Scríbhneoirí na Gaeilge – cé mhéad acu atá ann agus cad atá á scríobh acu?

Tá taighde déanta ag beirt údar, Anna Heussaff agus Éilís Ní Anluain, faoi chás na scríbhneoireachta Gaeilge

Scríbhneoirí na Gaeilge – cé mhéad acu atá ann agus cad atá á scríobh acu?

Dá dtiocfadh scríbhneoirí uile na Gaeilge le chéile in aon áit amháin inniu, an mó cathaoir a theastódh? Ar leor seomra deas cluthar nó an líonfaí halla fairsing? Agus dá roinnfí na scríbhneoirí uile de réir seánraí, cé acu grúpa ba líonmhaire – úrscéalaithe, gearrscéalaithe, filí, drámadóirí, scríbhneoirí don aos óg nó dream eile nach iad? Cén coibhneas a bheadh ann idir na mná agus na fir?

Nuair a thugamar faoi na ceisteanna seo a chíoradh, ní go réidh a bhí fáil ar na freagraí. Bunaíodh Aontas na Scríbhneoirí Gaeilge (ASG) beagnach dhá bhliain ó shin agus chláraigh thart ar 70 ball leis ó shin. In Portráidí na Scríbhneoirí Gaeilge a foilsíodh i mbliana, ceiliúrtar 107 scríbhneoir aitheanta. Tá tuilleadh ainmneacha ar shuímh idirlín na bhfoilsitheoirí ach cuardach foighneach a dhéanamh orthu. Tá roinnt bearnaí i gcatalóg na Leabharlainne Náisiúnta.

De réir an taighde a rinneamar go dtí seo, is é freagra na mórcheiste ná go bhfuil os cionn 500 scríbhneoir Gaeilge beo inár measc inniu – daoine ar foilsíodh ar a laghad leabhar amháin Gaeilge leo, nó a raibh dráma nó script leo ar stáitse nó ar chainéal aitheanta. Is beag coinne a bhí againn ar dtús le figiúr chomh hard, agus léiríonn sé go bhfuil scríbhneoireacht na Gaeilge beo, bríomhar, forleathan agus ilghnéitheach, in ainneoin gach dúshláin.

Ag ócáid i dTeach an Ardmhéara i mBaile Átha Cliath a cuireadh céadtorthaí an taighde i láthair. Bhíomar beirt páirteach i léamha poiblí do Lá Idirnáisiúnta na mBan, ar an 8 Márta 2016, agus labhair Anna ar sciuird a bhí tugtha aici ar shuíomhanna na bhfoilsitheoirí le teann fiosrachta.

Anna Heussaff - Tuairisc.ie - 2016
Anna Heussaff

D’áirigh sí 138 scríbhneoir an uair sin, 88 fear agus 50 bean; agus fuair sí go raibh idir beirt agus triúr fear ann do gach bean sna seánraí uile seachas sa litríocht don aos óg, áit a raibh a mhalairt ghlan fíor.

Ag cruinniú cinn bhliana ASG an mhí dár gcionn, thairg Éilís obair i bpáirt le hAnna le bunachar iomlán scríbhneoirí a thiomsú inár gcuid ama féin.  Áis earcaíochta don Aontas a bheadh ann, dar linn, chomh maith le foinse luachmhar eolais agus anailíse. Ba leor mí nó dhó chuige, a mheasamar ar dtús; ach de réir mar a lean an obair ar aghaidh, mhéadaigh ar an ábhar agus ar na ceisteanna a d’éirigh as.

Tá beagnach 20 bliain ann ó rinneadh áireamh dá leithéid cheana. Bhí 179 scríbhneoir in Eolaire CIC de Scríbhneoirí Gaeilge (CIC, 1998), cuid acu gan leabhar foilsithe ag an am; agus bhí 254 in Scríbhneoirí na Gaeilge 1945-1995, le Seán Ó Cearnaigh (Comhar, 1995), 59 acu sin a bhí básaithe. Is iomaí sin sainmhíniú ar ‘scríbhneoir’, ach is ríléir gur borradh seachas cúlú atá ar shaol an phinn san idirlinn.

Dá gcuirfimis sa chuntas inniu gach duine ar foilsíodh scéal, dán, blag nó alt léinn leo in irisí na Gaeilge nó a bhuaigh duais i gComórtais Liteartha an Oireachtais, seans go mbeadh 700 ainm ar a laghad againn. Is cinnte freisin gurb iontach an dul chun cinn é ó aimsir na hAthbheochana breis is céad bliain ó shin, nuair a tosaíodh as an nua ar shaothrú na litríochta scríofa.

Éilís (2) - do Tuairisc.ie copy
Éilís Ní Anluain

Scríbhneoireacht chruthaitheach amháin a bhí i gceist i mí na Márta seo caite –  úrscéalta, gearrscéalta, filíocht, drámaíocht, agus litríocht don óige. Chuireamar ceithre sheánra leis an liosta ó shin: neamhfhicsean, aistriúcháin, eagarthóireacht agus saothair acadúla. Tá roinnt scríbhneoirí bisiúla ag saothrú níos mó ná seánra amháin; go deimhin, tá dornán ann ar foilsíodh leabhair leo i gcúig nó sé cinn de sheánraí.

Chuireamar le líon na scríbhneoirí i ngach seánra ó thosaíomar ag obair le chéile, ach, spéisiúil go leor, is beag a d’athraigh coibhneas na bhfear is na mban sna catagóirí a bhí againn ar dtús. Na figiúirí is déanaí don fhilíocht ná 66 fear agus 33 bean; don ghearrscéalaíocht, 45 agus 14; agus don drámaíocht mar aon le scripteanna teilifíse, 54 fear agus 23 bean. I gcás úrscéalta (a bhfuil úrscéalta d’fhoghlaimeoirí fásta san áireamh leo), is iad na figiúirí is déanaí ná 52 fear agus 11 bean – coibhneas an-éagothrom a bhfuil spéis ar leith againn ann ó tharla an bheirt againn i measc an aonar déag úd.

Maidir leis an gcoibhneas iomlán, tá 311 fear agus 195 bean sa bhunachar anois, 61% agus 39% faoi seach. Sa litríocht don aos óg amháin atá tromlach ag na mná: 51 fear i gcomparáid le 72 bean. Tá leabhair acadúla foilsithe ag a dhá oiread fear agus ban, de réir an taighde; agus is mó fós na bearnaí i gcás an neamhfhicsin agus seánraí eile. É sin ráite, tá feabhas mór ar an scéal le 20 bliain anuas: mná ab ea 8% den 254 scríbhneoir i 1996, i gcomparáid le beagnach 40% den iomlán inniu.

Ba mhaith linn maoiniú a fháil amach anseo chun dearbhú agus iomlánú a dhéanamh ar an mbunachar agus é a chur ar fáil mar áis idirlín faoin teideal Scribhneoiri.ie. Tá iliomad ceisteanna le freagairt fós. Mar shampla, líon na scríbhneoirí Gaeltachta, an líon a tógadh le Gaeilge lasmuigh den Ghaeltacht agus an líon a thosaigh amach mar fhoghlaimeoirí scoile? Na haoisghrúpaí is treise inár measc? Coibhneas na bhfear is na mban ag gach foilsitheoir ar leith? Agus cad faoin líon daoine a d’éirigh as an scríobh nó a chaill a misneach tar éis an chéad leabhair, gan an dara saothar uathu le roinnt blianta anuas?

D’fhéadfaí freisin liostaí iomlán foilseachán a chur leis an mbunachar agus b’fhéidir fiú anailís shamplach a dhéanamh amach anseo ar an réimse díolacháin sna seánraí éagsúla: an dornán leabhar a ndíoltar na mílte cóip díobh, an tromlach a dhíoltar ina gcéadta agus na cinn nach sroicheann an céad féin.

Tá súil againn go spreagfaidh tionscadal seo an bhunachair tuilleadh díospóireachta mar aon le méadú ballraíochta in ASG. Go deimhin, ba bhreá linn cuireadh a thabhairt do na céadta scríbhneoirí Gaeilge clárú le ASG anois, pé acu an bhfuil leabhar lena n-ainm nó nach bhfuil.

Agus beidh míle fáilte roimh scríbhneoirí na Gaeilge ag an gcéad ollchruinniú eile, a bheidh ar siúl le linn Fhéile an Oireachtais i gCill Airne, maidin Shathairn 5 Samhain.

– Is é Scáil an Phríosúin (CIC 2015) an t-úrscéal is déanaí ó Anna Heussaff, Scríbhneoir Cónaithe 2016 in Ollscoil Chathair Átha Cliath.

– Is é Filleann Seoirse (Leabhar Breac 2011) an chéad úrscéal ó Éilís Ní Anluain, rúnaí ASG agus eagarthóir le Ainm.ie.