Siobhán Seoighe as Ráth Chairn ceaptha ar bhord Údarás na Gaeltachta ag an Aire Stáit McHugh

D'fhógair an tAire Stáit, Joe McHugh, ar maidin go bhfuil Siobhán Seoighe as Gaeltacht Ráth Chairn ceaptha mar chomhalta nua de bhord Údarás na Gaeltachta

Screen Shot 2015-06-23 at 11.59.26D’fhógair an tAire Stáit sa Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, Joe McHugh T.D., inné (22 Meitheamh 2015) go bhfuil Siobhán Seoighe, Doire Longáin, Baile Átha Buí, Co. na Mí, ceaptha aige ar bhord Údarás na Gaeltachta. Is i gcomhréir leis na Treoirlínte do Cheapacháin ar Bhoird Stáit a rinneadh an ceapachán. Mairfidh tréimhse an cheapacháin go dtí 19 Samhain 2017.

Is as Gaeltacht Ráth Chairn i gContae na Mí do Shiobhán, ar iníon í do Chathal Seoighe, a thug blianta fada é féin ar mar chomhalta boird den Údarás.

Tá céim sa Nua-Ghaeilge agus sa Luath-Ghaeilge aici ó Choláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath, agus Máistreacht aici sa Nua-Ghaeilge ó Ollscoil na hÉireann, Gaillimh.

Tá blianta fada caite aici in earnáil an oideachais agus an ghnó, mar ar thug sí seal le leithéidí Ghaelchultúir agus An Foras Pátrúnachta. Ba mar Oifigeach Gaeilge i gColáiste Phádraig, Droim Conrach a bhí sí ag obair roimhe seo.

Dúirt an tAire Stáit go raibh áthas air an ceapachán a fhógairt agus go bhfuil sé cinnte go dtabharfaidh an comhalta nua faoina cuid oibre le fuinneamh agus le díograis: “Táim muiníneach go rachaidh an taithí agus na scileanna atá ag an chomhalta nua go mór chun sochair d’Údarás na Gaeltachta le linn a ceapacháin ar an bhord”, a dúirt sé.

Fág freagra ar 'Siobhán Seoighe as Ráth Chairn ceaptha ar bhord Údarás na Gaeltachta ag an Aire Stáit McHugh'