thaobh na páirce faoi i Cagliari nuair a scóráil Kevin Sheedy an cúl a d’fhág ar comhscór leis an sean-namhaid muid.

Neartaithe a bhí an gála ar an mbealach ar ais, ach ba iascaire an Conlánach agus bhí a fhios ag an gcuid eile nár bhaol dóibh go dtosódh imní ag teacht air siúd.

Ar ais sa tSicil, facthas an bhratach mhór i La Favorita den chéad uair ag an gcluiche inar chríochnaigh Éirinn agus an Éigipt gan aon scór, an lá cáiliúl údaí ar dhóbair do Eamon Dunphy an tsúil a bhaint as Bill O’Herlihy bocht leis an mbiro! Faoin tráth seo bhí dea-cháil tarraingthe ag lucht leanta na hÉireann orthu féin. Saighdiúirí agus máirnéalaigh ab ea tromlach na nÉigipteach a bhí i láthair agus b’fhurasta deoch a fháil.

Bhí lán a mbéil geallta freisin agam do lads an Spidéil agus píosa scannánaíochta déanta againn do sheirbhís Nuachta RTÉ ag príomhgheata na páirce roimh chluiche na hOllainne, ach mo léan mar atá mínithe agam, ba taobh leis an uisce a bhí muid faoin am ar thosaigh an imirt.

Ba iad na hOllannaigh seaimpíní na hEorpa; imreoirí den scoth acu ar chuma Rudd Gullit, Marco van Basten, agus Frank Rijkaard agus ba ar éigean a bhí leath na brataí móire ligthe amach nuair a chuir Gullit chun cinn iad agus gan imithe ach deich nóiméad.

Bheidís tuilleadh chun cinn murach Packie Bonner agus ba eisean freisin ba chionnsiocair leis an eachtra chinniúnach ag ceann eile na páirce – cic mhór fhada a bhuail fear na Rosann. Chinn ar chosaint ná ar bháireoir na hOllainne Hans van Breukelen dul i ngleic leis agus isteach le Niall Quinn gur scóráil. 

Ina dhiaidh sin, os rud é go raibh an bua faighte ag Sasana ar an Éigipt, thuig an dá thaobh go mba leor an comhscór agus chaitheadar an chuid eile den chluiche ag ciceáil na liathróide chuig a chéile.

Thóg sé beagnach leath uair an chloig ar mo chomrádaithe an bhratach mhór a fhilleadh arís agus bhuail muid lena chéile ag doras an tí tábhairne inar fágadh an tart orainn.

An babhta seo bhí Plean B faoi réir – leagadh an brat trí-dhathach ba mhó ar domhan ar bharr an chuntair. Anois ní bheadh aon aimhreas faoi cé dár díobh dúinn, cuma cén teanga a bhí muid a spalpadh. Bhí muid faoi bhealach le casadh ar an bPápa!

Fág freagra ar 'Dá mba ag Béarlóireacht a bhí muid ní bheadh aon tart orainn ach lig teanga ár sinsear síos muid'

  • Colm Ó Cinnseala

    Íontach an-alt! Is cuimhin liom an bratach ollmhór sin, meas tú cá bhfuil sé anois?

  • Seosamh

    Deas teanga shaibhir na Gaeltachta a léamh.

  • Colmán

    Tá na fógraí ag bogadh an scáileán suas anuas agus dá bhrí sin tá sé deacair na haltanna a léamh

  • Micil

    Teanga shaibhir na Gaeltachta go deimhin. Ach cáide eile a bheas daoine ar an saol a bheidh in ann meabhair a bhaint aisti – muide cráite agus an teanga Ghaeilge scriosta ag ‘túsanna bríonglóideacha ‘ agus ‘imirt bhocht’, ainilísí an lae inniu, ní áirím ‘todhchaí fadthéarmach’ an Údaráis agus Sheomraí Nuachta TG4 agus RnaG !