Tá go leor cainte le tamall anuas ar na deiseanna fostaíochta a bheidh ar fáil do chainteoirí Gaeilge in Institiúidí an Aontais Eorpaigh, anois agus deireadh ag teacht, in 2022, leis an maolú a bhí i bhfeidhm ó thaobh na Gaeilge de. Tháinig laghdú suntasach ar an méid oibre a bhí ar fáil in earnáil an aistriúcháin le linn bhlianta na géarchéime eacnamaíche, mar sin is iontach an rud é go mbeidh na deiseanna nua seo ar fáil d’aistritheoirí – agus, lena chois sin, do dhlítheangeolaithe agus do riarthóirí.
Tá feachtas díreach tosaithe ag EPSO (an Oifig Eorpach um Roghnú Foirne) chun 62 aistritheoir a earcú d’Institiúidí an Aontais agus tiocfaidh neart deiseanna eile fostaíochta chun cinn sna blianta atá amach romhainn. Ní fiú cur isteach ar chomórtas de chuid EPSO, áfach, gan dianullmhúchán a dhéanamh ar dtús. Ní leor caighdeán ard Gaeilge labhartha – caithfidh ardchaighdeán cruinnis a bheith ag duine ó thaobh scríobh na teanga de chomh maith.
Seo roinnt moltaí don té a bhfuil spéis aige slí bheatha a bhaint amach mar aistritheoir i gceann d’Institiúidí an AE:
- Tabhair faoi Thriail Ghaeilge ar Líne Ghaelchultúir le feiceáil cad iad na rialacha gramadaí nach bhfuil tú eolach orthu. Tá an triail le fáil ag gaelchultur.com
- Ceannaigh leabhar gramadaí, déan staidéar ar aonad nó dhó sa tseachtain, déan na cleachtaí a bheidh le fáil sna haonaid sin agus seiceáil do chuid freagraí ag deireadh an leabhair. Ní fiú graiméar a cheannach nach dtugtar freagraí na gcleachtaí ann
- Ceannaigh an leabhar In Ord is in Eagar le hAntain Mac Lochlainn. Is foilseachán an-luachmhar é seo don té ar mian leis cur lena chuid eolais ar scríobh na Gaeilge
- Bain triail as cuid de na ceachtanna atá le fáil sna rannóga ‘Ó Bhéarla go Gaeilge’ agus ‘Cleachtaí eagarthóireachta’ ar an suíomh aistear.ie
- Déan na leaganacha Béarla d’ailt atá le fáil i Nuachtlitir Ghaelchultúir a aistriú go Gaeilge, ansin déan comparáid idir na haistriúcháin sin agus na leaganacha Gaeilge atá le fáil sa nuachtlitir féin
- Déan gearrchúrsa ina mbeidh an bhéim ar an ghramadach agus ar scileanna scríofa. Reáchtálann Gaelchultúr an Dianchúrsa Ullmhúcháin i gCruinneas na Gaeilge trí huaire sa bhliain, bíonn cúrsaí cruinnis ar fáil sa Ghaeltacht gach samhradh (in Oidhreacht Chorca Dhuibhne agus in Oideas Gael, mar shampla) agus beidh cúrsaí dá leithéid á dtairiscint ag cuid de na coláistí tríú leibhéal go luath fosta
- Tabhair faoi chúrsa iarchéime san aistriúchán – tá cinn ar fáil i gcoláistí i ngach cearn den tír anois. Agus de bhrí go bhfuil múnlaí éagsúla i gceist maidir le seachadadh na gcúrsaí seo, is cinnte go n-aimseoidh tú ceann a oirfidh duitse
- Cláraigh do chúrsa i dteanga iasachta ina mbeidh an bhéim ar an teanga scríofa; beidh cúrsa Fraincise ar líne á thairiscint ag Ionad na dTeangacha in Ollscoil Mhá Nuad go luath, cuir i gcás. Ní féidir leat gairm bheatha a bhaint amach mar aistritheoir san AE gan caighdeán maith a bheith agat i dteanga eile le cois na Gaeilge agus an Bhéarla (cé gur féidir conarthaí gearrthéarmacha a fháil agus gur féidir post ginearálta riaracháin a fháil gan an tríú teanga a bheith agat)
- Má thugann tú faoi chomórtas de chuid EPSO, beidh trialacha síciméadracha le déanamh agat mar chuid den tástáil. Teipeann ar go leor daoine sa chuid seo den chomórtas, mar sin ní mór duit cúrsa a dhéanamh a ullmhóidh tú do na trialacha. Beidh cúrsaí dá leithéid á n-eagrú ag cuid de na coláistí tríú leibhéal go luath – coinnigh súil ar na meáin Ghaeilge le cinntiú go mbeidh tú ar an eolas faoi na cúrsaí seo. Agus tá neart eolais agus leideanna maidir leis na trialacha síciméadracha le fáil ar an suíomh Prometric.com
- Cláraigh ar an suíomh EU Careers le déanamh cinnte go bhfaighidh tú eolas faoi chomórtais EPSO do chainteoirí Gaeilge
- Más mian leat a bheith ar an eolas faoi na deiseanna oiliúna agus faoi na deiseanna fostaíochta atá luaite thuas, cuir teachtaireacht chuig eolas@gaelchultur.com agus cuirfimid ar ár liosta ríomhphoist thú. Ní gá duit aon rud a scríobh sa teachtaireacht – is leor ‘Deiseanna fostaíochta san AE’ a chur mar theideal uirthi.
Is é Éamonn Ó Dónaill Stiúrthóir Oideachais Choláiste na hÉireann/Ghaelchultúir. Beidh an Dioplóma Iarchéime san Aistriúchán á thairiscint ag an institiúid sin arís i mbliana, ó mhí Mheán Fómhair ar aghaidh. Agus, ag deireadh an tsamhraidh, foilseofar eagrán nua de ghraiméar Ghaelchultúir, Gramadach gan Stró!, a bheidh ag teacht leis an leagan nua den Chaighdeán Oifigiúil a bheidh ar fáil go luath.
Donncha Ó hÉallaithe
62 post le líonadh san AE do aistritheoirí agus go mbeidh siad ag tosnú ar thuarastail €1,000 sa tseachtain. Cuireann an scéal seo lagmhisneach orm. Beidh airgead poiblí á chur amú ag aistriú doiciméidí tirime go Gaeilge, doiciméidí nach léifear is nach mbainfear usáid astu. Airgead an AE atá ann ach is airgead poiblí é. Níos measa ná sin beidh talann na ndaoine a bheas sna postanna seo á chur amú chomh maith, talann atá gann sa tír seo. Dá mbeadh 62 duine oilte ar fáil le dul ag obair sna coláistí tríú leibhéal sa tír seo, thuaidh agus theas, le ocáidí sóisialta den chéad scoth do na micléinn a thagann isteach sna Coláistí le Gaeilge, b’fhiú é. Bheadh toradh fiúntach air. Ní bheidh de thoradh ar an stádas oifigiúil don Ghaeilge ach Gaeilgeoirí cumasacha a chailliúnt don obair atá le déanamh sa mbaile leis an Ghaeilge a chaomhnú.
62 daoine le ard chumas Gaeilge a bheith ag aistriú rialacháin an AE go Gaeilge, bheadh sé mar a chéile le iarraidh ar 62 ailtire pleananna do fhoirgintí a réiteach len iad a chaitheamh sa bhrúscar gan breathnú orthu nó iarraidh ar 62 sluaiseadóirí poll sa talamh a chartadh amach agus é a líonadh isteach aríst.
Níl aon teora le seafóid lucht na Gaeilge!
Darragh Ó Caoimh
Ní mór dom a rá nach bhfuil an ceart agat ar an ábhar so, a Dhonncha. Is iontas liom nach dtuigeann tú go rachaidh na postanna seo chun tairbhe na Gaelainne agus na hÉireann.
Is trua go gcuireann a leithéid de dhea-scéala “lagmhisnech ort”. A mhalairt a chuireann sé ormsa. Cuireann sé misneach orm go n-aithníonn an AE go bhfuil tábhacht leis an nGaelainn agus í chomh tábhachtach agus chomh fiúntach le haon teanga náisiúnta eile san Eoraip. Cuireann sé misneach orm leanúint orm ag foghlaim na teangan, ar scoil agus ag baile. Thar aon ní eile, cuireann sé misneach orm mar go dtuigim go bhfuil agus go mbeidh deiseanna ar fáil domsa mar dhuine óg a bhfuil Gaelainn agam.
Anuas ar sin, feicim gur maith an rud é gur thar lear a bheidh na postanna seo ar fáil. Cén fáth go gcaithimid a Ghaelainn a choimeád faoi ghlas in Éirinn? Ní theastaíonn ó dhaoine óga, nó go deimhin ní theastaíonn uaimse, a bheith fágtha sa tír seo as saothrú i gort na teangan go deo na ndeor.
Tacaímis leis an togradh fiúntach, tairbheach, spreagúil seo agus ná bímis diúltach ina leith. Scaoilimis an Ghaelainn amach ar an domhan mór!
Donncha Ó hÉallaithe
Is maith liom go dtugann sé misneach dhuitse mar dhuine óg, atá ag foghlaim na Gaelinnne agus fonn taistil ort chomh maith. Ach mura mhiste leat mé a rá, tá tú ag breathnú ar an scéal ó thaobh an tairbhe a fhéadfása baint as go pearsanta, agus níl aon cheol mí-cheart le sin. Táimse ag breathnú ar an bpictiúr mór: na milliúin euro de airgead poiblí á chaitheamh ag cur daoine cumasacha ag aistriú doiciméidí oifigiúla na hEorpa go Gaeilge, agus a fhios againn nach léifear iad. Caithfidh go mbrisfeadh sé misneach duine ar bith a bheith ag plé leis na aistriúcháin céanna! Nach mbeadh sé níos fearr an t-airgead poiblí sin a chaitheamh i mbealach níos tairbhí don Ghaeilge.
Seán Ó Gallchobhair
Ní bheidh sa teanga roimh i bhfad ach gibris thuatach neamhchomhaimseartha mura n-úsáidtear í i ngach réimse den saol. Beidh na poist seo chun leas na teanga gan aon agó!
Donncha Ó hÉallaithe
An faitíos atá ormsa nach mbeidh sí in usáid ach mar theanga i ndoiciméidí oifigiúla an AE, nach léifidh duine ar bith. B’fhearr liom an ‘gibris thuatach’ féin mar a thugann tú uirthi, ná teanga stálaithe na cáipéisíochta oifigiúla nach bhfuil aon usáid dhó is nach bhfreastalaíonn ar aon riachtanais teanga, seachas an cur i gcéill a bhíonn ar bun ag roinnt de lucht na Gaeilge ag ligint orainn féin go mba cheart go mbeadh an stádas céanna ag an nGaeilge le Béarla, Fraincis, Gearmáinis etc san AE. Níl an stádas céanna ag Gaeilge in Éireann ón gcóras stáit is atá á éileamh ag Rialtas na hÉireann ón AE don Ghaeilge. Ní amaidíocht go dtí é.
Fearn
Rinne tú dearmad ar aon mholadh amháin ar a laghad atá rí-thabhachtach, a Eamoinn.
Is dual do na hiarrthóirí dul thart ar cháineadh agus ar spídiúcháin lucht a dteanga fhéin. De réir dealraimh, ní bheidh na hiarrthóirí seo in airí post Gaeilge nó tá cúrsaí Gaeilge I ndrochchaoi.
Tomás Ó hÓgáin
A Dhonncha a chara, tá beragán den gceart agat measaim. Léiríonn tú áfach saontacht maidir le conas mar a caitear airgead an AE.
Tá airgead/buiséad ann, sa Bhruiséil, chun teanga iomlán oifigiúil a dhéanamh de theanga na Gaeilge i dteannta an 23 teanga oifigiúil eile. Caitear é in ainm an diabhail!
Ní éisteofar leat ná le do phort a deir gur fearr an t-airgead a chaitheamh ar ‘scéimeanna’ a thacóidh le lucht labhartha sa Ghaeltacht etc. etc. go bhfóire Dia orainn, féach mar a theip ar an Stát agus go bhfóire Dia orainn arís féach mar a theip ar Údarás na Gaeltachta… teip agus teip go tubaisteach, plean i ndiaidh plean…. ráiméis
É sin ráite, níl ann ach cur i gcéill amach is amach a rá go bhfuil Gaeltacht i ndán don Bhruiséil nó fiú go bhfuil ‘Gaeltacht’ i mBéal Feirste, i mBleá Cliath etc. níl ansan ach baothchaint seafóideach.
Níl áit níos tábhachtaí ar domhan do theanga na Gaeilge ná an Ghaeltacht (agus ní Conamara ná Tír Chonaill amháin ar ndóigh atá i gceist agam ar eagla go raibh éinne ag déanamh talamh slán de sin) agus creidim go láidir sa tuairim sin.
Is gá duit glacadh leis a Dhonncha, sin mar a oibríonn cúrsaí buiséad sa Bhruiséil. Is gá dul go sparán/tobar eile ar fad chun teacht ar airgead a d’fhéadfaí a chaitheamh ar fhorbairt na Gaeltachta mar áit fíor-thábhachtach do theanga na Gaeilge, áit i bhfad níos tábhachtaí ná an Bhruiséil.
Glac go fonnmhar leis na postanna atá fógraithe sa Bhruiséil déanfaidh siad tairbhe don eiceachóras teangeolaíoch in Éirinn, san Eoraip agus ar fud an domhain mhóir, idir fhoclóir agus stádas rud atá tuillte go maith agus le fada aici mar theanga dúchais na hÉireann.
Donncha Ó hÉallaithe
Go raibh maith agat, faoi do thuairim, a Thomáis. Maidir le saontacht, tá sin ag baint liom, ceart go leor. Seans gurb é an saontacht chéanna ba chúis le roinnt againn a bheith ag iarraidh go mbunófaí seirbhís teilifíse don Ghaeltacht, blianta siar, nuair a bhí na saineolaithe á rá nach bhféadfaí a leithéid de stáisiún a bhunú agus nach ndéanfaí go deo é. Coinníomar orainn agus d’éirigh linn daoine a dúirt ag an am go rabhamar ‘craiceáilte’ a thabhairt ar taobh. Sa gcás seo creidim dá gcuirfí brú ceart le stocaireacht seiftiúl ar an AE, go bhféadfaí margaíocht a dhéanamh leis an AE faoin airgead aistriúcháin a chaitheamh ar an nGaeilge i mbealach níos tairbhí don teanga: ciste fiúntach a chur ar bun le teangacha i mbaol, ar nós an Ghaeilge, a chosaint sna ceantair ina bhfuil siad á labhairt i gcónaí ag an bpobal go horgánach.
Darragh Ó Caoimh
A Dhonncha,
Cúpla bliain siar, deineadh stocaireacht láidir sa Bhruiséil chun go mbeadh stádas oifigiúil ag an nGaeilge san AE. An bhfuil tú anois ag moladh gur chóir dúinn an obair sin go léir a chaitheamh i dtraipisí agus a rá leis an gCoimisiún nach bhfuilimid á iarraidh a thuilleadh? Creidim go ndéanfadh a leithéid de rud díobháil damanta don tír seo ó thaobh dearcadh na mballstát eile inár leith.
Cuirtear an maoiniú seo ar fáil don aistriúchán agus dó sin amháin- ní féidir slat draíochta a tharraignt amach agus an t-airgead seo a chur i dtreo eile. Ní hin mar a oibríonn an maorlathas thall agus ba cheart dúinn glacadh leis sin.
Maidir le maoiniú dos na Gaeltachtaí, cinnte, ba chóir don rialtas níos mó airgid a éileamh. Ach cén fáth nach bhfaigheadh muid an t-airgead sin ó fhoinse eile.
Stilla
An té a bhfuil cleachtadh aige ar lucht na Gaeilge, sa Ghaeltacht nó san iar-Ghaeltacht, bíonn sé de shíor ag castáil ar na ceisteanna “cad is fiú í?” agus “an bhfuil slí bheatha atá le baint aisti”?.
Ní labhróidh tuismitheoirí dhá-theangacha an teanga lag lena bpáistí muna bhfuil buntáiste le baint aisti. Tá na mílte Gaeilgeoirí ar féidir leo sleachta filíochta cian-ársa a aithris ar nós “Ba ghnáthach liom siúl le ciumhais na habhann ar bháinseach úr is an drúcht go trom … ” ach nach smaoineodh go deo ar an Ghaeilge bheo a labhairt leis an leanbh sa chliabhán.
Is dóigh liomsa gurb iontach an spreagadh iad na postanna seo agus fáiltím rompu. Beidh deiseanna fostaíochta ag an aos óg feasta nach mbíodh ar fáil le cúpla glún anuas — ó bhí Máirtín Ó Díreáin agus Seán Ó Riordáin ag obair sa Státseirbhís. Tá na postanna seo ag teastáil go géar. Dea-scéala é seo. Is mó an meas a bheidh ar lucht na Gaeilge sa Bhruiséil ná mar a bhíodh ar a sinsir i Londain fadó. Fainic lucht tacaíochta Brexit.