Tá folúntais fógartha d’aistritheoirí Gaeilge in institiúidí an Aontais Eorpaigh sa Bhruiséil agus i Lucsamburg

Sheol an Oifig Eorpach um Roghnú Foirne comórtas nua inné chun aistritheoirí lánaimseartha a earcú don Choimisiún Eorpach, do Pharlaimint na hEorpa agus do Chomhairle an Aontais Eorpaigh.

Tá folúntais fógartha d’aistritheoirí Gaeilge in institiúidí an Aontais Eorpaigh sa Bhruiséil agus i Lucsamburg

Sheol an Oifig Eorpach um Roghnú Foirne comórtas nua inné chun aistritheoirí lánaimseartha a earcú don Choimisiún Eorpach, do Pharlaimint na hEorpa agus do Chomhairle an Aontais Eorpaigh.

Is gá go ndéanfaí iarratais ar na folúntais seo roimh an 4 Meán Fómhair.

Tá aistritheoirí sealadacha á lorg freisin ag Comhairle an Aontais Eorpaigh le dul i mbun oibre in Aonad na Gaeilge sa Bhruiséil. Is gá go ndéanfaí iarratais ar na folúntais seo roimh an meán oíche, Dé Domhnaigh seo chugainn.

Daoine ardcháilithe atá “tiomanta” don ardchaighdeán san aistriúchán agus atá “pointeáilte coinsiasach” atá á lorg le bheith ar fhoireann Sheirbhís Aistriúcháin na Comhairle, a deirtear.

Bronnfar conarthaí a mhairfidh idir dhá bhliain agus ceithre bliana orthu siúd a n-éireoidh leo, conarthaí a bhféadfaí athnuachan a dhéanamh orthu ina dhiaidh sin.

An bhliain seo caite d’éirigh le deichniúr den 210 duine a chuir isteach ar chomórtas do 63 aistritheoir Gaeilge san Aontas Eorpach. Bhí deacrachtaí an uair sin ag an tseirbhís earcaíochta, EPSO, teacht ar dóthain daoine a raibh caighdeán Gaeilge agus scileanna aistriúcháin sách ard acu do na poist.

Táthar ag súil go mbeidh níos mó ná 180 post ar fáil d’aistritheoirí sna hInstitiúidí sa Bhruiséil agus i Lucsamburg  roimh dheireadh na bliana 2021. Ghlac Comhairle an Aontais Eorpaigh le rialachán nua i mí na Nollag na bliana 2015 chun deireadh a chur leis an maolú atá i bhfeidhm ar an nGaeilge mar theanga oifigiúil san Aontas le blianta anuas. 

Tá na haistritheoirí á n-earcú mar chuid den ullmhúchán atá ar bun ag Institiúidí na hEorpa seirbhísí Gaeilge a chur ar fáil a bheidh ar comhchéim leis na seirbhísí a chuirtear ar fáil i dteangacha eile an Aontais Eorpaigh. 

Seo 10 gcinn de mholtaí don té atá ar thóir poist mar aistritheoir san Aontas Eorpach

Fág freagra ar 'Tá folúntais fógartha d’aistritheoirí Gaeilge in institiúidí an Aontais Eorpaigh sa Bhruiséil agus i Lucsamburg'

  • Ríona de Búrca

    Cad iad na moltaí atá á gcur chun cinn agaibh domsa atá sa tóir ar phost San Aontas Eorpach ?

  • Donncha Ó hÉallaithe

    Nach uafásach an cur amú talainn agus airgid é seo? Daoine ardcháilithe san aistriúchán go Gaeilge a bheith ag plé le aistriú doiciméidí ón AE go Gaeilge nach léifear i nGaeilge go deo.

  • Carraig

    Cur amú airgid scanallach é seo gan aon agó. ‘Tionscal an aistriúcháin’ agus droch-chaighdeán aistriúcháin go ró-mhinic ann, go háirithe ag an gComhairle Eorpach. Ach cothaíonn na briathra baotha na bráithre. Níl siad sásta aon cheartú a dhéanamh.

  • Is maith é!

    An rud is fearr agus is fiúntaí atá ag dul ar aghaidh i saol phobal na Gaeilge. Níl aon aon bhréag ná cur i gcéill ag baint leis – seirbhís Ghaeilge do phobal na Gaeilge ón Aontas Eorpach; sinn ar aon chéim le náisiúin eile (sa réimse seo ar scor ar bith). Rud nach fiú le Stát na hÉireann féin a dhéanamh. A Dhonncha agus a Charraig, bíodh ciall agaibh – arbh fhearr libh Béarla?

  • Dónall

    Forbairt iontach sa mhéad is go gcuireann sí go mór leis an teanga agus deis iontach do dhuine ceartghramadach na Gaeilge a shaothrú ag an leibhéal is airde. Dóibh siúd a deir gur cur amú airgid atá ann an Ghaeilge a bheith sa Bhruiséil – creidim gur beag tuisceana atá acu ar chúrsaí airgid. Má chreidimid gur fiúntach an rud an Ghaeilge a bheith ann in aon chor cad chuige nach mbeadh ár dteanga ársa le cluinstin áit a mbíonn na cinntí móra a ndéanamh. Is i ndiaidh don don Ghaeilge imeacht ó hallaí na ndún is na gcúirteanna a thosaigh an meath ag teacht uirthi. Bhuel anois tá sí ar ais iontu agus b’olc an mhaise do Ghael ar bith a bheadh ag iarraidh í a bhaint amacht astu arís.