‘Thosaigh mé mar bhí mé ag iarraidh meáchan a chailleadh; anois tá bonn airgid domhanda agam’ – Sharon Ní Chonaire

Bhain Sharon Ní Chonaire as Cois Fharraige i gConamara an dara háit amach le déanaí sna craobhacha domhanda tréantógála meáchan

 

Sharon-1

An tseachtain seo caite a d’fhill Sharon Ní Chonaire abhaile go Cois Fharraige as Ollscoil Telford i mBirmingham agus an dara háit bainte amach aici sna craobhacha domhanda tréantógála meáchan (WDFPF) i mbliana.

Tá a gnó féin ag Sharon Ní Chonaire, 29, as Cor na Rón le ceithre bliana go leith mar theiripeoir scéimhe, rud a mbaineann sí an-taitneamh as ach ní hé sin an t-aon phaisean atá aici sa saol. Ag tús na bliana 2014, chuir Sharon dúshlán roimpi meáchan a chailleadh agus éirí níos aclaí, mar sin shocraigh sí ar imeacht ag ‘Maximum Results’ chun tús a chur lena cuid traenála. Níor bhreathnaigh sí siar ó shin.

Sharon 3

“Tá comparáid mhór idir mo dhá phaisean; is breá liom bheith a plé le táirgí scéimhe agus bíonn sé tuirsiúl scaití. Mar sin, bíonn sé iontach éalú ón taobh sin de mo chuid oibre ó am go chéile agus a dhul ag crochadh meáchan. Airím láidir agus sláintiúil dá bharr.”

Cé go bhfuil uaireanta fada ag Sharon ina háit oibre ‘Beauty Within by Sharon’ bíonn sí ag traenáil ceithre is cúig lá in aghaidh na seachtaine. Le meáchain bheaga a thosaigh sí ach anois tá a traenálaí Max Luath ag cur níos mó brú uirthi meáchain níos mó a chrochadh ó mhí Meithimh ach is fiú an tairbhe an trioblóid do Sharon.

Cháiligh sí do Chraobh Domhanda WDFPF 2015 tar éis di an dara háit a bhaint amach i gcomórtas i gCorcaigh ag tús na bliana sa chatagóir 90kg+ agus d’éirigh léi áit a fháil ar fhoireann na hÉireann ag éirí as an méid sin.

“Tá an-tacaíocht faighte agam ó mo chlann agus mo chairde, cé nach bhfuilim ach ag déanamh meáchan le tamall beag. Tá siad thar a bheith bródúil asam as an méid atá bainte amach agam go dtí seo. Thaistil mo dheirfiúr, Maurie agus mo chol ceathar Collete chuig Birmingham liom agus chuidigh sé sin le mé a chur ar mo shuaimhneas.”

D’éirigh le Sharon an dára háit a bhaint ag craobh an domhain sa chomórtas ardú binse, cé nach bhfuil sí ag déanamh an spóirt ach le bliain anuas agus tá súil aici dul céim níos airde an bhliain seo chugainn.

“Tá ríméad orm a theacht abhaile go hÉirinn le bonn airgid i mo chéad chraobh domhanda agus gan aimhreas is é an aidhm an chéad bhliain eile ná an chraobh a chrochadh liom,” a dúirt Sharon.

 

 

Fág freagra ar '‘Thosaigh mé mar bhí mé ag iarraidh meáchan a chailleadh; anois tá bonn airgid domhanda agam’ – Sharon Ní Chonaire'