Moladh déanta BA Cumarsáid Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge a aistriú ón gCeathrú Rua

‘Deacracht bhunúsach' a laghad éilimh atá ar an gcúrsa faoi láthair. Plé á dhéanamh freisin ar ‘Sheimeastar Gaeltachta’ san Acadamh a thairiscint do mhic léinn

acaduTá plé ar siúl faoi láthair faoina bhfuil i ndán don chúrsa BA Cumarsáid in Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge ar an gCeathrú Rua i gConamara.

Níl aon chinneadh oifigiúil déanta go fóill faoin gcúrsa ach tuigtear do Tuairisc.ie go bhfuil sé i gceist go n-aistreofaí an cúrsa ó champas na Ceathrún Rua go príomhchampas Ollscoil na hÉireann, Gaillimh i gCathair na Gaillimhe.

Sa chás go nglacfaí leis an moladh, ní chuirfí i bhfeidhm é go dtí an bhliain acadúil seo chugainn ar a luaithe.

D’fhanfadh na mic léinn atá i mbun na bunchéime i láthair na huaire ar an gCeathrú Rua nó go mbainfidís an chéim amach agus is ar an gCeathrú Rua chomh maith a bheadh na mic léinn nua a chuirfeadh tús leis an gcúrsa i bhfómhar na bliana seo.

Dúirt Dónall Ó Braonáin, Príomhfheidhmeannach an Acadaimh, le Tuairisc.ie go ndéanfaí leasú ar struchtúr na céime atá ar fáil san Acadamh sa chás go n-aistreofaí go campas na cathrach le go mbeadh ‘roghanna eile’ ag na mic léinn nuair a bheadh an chéim críochnaithe acu.

“Má théann sé chun cinn sa gcaoi a bhfuil muid ag forbairt an mholadh, tá seans go mbeidh na mic léinn lonnaithe ar champas na Gaillimhe ach ag plé le struchtúr leasaithe céime a mbeadh an chumarsáid agus an Ghaeilge ann mar ábhar céime.

“Bheadh muid ag iarraidh cúrsa atá níos feiliúnaí do riachtanais na mac léinn a bhfuil suim acu sa dá ábhar ach nár mhaith leo rócheangail a bheith orthu agus iad ag plé le fochéim agus ar mhaithe le roghanna a bheith acu agus iad ag imeacht amach sa saol oibre,” dúirt Ó Braonáin.

Dúirt sé freisin gurbh é an rud ba thábhachtaí ná nach mbeadh an tAcadamh féin ag imeacht ón gCeathrú Rua agus go leanfar leis na cúrsaí céime eile atá á dtairscint ar an gcampas Gaeltachta. Áirítear i measc na gcúrsaí sin bunchéim sa Ghaeilge Fheidhmeach, céim an mháistir sa Chumarsáid agus cúrsaí eile nach iad.

Chláraigh 17 leis an mbunchéim cumarsáide ceithre bliana ó shin. Bronnfar a gcéim ar na mic léinn sin a chríochnaigh an cúrsa i mbliana.

Níor chláraigh ach seisear leis an gcúrsa céanna ag tús na bliana acadúla seo caite. Deir Ó Braonáin go bhfuil ‘deacracht bhunúsach’ ann leis na figiúirí sin agus nach leor seisear mar iontráil ranga le go mbeadh “taithí cheart ollscoile agus éispearas ceart oideachais” ag mic léinn atá ag dul do chúrsa céime.

“Tá an córas ardoideachais bunaithe ar chloigne mac léinn agus faigheann an tAcadamh maoiniú ar an gcloigeann agus mura ndéantar rud éigin faoi na figiúirí beidh deacracht ansin. Ní ceist faoin láthair amháin é cé go bhfuil baint aige sin leis an scéal. Tá maoiniú i gceist agus tá laghad an éilimh i gceist freisin,” a dúirt Ó Braonáin.

I measc na n-athruithe atá á moladh ag an Acadamh, tá caint ar ‘seimeastar Gaeltachta’ a thairiscint do mhic léinn an phríomhchampais. Bheadh 40 mac léinn sna trí ionad, An Cheathrú Rua, Carna agus Gaoth Dobhair, ar feadh dhá sheachtain déag ón mbliain 2017.

Ag labhairt dó ar Adhmhaidin ar RTÉ Raidió na Gaeltachta inniu, dheimhnigh Dónall Ó Braonáin nach mbeadh aon phostanna i mbaol mar gheall ar na hathruithe atá á bplé.

Dúirt Uinsionn Mac Dubhghaill, feidhmeannach an chúrsa, le Tuairisc.ie gurbh é an príomhchúraim atá air anois ná na mic léinn atá san Acadamh faoi láthair. Dúirt sé go ndéanfaí cinnte nach mbeadh mac léinn ar bith thíos leis an scéal.