A lámh curtha ag Uachtarán na hÉireann le bille teanga nua

Dúirt an Coimisinéir Teanga, Rónán Ó Domhnaill, go raibh ‘dul chun cinn suntasach’ déanta maidir le cearta teanga sa stát, ach gurb é an rud ba thábhachtaí anois go gcuirfí na dlíthe nua i bhfeidhm

A lámh curtha ag Uachtarán na hÉireann le bille teanga nua

Tá a lámh curtha ag Uachtarán na hÉireann, Micheál D Ó hUigínn, leis an mbille teanga a dhéanann leasú ar Acht na dTeangacha Oifigiúla.

Agus an bille achtaithe anois tá sé mar sprioc i ndlí an stáit gur Gaeilgeoirí a bheidh i 20% d’earcaigh nua na seirbhíse poiblí faoi dheireadh 2030.

Ritheadh i dTithe an Oireachtais Dé Céadaoin seo caite an Bille Teanga ar cuireadh tús lena phlé le linn géarchéim eacnamaíochta agus ar cuireadh clabhsúr air le linn paindéime domhanda.

Déanann Bille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2019  leasú ar Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 agus má chuirtear i bhfeidhm na leasuithe sin, meastar go neartóidh siad cearta teanga in Éirinn.

De réir na reachtaíochta nua, mar shampla, beidh ar sheirbhísigh phoiblí taobh istigh nó taobh amuigh den Ghaeltacht seirbhís i nGaeilge a chur ar fáil amach anseo.

Dúirt an Coimisinéir Teanga, Rónán Ó Domhnaill, go raibh “dul chun cinn suntasach” déanta maidir le cearta teanga sa stát, ach gurb é “an rud is tábhachtaí anois ná a chinntiú go gcuirtear an tAcht nua i bhfeidhm mar ba chóir”.

“Is cinnte go bhfuil dul chun cinn déanta ó thaobh cearta teanga de toisc gur ritheadh an Bille seo. Is gá don Stát gníomhú ar bhealach praiticiúil agus réamhghníomhach anois chun feidhm a thabhairt don chuspóir soiléir gur daoine atá inniúil sa Ghaeilge a bheidh in 20% d’earcaigh nua sa tSeirbhís Poiblí agus sa Státseirbhís faoin mbliain 2030.

“Is léir go mbeidh go leor ag brath ar obair an Choiste Chomhairligh, atá le bunú faoin Acht, agus ar an bPlean Náisiúnta do Sholáthar Seirbhísí Stáit trí Ghaeilge, a mbeidh feidhm reachtúil aige, chun cur go suntasach le líon na gcainteoirí Gaeilge sa tSeirbhís Phoiblí.”

Cad atá sa bhille teanga a ritheadh an tseachtain seo agus cad a tharlóidh anois?

Dúirt an Coimisinéir Teanga go mbeidh a Oifig ag cur comhairle ar an bpobal faoi na cearta breise teanga a bheidh ann de thoradh na reachtaíochta nua.

Beidh a Oifig ag cur comhairle ar chomhlachtaí poiblí chomh maith maidir leis na dualgais reachtúla nua a bheidh orthu, a dúirt sé.

“Is in imeacht ama a thiocfaidh na forálacha i bhfeidhm ach ba cheart iad a chur i bhfeidhm chomh luath agus is féidir,” a dúirt an Coimisinéir Teanga.

Cuireadh tús leis an bplé faoin reachtaíocht nua breis is deich mbliana ó shin, nuair a d’fhógair an t-iar-aire stáit, Dinny McGinley, ag Oireachtas na Samhna 2011 go raibh athbhreithniú le déanamh ar Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003.

Nuair a ritheadh an bille sa Dáil, dúirt Aire Stáit na Gaeltachta Jack Chambers gur “lá stairiúil” a bhí ann don teanga.

“Leis an mBille nua seo, tá bonn láidir leagtha síos dúinn, mar Stát, chun fíorcheannaireacht a léiriú i dtaobh an teanga a chaomhnú do na glúnta atá le teacht,” a dúirt Aire Stáit na Gaeltachta.

Dúirt an Teachta Dála Aengus Ó Snodaigh, TD, cathaoirleach Choiste Gaeilge agus Gaeltachta an Oireachtais agus urlabhraí Gaeilge Shinn Féin, gur “bille níos láidre” a bhí ann de thoradh na díospóireachta i dTithe an Oireachtais. Feidhm a thabhairt do na leasuithe an rud ba thábhachtaí anois, a dúirt Ó Snodaigh.

Má chuirtear i bhfeidhm an reachtaíocht nua i ndiaidh a hachtaithe, meastar go bhféadfadh sé cur go mór le caighdeán agus líon na seirbhísí stáit a sholáthraítear do phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta.

Cé go raibh an freasúra míshásta le gnéithe áirithe den bhille agus faoin easpa uaillmhéine agus spriocanna cinnte a mhaígh siad a bhain le cuid de, aontaíodh sa Seanad agus sa Dáil gur bille “níos láidre” a bhí ann i ndiaidh a aistir trí Thithe an Oireachtais.

Cuirfidh an reachtaíocht nua deireadh chomh maith le córas na scéimeanna teanga, an córas faoina n-aontaíonn comhlachtaí poiblí ina gceann agus ina gceann scéim teanga le Roinn na Gaeltachta. In áit chóras na scéimeanna teanga tabharfar isteach scéim na gcaighdeán faoina leagfar dualgais chaighdeánacha ar ghrúpaí comhlachtaí poiblí ag brath ar an teagmháil a bhíonn acu leis an bpobal.

Faoin Acht leasaithe, bunófar Coiste Comhairleach um Sheirbhísí Gaeilge. Réiteoidh an coiste nua Plean Náisiúnta Earcaíochta chun príomhsprioc an bhille a bhaint amach – gur Gaeilgeoirí a bheadh i 20% d’earcaigh nua na seirbhíse poiblí faoi 2030.

De réir forála eile, beidh ar chomhlachtaí poiblí a bheith in ann déileáil leis an síneadh fada in ainmneacha daoine, cé go bhfuil éiginnteacht ann faoi cén uair a tharlódh sin. Beidh dualgas reachtúil ar eagraíochtaí stáit chomh maith fógraíocht a dhéanamh i nGaeilge.

Fág freagra ar 'A lámh curtha ag Uachtarán na hÉireann le bille teanga nua'

  • Dáithí Mac Cárthaigh

    Gloria in excelsis deo.

  • Brendan Keane

    Dlí eile agus beartaíocht nua a foilsiú gan beann a thabhairt ar riail. Seo nuair scriosainn siad (seachtain céanna) riachtanach Gardaí an teanga a fiosú fiú beagánín. Bhí tréimhse in Éirinn nuair go mbrathaíonn fostaíocht san rialtais greim ar roinnt Gaeilge ar laghad. Anois, is siocair a ceiliúradh an geall ar ach 20%. Bain iarracht Gaeilge a labhairt ag aon oifig san rialtas faoi láthair agus d’fheicfeadh té an luach na ngeallta. Feicfidhimid. (Is fearr liom foclóirín chun gramadach).

  • An Teanga Bheo

    Cé atá i gceannas in Éirinn an Rialtas sealadach nó an t Uachtarán

  • KH

    Comhghairdeachas leo siúd go léir a bhí bainteach leis seo. Gníomhaíodh an stát dá réir.