Anocht Oíche Shin Seáin, agus an tine mar shiombal na gile agus na cumhachta…

Bhíodh Oíche Shin Seáin áirithe i measc na bhféilte ba thábhachtaí ar fhéilire na nGael. Caitheann ár gcolúnaí súil ar an mbéaloideas a bhaineann léi agus ar obair caomhnóirí an traidisiúin

 

IMG_7733

Dúirt bean ó hInis Meáin liom babhta gurb é an radharc a bhí le feiscint ar aghaidh an oileáin amach Oíche Shin Seáin an íomhá ba dhraíochtúla a chonaic sí le linn a hóige. Fan an chósta, ó iarthar Chonamara soir isteach go dtí cathair na Gaillí bhíodh fíor na spéire ina dhearg lasadh ag tinteacha Shin Seáin.

Is ait mar a dh’fhan traidisiún Fhéile Shin Seáin níos treise in áiteanna áirithe seachas a chéile. Tá an cleachtas agus a chuimhne ligthe i ndearúd i mórán áiteanna ach tá paróistí agus limistéir níos a fhairsinge a dh’fhanann dílis go fóill don nós. Cé go samhlaítear an fhéile le saol na tuaithe, ins na cathracha agus sna bailte móra is treise a léirítear an traidisiún go minic.

Ar an 23 Meitheamh gach bliain deintear ‘Bonfire Night’ – nó ‘Bonna Night’ mar a tugtar uirthi i gcathair Chorcaí – a cheiliúradh le fonn agus le fiantas. Gach bliain cloisimid tuairiscí sna meáin fé sheirbhísí dóiteáin agus iad ar ar a seacht ndícheall ag iarraidh na tinteacha a chur fé smacht. N’fheadarsa an bhfuil cúlra agus éirim na seanfhéile mar spreagadh ag na comhthaláin seo, ach fós fhéin ní foláir nó go bhfuil mianach do-chloíte éigin sa tine sin a mhealann agus a bhuanaíonn.

Screen Shot 2015-06-22 at 22.15.33
Mícheál ‘Toose’ Mac Gearailt caomhnóir an traidisiúin i gCorca Dhuibhne

Bhí tamall ann agus bhí Oíche Shin Seáin áirithe i measc na bhféilte ba thábhachtaí ar fhéilire na nGael. Is fíor go n-aithnítear an bhaint atá aici le breithlá Naomh Eoin, ach tá macalla i bhfad níos sine ná san léirithe inti. Is é tuairim fhormhór na scoláirí é ná gur ghlac an Chríostaíocht seanfhéile Phágánach chuichi féin. Iarsma d’fhéile ársa í seo a bhain le lár an tsamhraidh, le hadhradh gréine agus le torthúlacht talún.

Is í an tine croí an cheiliúrtha; siombal na gile agus na cumhachta. Bhí deasghnátha ar leith a lean tine Shin Sheáin a chleachtaí ar mhaithe na n-ainmhithe, na mbarraí agus an duine daonna féin. Shamhlaítí cosaint leis an dtine seo agus leis an ndeatach a d’éirigh aisti.

Ar aon dul le Lá Bealtaine, thiomáintí an stoc tríd an dtine, tríd an ngríosaigh agus tríd an deatach. Bhí cosaint sa mhéid sin ar ghalar. Bhíodh sé mar nós ag feirmeoirí áirithe sméaróid a thógaint leo as an dtine agus í a chaitheamh le bó. Dheineadh a thuilleadh fíor na croise a dhó ar chnámh droma na bó leis an sméaróid chéanna.

IMG_7724

Dheintí spreotaí beaga adhmaid a choigilt agus an tine a thabhairt abhaile i mbuicéad stáin le cur in adhartaí na dtithe. Chreidtí go leanfadh ádh an chéad duine a thabharfadh spréach Shin Seáin thar tairseach isteach. In Uíbh Ráthach i gCo. Chiarraí ba nós leis an líon tí an cúram sin a dh’fhágaint ag an nduine ba shine sa tigh.

Bhí agus tá sé fós mar chleachtas go dtabharfadh na héinne a spreota adhmaid féin leo i gcomhair na tine agus é a chaitheamh inti. Gníomh siombalach atá sa mhéid seo. Maithiúnachas na bpeacaí atá ann dóibh siúd a ghéileann do chreideamh eaglaise. Tine á thabhairt don bpeaca agus fuascailt don té a chaitheann uaidh é. I dTír Chonaill bhíodh fonn ar mhná óga léim a chaitheamh trís na lasracha – bheadh pósadh gan mhoill i ndán dóibh agus tarrac ar leanaí dá bharra acu.

IMG_7737

Bhí luach ar luaithreach na tine chomh maith. Thugadh feirmeoirí dorn luaithrigh ón dtine leo agus é a chaitheamh i gceithre chúinne na páirce. I gCléire in iarthar Chorcaí chreid na hoileánaigh go raibh barra maith prátaí ag brath ar thinteacha Oíche Shin Seáin. Deirtí go dtagadh ceo díobhálach tar éis Lá Fhéile Shin Seáin. Mar chosaint air seo, dheintí luaithreach Shin Seáin a leathadh i ngarraí na bprátaí chun an dubh a bhí á iompar ag an gceo seo a choimeád ó gheata. Dheintí ábhar luaithrigh a leathadh i dtigh na mba chomh maith.

Is é Mícheál ‘Toose’ Mac Gearailt caomhnóir an traidisiúin i gCorca Dhuibhne. Lastar tine go fóill ar an mBaile Riabhach – ainneoin an nós a bheith tréigthe le fada sa chuid eile den leithinis. Bhí sé de phribhléid agam bheith ina chomhluadar anuraidh. Sa Teampall Geal a bhíonn an tine ag muintir an Bhaile Riabhaigh. Bheadh thiar ort láthair níos áille agus níos a shuaithinsí a aimsiú. Fothrach sáipéilín luathchríostaí neadaithe ar thaobh an chnoic. Radharc ar Sceilg Mhichíl ó dheas, barra Chnoc Bréanainn lastuaidh agus béal chuain an Daingin ar t’aghaidh amach.

Bhí ‘Toose’ ag prapáil chuige ó mhaidean. Peailití adhmaid, seanachearrachailí, toir aitinn. Aon rud a chuirfeadh leis an mbladhm, bhí sé tairrgthe leis aníos ‘dtín dTeampall Geal aige. Siúd leis ansan lena ‘quad bike.’ Buidéil beorach agus fuiscí, milséain agus cannaí coke dos na leanaí; bord, seanchanna bainne líonta le huisce. Cosán dearg déanta ag an nGearaltach ar leaca an chnoic. Ní bhíonn spal ar aoinne Oíche Shin Seáin ar an mBaile Riabhach.

Óna seacht a chlog amach bíonn an slua ag bailiú. Tugtar turas ar thobar i mbun an chnoic ar dtúis. De ghnáth bíonn an Monsignor Ó Fiannachta i láthair chun paidreacha a rá – stíl dhramatúil phágánach san aithris aige. É ina dhraoi i bhfeidhil an deasghnátha. Óltar an t-uisce beannaithe agus scaoiltear fé i gcoinne an aird suas ‘dtín dTeampall Geal.

Tá draíocht ann. Óg agus aosta. Cuireadh oscailte é seo. An té a tógadh sa pharóiste agus an stróinséir. Spéir chraoraic agus luí gréine, coramhíola, crónán íseal an chómhrá, cnagarnach an adhmaid sa tine agus deatach cumhra an aitinn mar chlóca ar an gcomhluadar.

A chúis féin ag gach duine: creideamh láidir, b’fhéidir; dílseacht don dtraidsiún; iarsma Páganach sa smúsach; fiosracht. Is cuma cad a thug ann iad – tá spriodáltacht san aer. Loinnir na sástachta ar ghnúis ‘Toose’ agus scáth na lasracha ag rince ina shúile. Tá an tsnaidhm idir an saol so agus ár sinsir a chuaigh romhainn fáiscthe athuair. Sprid agus anam Gaelach le brath ar shleasa an Bhaile Riabhaigh.