Scríbhneoirí na Gaeilge – cé mhéad acu atá ann agus cad atá á scríobh acu?

Tá taighde déanta ag beirt údar, Anna Heussaff agus Éilís Ní Anluain, faoi chás na scríbhneoireachta Gaeilge

Scríbhneoirí na Gaeilge – cé mhéad acu atá ann agus cad atá á scríobh acu?

Dá dtiocfadh scríbhneoirí uile na Gaeilge le chéile in aon áit amháin inniu, an mó cathaoir a theastódh? Ar leor seomra deas cluthar nó an líonfaí halla fairsing? Agus dá roinnfí na scríbhneoirí uile de réir seánraí, cé acu grúpa ba líonmhaire – úrscéalaithe, gearrscéalaithe, filí, drámadóirí, scríbhneoirí don aos óg nó dream eile nach iad? Cén coibhneas a bheadh ann idir na mná agus na fir?

Nuair a thugamar faoi na ceisteanna seo a chíoradh, ní go réidh a bhí fáil ar na freagraí. Bunaíodh Aontas na Scríbhneoirí Gaeilge (ASG) beagnach dhá bhliain ó shin agus chláraigh thart ar 70 ball leis ó shin. In Portráidí na Scríbhneoirí Gaeilge a foilsíodh i mbliana, ceiliúrtar 107 scríbhneoir aitheanta. Tá tuilleadh ainmneacha ar shuímh idirlín na bhfoilsitheoirí ach cuardach foighneach a dhéanamh orthu. Tá roinnt bearnaí i gcatalóg na Leabharlainne Náisiúnta.

De réir an taighde a rinneamar go dtí seo, is é freagra na mórcheiste ná go bhfuil os cionn 500 scríbhneoir Gaeilge beo inár measc inniu – daoine ar foilsíodh ar a laghad leabhar amháin Gaeilge leo, nó a raibh dráma nó script leo ar stáitse nó ar chainéal aitheanta. Is beag coinne a bhí againn ar dtús le figiúr chomh hard, agus léiríonn sé go bhfuil scríbhneoireacht na Gaeilge beo, bríomhar, forleathan agus ilghnéitheach, in ainneoin gach dúshláin.

Ag ócáid i dTeach an Ardmhéara i mBaile Átha Cliath a cuireadh céadtorthaí an taighde i láthair. Bhíomar beirt páirteach i léamha poiblí do Lá Idirnáisiúnta na mBan, ar an 8 Márta 2016, agus labhair Anna ar sciuird a bhí tugtha aici ar shuíomhanna na bhfoilsitheoirí le teann fiosrachta.

Anna Heussaff - Tuairisc.ie - 2016
Anna Heussaff

D’áirigh sí 138 scríbhneoir an uair sin, 88 fear agus 50 bean; agus fuair sí go raibh idir beirt agus triúr fear ann do gach bean sna seánraí uile seachas sa litríocht don aos óg, áit a raibh a mhalairt ghlan fíor.

Ag cruinniú cinn bhliana ASG an mhí dár gcionn, thairg Éilís obair i bpáirt le hAnna le bunachar iomlán scríbhneoirí a thiomsú inár gcuid ama féin.  Áis earcaíochta don Aontas a bheadh ann, dar linn, chomh maith le foinse luachmhar eolais agus anailíse. Ba leor mí nó dhó chuige, a mheasamar ar dtús; ach de réir mar a lean an obair ar aghaidh, mhéadaigh ar an ábhar agus ar na ceisteanna a d’éirigh as.

Tá beagnach 20 bliain ann ó rinneadh áireamh dá leithéid cheana. Bhí 179 scríbhneoir in Eolaire CIC de Scríbhneoirí Gaeilge (CIC, 1998), cuid acu gan leabhar foilsithe ag an am; agus bhí 254 in Scríbhneoirí na Gaeilge 1945-1995, le Seán Ó Cearnaigh (Comhar, 1995), 59 acu sin a bhí básaithe. Is iomaí sin sainmhíniú ar ‘scríbhneoir’, ach is ríléir gur borradh seachas cúlú atá ar shaol an phinn san idirlinn.

Dá gcuirfimis sa chuntas inniu gach duine ar foilsíodh scéal, dán, blag nó alt léinn leo in irisí na Gaeilge nó a bhuaigh duais i gComórtais Liteartha an Oireachtais, seans go mbeadh 700 ainm ar a laghad againn. Is cinnte freisin gurb iontach an dul chun cinn é ó aimsir na hAthbheochana breis is céad bliain ó shin, nuair a tosaíodh as an nua ar shaothrú na litríochta scríofa.

Éilís (2) - do Tuairisc.ie copy
Éilís Ní Anluain

Scríbhneoireacht chruthaitheach amháin a bhí i gceist i mí na Márta seo caite –  úrscéalta, gearrscéalta, filíocht, drámaíocht, agus litríocht don óige. Chuireamar ceithre sheánra leis an liosta ó shin: neamhfhicsean, aistriúcháin, eagarthóireacht agus saothair acadúla. Tá roinnt scríbhneoirí bisiúla ag saothrú níos mó ná seánra amháin; go deimhin, tá dornán ann ar foilsíodh leabhair leo i gcúig nó sé cinn de sheánraí.

Chuireamar le líon na scríbhneoirí i ngach seánra ó thosaíomar ag obair le chéile, ach, spéisiúil go leor, is beag a d’athraigh coibhneas na bhfear is na mban sna catagóirí a bhí againn ar dtús. Na figiúirí is déanaí don fhilíocht ná 66 fear agus 33 bean; don ghearrscéalaíocht, 45 agus 14; agus don drámaíocht mar aon le scripteanna teilifíse, 54 fear agus 23 bean. I gcás úrscéalta (a bhfuil úrscéalta d’fhoghlaimeoirí fásta san áireamh leo), is iad na figiúirí is déanaí ná 52 fear agus 11 bean – coibhneas an-éagothrom a bhfuil spéis ar leith againn ann ó tharla an bheirt againn i measc an aonar déag úd.

Maidir leis an gcoibhneas iomlán, tá 311 fear agus 195 bean sa bhunachar anois, 61% agus 39% faoi seach. Sa litríocht don aos óg amháin atá tromlach ag na mná: 51 fear i gcomparáid le 72 bean. Tá leabhair acadúla foilsithe ag a dhá oiread fear agus ban, de réir an taighde; agus is mó fós na bearnaí i gcás an neamhfhicsin agus seánraí eile. É sin ráite, tá feabhas mór ar an scéal le 20 bliain anuas: mná ab ea 8% den 254 scríbhneoir i 1996, i gcomparáid le beagnach 40% den iomlán inniu.

Ba mhaith linn maoiniú a fháil amach anseo chun dearbhú agus iomlánú a dhéanamh ar an mbunachar agus é a chur ar fáil mar áis idirlín faoin teideal Scribhneoiri.ie. Tá iliomad ceisteanna le freagairt fós. Mar shampla, líon na scríbhneoirí Gaeltachta, an líon a tógadh le Gaeilge lasmuigh den Ghaeltacht agus an líon a thosaigh amach mar fhoghlaimeoirí scoile? Na haoisghrúpaí is treise inár measc? Coibhneas na bhfear is na mban ag gach foilsitheoir ar leith? Agus cad faoin líon daoine a d’éirigh as an scríobh nó a chaill a misneach tar éis an chéad leabhair, gan an dara saothar uathu le roinnt blianta anuas?

D’fhéadfaí freisin liostaí iomlán foilseachán a chur leis an mbunachar agus b’fhéidir fiú anailís shamplach a dhéanamh amach anseo ar an réimse díolacháin sna seánraí éagsúla: an dornán leabhar a ndíoltar na mílte cóip díobh, an tromlach a dhíoltar ina gcéadta agus na cinn nach sroicheann an céad féin.

Tá súil againn go spreagfaidh tionscadal seo an bhunachair tuilleadh díospóireachta mar aon le méadú ballraíochta in ASG. Go deimhin, ba bhreá linn cuireadh a thabhairt do na céadta scríbhneoirí Gaeilge clárú le ASG anois, pé acu an bhfuil leabhar lena n-ainm nó nach bhfuil.

Agus beidh míle fáilte roimh scríbhneoirí na Gaeilge ag an gcéad ollchruinniú eile, a bheidh ar siúl le linn Fhéile an Oireachtais i gCill Airne, maidin Shathairn 5 Samhain.

– Is é Scáil an Phríosúin (CIC 2015) an t-úrscéal is déanaí ó Anna Heussaff, Scríbhneoir Cónaithe 2016 in Ollscoil Chathair Átha Cliath.

– Is é Filleann Seoirse (Leabhar Breac 2011) an chéad úrscéal ó Éilís Ní Anluain, rúnaí ASG agus eagarthóir le Ainm.ie.

Fág freagra ar 'Scríbhneoirí na Gaeilge – cé mhéad acu atá ann agus cad atá á scríobh acu?'

  • Feardorcha

    Maidir le suirbhéanna gan dealramha bhí beirt bhan (2) sáite sa tionscail agus 0 (neamhní) fear. Sé sin le rá go bhfuil 100% níos mó bean ag bleán an bheithígh áirithe seo ná mar atá fir.

  • Antain Mac Lochlainn

    Is mór an gar go bhfuil do leithéid ann, a Fheardorcha, le muintir na hÉireann a chur ar a gcoimhéad ar na daoine seo atá ag carnadh saibhris le scríbhneoireacht i nGaeilge. Mná cuid acu, mar bharr ar an donas! Nár lige Dia go mbeadh dréacht, dán ná dráma á scríobh i nGaeilge. Is tú Tréanlámh na Teanga gan dabht ar bith.

  • Larry Phelan

    x2
    go n-éirí lena n-iarrachtaí le “maoiniú a fháil amach anseo chun dearbhú agus iomlánú a dhéanamh ar an mbunachar agus é a chur ar fáil mar áis idirlín faoin teideal Scribhneoiri.ie”

    géarghá leis seo, is gan éinne ag léamh a saothair sa chéad dul síos

  • Tadhg Mac Dhonnagáin

    ‘Gan éinne ag léamh a saothair sa chéad dul síos’. Is fíor go bhfuil imeallú déanta ar litríocht na Gaeilge sa dioschúrsa poiblí in Éirinn mar gur i mBéarla den chuid is mó a phléitear cúrsaí go poiblí sa tír seo. Is fíor nach bhfuil mórán Gaeilge ná spéis inti ag formhór na dtráchtairí cultúr is aitheanta in Éirinn. Is fíor chomh maith go bhfuil claonadh ann i measc na meán Gaeilge gan aird mar is ceart a thabhairt ar a bhfuil á cruthú sa teanga, de bharr thionchar na dtráchtairí Béarla atá dall ar an nGaeilge. Is fíor gurb í an litríocht is mó, b’fhéidir, atá thíos leis an gclaonadh diúltach sin. Agus is fíor go bhfuil leithéidí Larry ann, Gael atá ag iarraidh creimeadh a dhéanamh ar mhisneach na ndaoine atá ag iarraidh cur le litríocht chomhaimseartha na Gaeilge, arb í an tríú litríocht scríofa is sine san Eoraip í, i ndiaidh na Gréigise agus na Laidine. Maith thú, a Larry. Tá Éire buíoch díot.

  • Feardorcha

    Searbhas agus líomhaintí seoiníneachais, ambaiste! Fuair fáinne fí na léamhthuisceana an ceann is fearr ort faraor.
    Má scagaim an ghalamaisíocht ó do fhreagra a Antain, measaim go bhfuilir ag rá go bhfuilim (1) in aghaidh na scríbhneoireachta Gaeilge agus (2) in aghaidh na mban.
    Maidir leis an scríbhneoireacht Ghaeilge níor luaigh mé olc ná maith é. Bhrisfeadh sé mo chroí áfach dá mbeadh airgead a d’fhéadfaí a úsáid i spreagadh na litríochta á chur i dtreo an carnadh ainmneacha gan dealramh seo. Nílimid sa mhúsaem fós, in ainm Dé! An mbeadh sé sin mar aidhm ag Cumann na Sgríbhneoirí Gaeilge? Ní dóigh liom go raibh Larry thuas ag fonóid ach oiread ach ag cásamh. Agus d’aontóinn leis 100%, mórán gleo agus beagán olna.
    Maidir le scéal na mban, is i dtaobh le státseirbhísiú na bhfigiúirí sa suirbhé seo a bhí mé. An mbeidh riocht níos fearr ar litríocht na teanga má éiríonn le mná 51% de na leabhair a scríobh? Mura mbeidh, cén bhaint atá aige le hábhar nó cén fáth go mbeadh gné feimineach leis an scéal?
    Maidir le holagón Thaidhg, nach raibh na cúinsí céanna nó níos measa i bhfeidhm agus an Cadhnach, an Ríordánach, an Díreánach, Mac an tSaoi ag scríobh. Caith uait do chnáimhseán, ní cabhair dúinn é.

  • Larry Phelan

    A Thaidhg, a chara, tá an ceart agat faoi thráchtairí ‘aitheanta’ cultúir na hÉireann. Is beag an bhaint atá ag an mBéarla le mo thuairim féin, ámh. Is beag an bhaint atá ag an stair léi ach chomh beag. Bhí dul amú ormsa nuair a dúirt mé nach léann éinne a saothar; léimse féin cuid mhaith den nua-litríocht seo, agus ritheann dhá phointe liom i gcónaí: (1) is beag leabhar a léim a mbainim taitneamh as de bharr fheabhas na scríbhneoireachta/an scéil ann, (2) is annamh a chastar orm éinne eile a bhfuil na leabhair chéanna léite aige. Is tuairim í (1), ach is baolach gur fíric í (2).

    Nárbh fhearr do na scríbhneoirí a chuir an suirbhé seo i dtoll a chéile díriú ar ghnó na scríbhneoireachta? D’fhéadfadh mac léinn iar-chéime éigin suirbhé den sórt sin a dhéanamh, ach ba dheacra go mór dó úrscéal srl. a scríobh. Ní hé nach bhféadfadh na húdair seo an dá thrá a fhreastal, ach tuigfidh tú céard tá i gceist agam leis seo .i. leabhar cruthaitheach v. suirbhé.

    Seancheist í, ar ndóigh, cé dóibh a scríobhann scríbhneoirí Gaeilge, i bhfianaise a theirce is atá pobal léitheoireachta na Gaeilge – d’fhéadfadh Antaine agus tú féin í a fhreagairt, agus ba shuim liom bhur mbarúlacha. An mbíonn an lucht léite ar a intinn ag scríbhneoir Gaeilge agus é ag gabháil do leabhar a scríobh?

    Níl aon aithne agam air, ach ní dócha go bhfuil Feardorcha i gcoinne scríbhneoireacht na Gaeilge in aon chor; téann Antaine i bhfad thar fóir lena ghuí mhagúil “Nár lige Dia go mbeadh dréacht, dán ná dráma á scríobh i nGaeilge”, óir ní dúirt Feardorcha aon cheo mar gheall ar sholáthar scríbhneoirí na Gaeilge (.i. soláthar nach suirbhéanna atá ann). Maidir liomsa, níor mhaith liom creimeadh a dhéanamh ar mhisneach na scríbhneoirí seo. Ní dócha go bhfuil siad le moladh, áfach, (1) beag beann ar chaighdeán a saothair, agus (2) de bharr gur i nGaeilge a scríobhann siad. Déantar iad a mheas ar fheabhas a scríbhneoireachta.

  • Tadhg Mac Dhonnagáin

    ‘Déantar iad a mheas ar fheabhas a scríbhneoireachta.’ Aontaím go hiomlán leis an ráiteas sin, a Larry. Aithním go rímhaith mar scríbhneoir agus mar fhoilsitheoir go bhfuil pobal léitheoireachta na Gaeilge beag ach ní muid is measa mar mhionteanga. Chaith mé an deireadh seachtaine seo caite ag féile leabhar sa mBriotáin – 300 cóip de leabhar a chuirtear i gcló sa teanga sin ar an meán. Shamhlóinn ó mo thaithí féin gur 1000 ar an meán a chuirtear i gcló i nGaeilge agus is iomaí leabhar a bhfuil díol níos mó ná sin air. An dúshlán is mó ná a laige is atá cultúr na litríochta sa nGaeilge. In éineacht linn ó Éirinn ag an deireadh seachtaine sa mBriotáin, bhí úrscéalaí óg Béarla, Ciarán Collins, ar fhoilsigh Bloomsbury, Londan, an chéad úrscéal uaidh i 2013. Tá cuairt tugtha go minic ó shin aige ar fhéilte agus eile sa mBreatain agus anois agus an leabhar foilsithe ag Gallimard sa bhFrainc, tá tús curtha aige lena shaothar a chur i láthair sa tír sin. Níor thóg sé i bhfad ar Google anois díreach léirmheasanna ar a leabhar a aimsiú: altanna a foilsíodh san Irish Times, sa Guardian, in Independent na Breataine, sa New York Times srl. Níl a fhios agam an bhfuil ‘The Gamal’ léite agat, a Larry, ach má tá, is mó go mór an seans go mbuailfeá le duine a bhfuil sé léite aige ná mar a dhéanfá i gcás úrscéal Gaeilge, de bharr na poiblíochta sin ar fad atá luaite agam. B’fhearr go mór fada léirmheas géar ná neamhaird. Tá fiúntas leis an taighde seo mar go léiríonn sé go bhfuil pobal gníomhach scríbhneoirí ann, dream atá ar thóir lucht a léite. Is mar sin atá ag an bhfilíocht, cuir i gcás, i gcuid mhór teangacha, cé go maítear nach léann duine ar bith filíocht. Ní fíor.