24 oiread Breatnaise á labhairt dtionól na Breataine Bige ná mar atá Gaeilge á labhairt ag Teachtaí Dála

Focal amháin as gach ocht bhfocal a bhíonn i mBreatnais i dtionól na Breataine Bige agus focal amháin as gach 200 a bhíonn i nGaeilge i nDáil Éireann

24 oiread Breatnaise á labhairt dtionól na Breataine Bige ná mar atá Gaeilge á labhairt ag Teachtaí Dála

Tá a 24 oiread Breatnaise á labhairt ag teachtaí thionól na Breataine Bige ná mar atá Gaeilge á labhairt ag Teachtaí Dála sa Dáil.

Léiríonn taighde Tuairisc.ie ar labhairt na teanga sa Dáil go bhfuil cás na Gaeilge i bparlaimint na hÉireann i bhfad níos measa as ná mar atá cás na Breatnaise i dTionól na Breataine Bige.

Léirigh taighde den chineál céanna a rinne Cymdeithas yr Iaith Gymraeg sa tír sin le gairid go raibh 12% de dhíospóireachtaí an tionóil i mBreatnais ó thoghchán mhí na Bealtaine 2016. Ciallaíonn sin go bhfuil a 24 oiread Breatnaise á labhairt ag teachtaí thionól na Breataine Bige ná mar atá Gaeilge á labhairt ag Teachtaí Dála sa Dáil.

De réir an taighde nua a d’fhoilsigh Tuairisc.ie inné ar éigean go bhfuil aon Ghaeilge á labhairt anois i nDáil Éireann.

De réir an taighde sin, as an os cionn 2.76 milliún focal a labhraíodh sa Dáil le linn an 38 lá a raibh sí ina suí sa dara leath den bhliain seo caite, ní raibh i nGaeilge ach níos lú ná 15,000 focal.

Fágann sin nach raibh i nGaeilge ach leath d’aon faoin gcéad, nó 0.5%, den chaint ar fad a rinneadh i nDáil Éireann le linn an téarma sin, idir an 11 Meán Fómhair agus an 15 Nollaig 2017. I bhfianaise an taighde thall agus abhus, focal amháin as gach ocht bhfocal a bhíonn i mBreatnais i dtionól na Breataine Bige agus focal amháin as gach 200 a bhíonn i nGaeilge in Éirinn.

Rinneadh cáineadh géar ar Chéad-Aire na Breataine Bige Carwyn Jones le déanaí toisc nach raibh ach 10% dá chuid cainte sa tionól i mBreatnais.

Mhaígh Cymdeithas yr Iaith Gymraeg, macasamhail Chonradh na Gaeilge sa Bhreatain Bheag, go raibh “ceap magaidh” déanta ag an scéal nach mbíonn ach 12% de chaint an tionóil i mBreatnais de sprioc an Tionóil go mbeadh 1 milliún cainteoirí Breatnaise ann faoi 2050.

Mhol an grúpa feachtasaíochta an Teachta Sian Gwenllian, ball de Plaid Cymru, as labhairt i mBreatnais 99% den am sa tionól agus moladh a comhghleacaí Elin Jones, ceann comhairle an tionóil, a labhair Breatnais 84% den am.

Dúirt Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge, Julian de Spáinn, le Tuairisc.ie gur chóir go leagfaí síos sprioc sa Dáil go méadófaí céatadán na Gaeilge a labhraítear sa Dáil i mbliana go dtí 5%.

“Agus Bliain na Gaeilge ann i mbliana, ba chóir an dúshlán sin a leagan síos mar thús. Rud amháin a bheith ag iarraidh ar an bpobal Gaeilge a labhairt, ach rud eile ar fad é a bheith ag iarraidh orthu í a labhairt nuair a fheiceann siad nach bhfuil na polaiteoirí féin sásta í a labhairt,” a dúirt Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge.

Fág freagra ar '24 oiread Breatnaise á labhairt dtionól na Breataine Bige ná mar atá Gaeilge á labhairt ag Teachtaí Dála'

  • Roddy

    Tá sé in am ag grúpaí againn dul ag clinicí na bpolaiteoirí fábharacha agus iad a ghríosadh chun breis Gaeilge a labhairt i dtithe an Oireachtais. Dá mbeadh ardú ó 0.5% go 2% tar éis “Bliain na Gaeilge” bheadh rud le ceiliúradh. Nul points don chéad pholaiteoir aineolach eile a mhaíonn “as the only English speaking country in the EU we attract the multinationals.”