Níor éirigh ach le deichniúr i gcomórtas earcaíochta an AE do 63 aistritheoir Gaeilge

210 duine a chuir isteach ar an gcomórtas a raibh cuóta de 63 post d’aistritheoirí Gaeilge luaite leis, ach níor éirigh ach le deichniúr an caighdeán a bhí á éileamh a bhaint amach

Níor éirigh ach le deichniúr i gcomórtas earcaíochta an AE do 63 aistritheoir Gaeilge

Níor éirigh ach le deichniúr den 210 duine a chuir isteach ar an gcomórtas do 63 post d’aistritheoirí san Aontas Eorpach a fógraíodh an bhliain seo caite.

Tuigtear do Tuairisc.ie nár éirigh ach le deichniúr sa chomórtas toisc go raibh deacrachtaí ag EPSO, an tseirbhís earcaíochta a reáchtáil an comórtas, teacht ar dhaoine a raibh caighdeán Gaeilge agus scileanna aistriúcháin sách ard acu agus iad a mhealladh le cur isteach ar na poist.

Bhí imní anuraidh ann nach n-éireodh ach le idir 45 agus 55 duine dul tríd an gcéim dheiridh den phróiseas earcaíochta.

Is measa go mór an scéal ná sin, áfach, agus gan post le tabhairt ach do dheichniúr, níos lú ná 5% de líon iomlán na n-iarrthóirí.

Dúirt urlabhraí ó Roinn na Gaeltachta le Tuairisc.ie aréir áfach nach “cúis iontais” don Roinn “nár éirigh le EPSO an cuóta de 63 post a bhí leagtha amach acu a líonadh.

“Thuig an Roinn nuair a thóg an Rialtas cinneadh deireadh a chur leis an maolú ar úsáid na Gaeilge san Aontas Eorpach ag tús 2022 go mbeadh sé deacair na cuótaí seo a líonadh mar gurb é an córas céanna earcaíochta a úsáideann EPSO i leith gach teanga oifigiúil an Aontais, idir mhór agus mhionteangacha,” a dúirt urlabhraí na Roinne Gaeltachta. 

Táthar ag súil go gcuirfear níos mó ná 180 post ar fáil d’aistritheoirí sna hInstitiúidí sa Bhruiséil agus i Lucsamburg idir 2016 agus 2021. Ghlac Comhairle an Aontais Eorpaigh le rialachán nua i mí na Nollag na bliana 2015 chun deireadh a chur leis an maolú atá i bhfeidhm ar an nGaeilge mar theanga oifigiúil san Aontas le blianta anuas.

Tá na haistritheoirí á n-earcú mar chuid den ullmhúchán atá ar bun ag Institiúidí na hEorpa seirbhísí Gaeilge a chur ar fáil a bheidh ar comhchéim leis na seirbhísí a chuirtear ar fáil i dteangacha eile an Aontais Eorpaigh.

Dúirt duine atá ag plé le cúrsaí aistriúcháin san Aontas Eorpach le Tuairisc.ie nach raibh dóthain daoine a raibh caighdeán sách ard acu ag cur isteach ar na postanna aistriúcháin agus go bhfuil an tuairim ann i measc oifigigh Ard-Stiúrthóireacht an Aistriúcháin i gCoimisiún na hEorpa go bhfuil “an locht ar Rialtas na hÉireann” nach bhfuil dóthain daoine cáilithe le bheith ina n-aistritheoirí Gaeilge ar fáil do na hInstitiúidí sa Bhruiséil agus i Lucsamburg.

Nuair a fógraíodh na poist i Meitheamh na bliana seo caite, dúirt ceannasaí na hArd-Stiúrthóireachta Rytis Martikonis go mbeifí “ag obair i ndlúthchomhar le hÉirinn” chun tabhairt faoi na dúshláin a bhí roimh an Ard-Stiúrthóireacht aistritheoirí cumasacha a aimsiú.

Dúirt urlabhraí de chuid  Roinn na Gaeltachta le Tuairisc.ie go bhfuil iarrachtaí ar bun “an deacracht” atá anois ann “a shárú”.

“Tá socruithe déanta ag na hinstitiúidí Eorpacha éagsúla a gcuid comórtas féin a reáchtáil ar bhonn rialta chun aistritheoirí a earcú ar chonarthaí sealadacha.  Mar shampla, reáchtáil an Pharlaimint agus an Chomhairle comórtais anuraidh nuair a d’éirigh leo a ndóthain aistritheoirí a earcú chun a gcuid riachtanas a chomhlíonadh. 

“Tuigtear don Roinn go bhfuil sé beartaithe leanúint leis an gcleachtas seo ionas go líonfar poist d’aistritheoirí idir seo agus 2022 le meascán de dhaoine buana ó chomórtais EPSO  agus daoine sealadacha ó na comórtais eile.”

Dúirt an t-urlabhraí chomh maith go bhfuil beartais déanta “le hoiliúint chuí a chur ar mhic léinn a bheidh ag dul tríd chóras EPSO.

“Tá Ionad Barr Feabhais do Ghairmeacha Gaeilge san AE bunaithe ag an Roinn i gcomhar leis an earnáil 3ú leibhéal in Éirinn. De bharr an chur chuige nua seo,  táthar ag súil go bhfeicfear feabhas ar líon na n-iarrthóirí a n-éiríonn leo teacht tríd chóras EPSO le poist bhuana a fháil san Aontas agus go gcabhróidh sé seo leis an bpróiseas incriminteach  atá ar bun chun deireadh a chur leis an maolú,” a dúirt urlabhraí na Roinne.

Dúirt sí chomh maith gur ceist í seo a bhaineann “go príomha” le hinstitiúidí an Aontais Eorpaigh.

Go hiondúil is gach re bliain a eagraítear comórtais EPSO.

Fág freagra ar 'Níor éirigh ach le deichniúr i gcomórtas earcaíochta an AE do 63 aistritheoir Gaeilge'

  • Fearn

    Tá cumas agus/nó uaillmhian na n-ábhar aistritheoirí bocht go leor maise!

  • James Pelow

    Níl aistritheoirí ag iarraidh bogadh chuig an mBruiséil — sin bun agus barr an scéil dar liom.

  • Harriet P.

    Is beag an t-iontas nach raibh an AE in ann teacht ar 63 aistritheoirí nuair atá botúin le léamh sna téacsanna de chuid Rannóg an Aistriúcháin!

    É sin ráite, le bheith cruinn faoi, ní cheapaim go raibh na hábhair aistritheora a chuir isteach ar an gcomórtas i gcomhair na Gaelainne i bhfad níos measa ná iad siúd a chuir isteach ar na comórtais eile. Deir suíomh an Aontais nár éirigh ach le 28 desna 550 daoine a chuir isteach ar an gcomórtas i gcomhair na Cróitise, mar shampla.

  • Lillis Ó Laoire

    An de bharr na dtrialacha síciméadracha a theip ar chuid acu?

  • Tomástraein

    Chuireas féin isteach ar na postanna sin cúpla bliain ó shin. D’éirigh na scrúdaithe aistriúcháin liom, agus an scrúdú ar ghnéithe de stair an AE, ach theip an t-agallamh (sa Bhéarla den chuid ba mhó) orm. Mura bhfuilim sa Bhruiséil anois, ní de bharr chaighdeán mo chuid Gaeilge é. Tá rudaí eile i gceist anseo chomh maith…

  • Michael Greene

    Is é, agus ar a mbarr sin caighdeán na fraincise atá de dhíth. Cad chuige nach luaitear sin? Ag iarraidh lagmhisneach a chur ar dhaoine?

  • Dáithí Mac Cárthaigh

    Na postanna
    D’éirigh na scrúdaithe liom
    Theip an t-agallamh orm…
    Ahem!

  • traolach

    Daoine ata dall ar an (d)teanga (feach thuas) ag cur ina lui gcaidhte orthu fein go bhfuil si acu. Agus cuid mhaith eile ata drochmheastuil uirthi fiu is go mbionn siad a ‘saothru’ agus teacht isteach ardmhaith acu aisti. An dream sin nach bhfuil ach Gaeilge na muice acu (formhor na muinteoiri etc), ceapann siad gurb i an teanga fein ata lochtach: nach bhfuil si ‘maith go leor’. Ach leanann siad orthu lei mar ta fhios acu nach bhfostofai in aon earnail eile iad.

  • Éadóchasach

    Caithfead a admháil nach dtuigim cad atá i gceist agat le do thrácht, a Dháithí: Níl faic mícheart leis na leaganacha a luais – tá dhá cheann díobh le léamh i bhfoclóirí Uí Dhónaill agus De Bhaldraithe, fiú. Bheadh ‘poist’ níos fearr de réir na sean-fhoclóirí sin, gan dabht, ach tá sé le fáilt insan bhFhoclóir Nua Gaeilge-Béarla.

    Amanta, sílim gurb í an fhadhb is mó dá bhfuil ag an nGaolainn ná go raibh sí ró-shaibhir, tráth dá raibh. Ní féidir le haoinne a bheith ina shaineolaí ar gach a raibh aici agus na blúiríní éagsúla dá saibhreas atá fágtha againn inniubh – na leaganacha nach bhfuil beo ach atá insna foclóirí nó atá insna leabhair, agus na leaganacha eile nach bhfuil i gcló ach atá beo sa gcaint fós -, cuirid mearbhall ar mhúinteoirí, ar fhoghlaimeoirí agus ar chainteoirí dúchais go léir.

    Is cosúil go mbeidh imeacht na mblianta in ann an fhadhb san a réiteach, faraor…

  • Fearn

    Muise, bíonn gach tús lag.

    Féachaimis leis arís!

  • Ian Ó Caoimh

    Harriet, a bhuachaill, caith uait na cúrsaí cráiteacha seo agus bíodh stéibh againn. Céard faoi ‘Is Fada Anocht in Ail Fhighinn’?