Ar chúla téarmaí – na focail is fearr (agus is measa sa Ghaeilge)

FRIOTAL: Beirt daltaí meánscoile a mhúin ceacht dár gcolúnaí faoi chúrsaí Gaeilge.

Screen Shot 2014-12-16 at 11.20.28
Daltaí as Pobalscoil Ghaoth Dobhair ar an scáileán mór agus ‘Gmail i nGaeilge’ á sholadh i mBaile Átha Cliath an tseachtain seo caite

Bualadh bos, agus strampáil cos, don mheitheal a chuir Gmail Gaeilge ar fáil dúinn agus é chomh seolta, so-úsáide is atá.

Agus tá moladh tuillte ag buaiteoirí an chomórtais a d’eagraigh Google i scoileanna dara leibhéal le teacht ar na focail ‘is fearr’ dá bhfuil sa Ghaeilge.

Fógraíodh na torthaí lá seolta an táirge nua i gceannáras Google agus b’aoibhinn liom mar a dhiúltaigh an dream óg don tseanaimsearthacht. ‘Sneachta’ a bhain comórtas den chineál céanna a reáchtáil RTÉ roinnt blianta ó shin. ‘Smugairle róin’ is ansa le hAire an Chúpla Focal.

An dá fhocal a thug an svae leo i gcomórtas Google? Screen Shot 2014-12-16 at 11.16.29

‘Uathúil’ agus ‘bruithniú’ mura miste leat – focail fheidhmiúla atá chomh fada ar shiúl ón charn aoiligh agus a d’iarrfadh béal an Phiarsaigh iad a bheith.

Chuir mé suim sa mhíniú a thug na buaiteoirí ar bhuanna na bhfocal a roghnaigh siad. Dar le fear óg as Gaoth Dobhair gur leagan úsáideach é ‘uathúil’ a deir mórán i mbeagán.

Admhaím gur focal atá ann a raibh col agamsa leis riamh go dtí seo, agus gur ghnách liom leaganacha chomh fada le maide rámha a chur ina áit, ach féach mar a rinne fear na Gaeltachta a chuid féin de. Chuimhnigh mé ar chomhairle a chuir duine léannta orm tráth: abair rud ar bith trí huaire agus ní bhíonn sé leath chomh coimhthíoch agus a bhí ar an chéad lua.

Ceol an fhocail a thug ar ógbhean as Baile Átha Cliath ‘bruithniú’ a roghnú. Níl uair ar bith dá gcluin sí é, a dúirt sí, nach smaoiníonn sí ar theas agus ar fhoirnéisí agus ar obair mhiotail. Anois, cad é a déarfá leis an aos óg a mbítear ag cur ina leith nach mbíonn aird acu ar fhriotal ar bith seachas teanga na téacsála?

Spreag torthaí an chomórtais seo comhrá i measc cuid againn a bhí i láthair (agus a d’fhág an córas meánscolaíochta inár ndiaidh tamall de bhlianta ó shin). Cad iad na téarmaí teicniúla a roghnóimis féin? An mbeimis in ann an rogha sin a mhíniú? Ní raibh moill ar dhaoine téarmaí a dtugann siad fuath dóibh a lua: ‘féideartha’, ‘inrochtaineacht,’ ‘pobalbhunaithe’, ‘teangalárnaithe’ agus eile. Is cinnte go mbeidh léitheoirí an cholúin seo in ann cur leis an liosta. Ach níor chuimhnigh duine ar bith againn ar leaganacha gonta cliste mar ‘turscar’, ‘ceangaltán’ ná ‘cluaisín’ – gan dul níos faide ná réimse an ríomhphoist féin.

Is cosúil nach gcuirimid sonrú i dteanga theicniúil na Gaeilge ach le linn dúinn a bheith á lochtú.

– Tá Antain Mac Lochlainn ina eagarthóir ar an suíomh áiseanna Gaeilge www.aistear.ie.

Fág freagra ar 'Ar chúla téarmaí – na focail is fearr (agus is measa sa Ghaeilge)'