Cén Ghaeilge ar ‘right-hand man’ ach ‘giolla gualainne’?

FRIOTAL: Tá neart le foghlaim ó fhoinsí ar ligeadh dóibh dul as cló, a deir ár gcolúnaí.

oifig-covers-480

Guím borradh agus bua ar an eagraíocht nuabhunaithe, Aontas na Scríbhneoirí Gaeilge. Dá mba fúmsa a bheadh sé cnuasainm a chumadh ar scata scríbhneoirí, ní hé ‘aontas’ is túisce a rithfeadh liom, ach cé a shéanfadh go gcaithfimid, anois nó riamh, an fód a sheasamh don teanga scríofa? Ar cheann de mholtaí an Aontais tá ‘aistritheoirí agus eagarthóirí a oiliúint chun ábhar atá as cló le fada, bunleabhair agus aistriúcháin, a sholáthar sa nualitriú ar líne.’

Tá mé féin go mór i bhfách leis sin, ní hamháin de gheall ar an litríocht ach toisc gur eiseamláir den dea-scríbhneoireacht Ghaeilge iad na haistriúcháin a d’fhoilsigh an Gúm sna 1920idí agus sna 1930idí. Seo í an Ghaeilge i ngleic leis an eolaíocht (H.G. Wells), leis an fhealsúnacht (Platón) agus, coisreacan Dé orainn, le scéalta don ghnáthléitheoir neamhléannta. Níl uair dá n-osclaím ceann de na leabhair seo nach luíonn mo shúil ar nath beag fuinte atá díreach ceart.

Gan dul a dhath níos faide ná leibhéal an fhocail, tá saibhreas as cuimse ann. Cén Ghaeilge a bheadh ar ‘right-hand man’ ach ‘giolla gualainne’?  Nach bhfuil blas deas searbh ar ‘amhas oifige’ (‘careerist’) agus ‘saobhdhochtúir’ (‘quack’)? Cuardaigh ‘blackmail’ sna foclóirí agus gheobhaidh tú ‘dúmhál.’ Tá feidhm leis an téarma dlí ach is deise go mór ‘airgead tosta a bhaint amach.’ (Is é sin, ‘cuir chugainn an t-airgead agus fanfaimidne inár dtost.’)

B’fhiú aistriúcháin an Ghúim a athfhoilsiú mar léiriú ar sheiftiúlacht cainteoirí dúchais a bhí ag iarraidh go léifí agus go dtuigfí iad. Meabhraíonn siad don scríbhneoir Gaeilge go mbíonn rogha ann i gcónaí seachas téarma deas néata a chóipeáil ó www.focal.ie. Féach an abairt seo as The Island of Terror (leabhar nach ngnóthódh duais litríochta ar bith ach ar bhain mise sult ar dóigh as a leagan Gaeilge):

“Copacabana with its daily toll of drowned bathers due

to the terrific undertow.”

Dá mbeadh ‘undertow’ le haistriú inniu, tá eagla orm go lorgódh an scríbhneoir i liosta téarmaíochta é agus gur ‘mar gheall ar a réasac mór’ a scríobhfadh sé – leagan ceart, ciotach. Ba é a scríobh Proinsias Ó Brógáin in Oileán an Uathbháis:

“Copacabana, an áit a bhfuil sruth grinnill

a bháitheas an t-uafás lucht snámha.”

Molaimse fosta atheagrán de Peann agus Pár le Liam Ó Rinn, tobar dea-chomhairle don scríbhneoir Gaeilge. A leithéid seo:

“Scríobh aiste míle focal anois is arís gan an briathar

‘cuirim’ (ná ‘tugaim’ ná ‘déanaim,’ etc.) inti

chun go mbeidh ort briathra eile a lorg…”

Bain triail as – níl sé chomh furasta agus a shílfeá.

Tá Antain Mac Lochlainn ina eagarthóir ar an suíomh áiseanna Gaeilge www.aistear.ie.

Fág freagra ar 'Cén Ghaeilge ar ‘right-hand man’ ach ‘giolla gualainne’?'

  • Dallán

    An ceart ar fad agat, a Antaine.

    Tá ceann de na leabhair sna peictiúir thuas athfhoilsithe ag Evertype, Cú na mB.

    Seans go bhfuil i gceist ag Evertype tuilleadh dá shórt a chur amach.

    • Michael Everson

      “Seans go bhfuil i gceist ag Evertype tuilleadh dá shórt a chur amach.”

      Is fíor sin.

  • Léitheoir nach maith leis fílíocht leamh

    Is íontach an deis í an taistríúchán. Tá fócas míshlaíntiúil ar litríocht comhaimseartha san Oireachtais srl. (litríocht atá á scríobh ag daoine gurb í an Ghaeige an dara teanga acu den cuid is mó) seachas ar leabhair a aistirú ó teangacha eile mar a dheintear san Íoslann. Cá bhfuil an ciclipéid ar líne? Bronntar duaiseanna ar fhilíocht leamh gan téagair nach bhfuil engagé agus fágtar gnáthléithoir i dtuilleamaí an Bhéarla más mian leo léamh faoin saol mór.

  • Michael Everson

    Foilseofar eagrán nua de Cogadh na Reann go luath (mí Eanáir, is baolach?).