72 aistritheoir Gaeilge á lorg ag Seirbhísí Aistriúcháin an Aontais Eorpaigh

Bhí deacrachtaí anuraidh ag an tseirbhís earcaíochta, EPSO, teacht ar a dhóthain daoine a raibh caighdeán Gaeilge agus scileanna aistriúcháin sách ard acu

72 aistritheoir Gaeilge á lorg ag Seirbhísí Aistriúcháin an Aontais Eorpaigh

Tá 72 aistritheoir Gaeilge á lorg ag Seirbhísí Aistriúcháin an Aontais Eorpaigh mar chuid den fheachtas nua earcaíochta atá ar siúl ag an Oifig Eorpach um Roghnú Foirne.

Ag ócáid i mBaile Átha Cliath inné a sheol Aire Stáit na Gaeltachta Joe McHugh na folúntais d’aistritheoirí Gaeilge in Institiúidí an Aontais Eorpaigh sa Bhruiséil agus i Lucsamburg.

An bhliain seo caite d’éirigh le deichniúr den 210 duine a chuir isteach ar chomórtas do 63 aistritheoir Gaeilge san Aontas Eorpach. Bhí deacrachtaí an uair sin ag an tseirbhís earcaíochta, EPSO, teacht ar a dhóthain daoine a raibh caighdeán Gaeilge agus scileanna aistriúcháin sách ard acu do na poist.

Dúirt Joe McHugh gur “deis iontach” a bhí sna poist “slí bheatha thairbheach a bhaint amach sa Bhruiséil agus i Lucsamburg, dhá chathair i gcroílár na hEorpa atá ilchultúrtha agus lán beochta, agus nach bhfuil ach cúpla uair an chloig ar shiúl ó go leor de príomhchathracha eile na hEorpa”.

Dúirt sé chomh maith go mbíonn “ról lárnach ag aistritheoirí i ngach uile rud a dhéanann institiúidí an Aontais Eorpaigh” agus go bhfuil na seirbhísí aistriúcháin

“ríthábhachtach ó thaobh cumarsáid a neartú agus feabhas a chur ar an tuiscint atá ag na saoránaigh ar an mbaint atá ag an Aontas lena saol laethúil”.

I measc na n-aíonna a bhí i láthair ag an ócáid seolta, bhí Christos Ellinides, Leas-Cheannasaí, Ard-Stiúrthóireacht an Aistriúcháin sa Choimisiún Eorpach agus Sarah Rooney ón Oifig Eorpach um Roghnú Foirne.

Ní foláir d’iarrthóirí ar na folúntais cumas sármhaith Gaeilge a bheith acu chomh maith le heolas maith ar dhá theanga oifigiúla eile de chuid an Aontais. Caithfidh an Béarla, an Fhraincis nó an Ghearmáinis a bheith ar cheann den dá theanga . 

Tá an comórtas oscailte do chéimithe ollscoile, mic léinn a gheobhaidh a gcéimeanna an samhradh seo san áireamh. 

Dúirt Seán Hade, Ceann Aonaid ar Aonad na Gaeilge i gComhairle an Aontais Eorpaigh sa Bhruiséil, gurb é an dúshlán is mó a bhíonn ann i gcás daoine a earcú sna poist ná an easpa taithí a bhíonn ag iarrthóirí “ar na cineálacha téacsanna a bhíonn le haistriú ag na scrúduithe iontrála”.

Dúirt sé go gcothaíonn téacsanna de chuid an Aontais Eorpaigh deacrachtaí d’aistritheoirí “toisc go mbíonn an stíl iontu an-teibí agus toisc go ndéantar tagairtí do choincheapa neamhchoitianta agus do théarmaíocht ar leith”.

Dúirt Hade gur mhór an chabhair é do dhuine a bheith ag obair go sealadach sa chóras Eorpach cheana féin agus iad ag tabhairt faoi chomórtas EPSO [Oifig Eorpach um Roghnú Foirne]. Bheadh tuiscint cheana ag an duine sin ar “stíl agus ar nósanna na nInstitiúidí”.

As an deichniúr a fostaíodh anuraidh trí chomórtas EPSO 2017, thug Hade le fios go raibh formhór na n-iarrthóirí ag obair ar bhonn sealadach i gceann de na hInstitiúidí Eorpacha cheana féin.

Mhol sé do dhaoine cur isteach ar chomórtais earcaíochta EPSO agus ar chomórtais eile do phoist shealadacha.

Tosaíonn an scála tuarastail do na poist ar fad ag €4,384 sa mhí.

Fág freagra ar '72 aistritheoir Gaeilge á lorg ag Seirbhísí Aistriúcháin an Aontais Eorpaigh'

  • Balbh

    Meas tú an seo an fáth a bhfuil teip ar chomhlachtaí mar Cois Life eagarthóirí oilte a earcú? Deacair dul in iomaíocht le bunthuarastal €4384 sa mhí. An mbeadh Foras na Gaeilge sásta/in inmhe bunthuarastal de €52,608 sa bhliain a chur ar fáil d’eagarthóirí leabhair Ghaeilge – is é sin an margadh ina bhfuilimid.