An chéad chúpla nóiméad dár laethanta saoire teaghlaigh i gConamara. Áit ina bhfuil an Ghaeilge ina príomhtheanga.
Theastaigh airgead tirim uaim. Stáisiún peitril os mo chomhair amach. Tharraing mé anáil dhomhain agus isteach liom.
Go neirbhíseach, thriail mé “An bhfuil ATM ar fáil anseo?”
“Níl,” a dúirt an bhean a bhí ag obair ann. Bean óg, a raibh cuma chairdiúil uirthi agus Gaeilge ar a toil aici.
“Ach, is féidir cashback á dhéanamh,” a dúirt sí. “Níl le déanamh ach euro amháin a chaitheamh.”
Ba gheall le bheith sna flaithis domsa é. Ní hamháin go raibh mé in ann ise a thuiscint, ach i mbun comhrá ceart i nGaeilge a bhí mé. Rud chomh deas, chomh nádúrtha. Rud nach raibh mé ag iarraidh mo ghreim air a scaoileadh.
Cúpla nóiméad caite agam ag lorg rud éigin nár theastaigh uaim.
Nuair a chas mé timpeall, ní raibh sí ann a thuilleadh.
Bean mheánaosta a bhí ina hionad taobh thiar den chuntar.
“You will have to speak English now,” a dúirt go borb le blas Sasanach. Bhí tuin an deargnaimhdis ina guth aici.
Ba ghearr gur iompaigh mo bhrionglóid ina tromluí teanga.
‘Ach, cá’il sí imithe?’ a dúirt mé léi agus is ar éigean a bhí mé in ann an méid sin a rá. Buile trom a bhí ann.
Le croí trom, rinne mé mo ghnó agus d’imigh mé liom is mo chleití ag sileadh síos liom.
Ach oiread le cuid mhaith daoine ar comhaois liom féin, bhí páirt nach beag ag mo sheanathair i gCogadh na Saoirse. Fear nár chas orm riamh toisc gur cailleadh é sular saolaíodh mé.
D’éirigh liom roinnt eolais a fháil faoi, áfach. Cuid de sa chartlann náisiúnta. Cainteoir dúchais ó chontae Mhaigh Eo ba ea é. Agus é i ngéibheann cúpla babhta le linn na 1920idí chuile sheans go raibh a leithéid sin cloiste aige uair nó dhó ina shaol. Agus cuid mhaith eile níos meas ná sin, is dócha, agus cosc iomlán ar gach saghas rud Gaelach. Ón méid eolais a fuair mé amach faoi, tá sé soiléir dom go raibh sé tiomanta ó thaobh chearta na nGael agus na Gaeilge.
Is go déanach a thosaigh mé féin ar mo thuras teanga, nach mór cúig bliana ó shin. Bhí an leathchéad bainte amach agam sular chuir mé spéis sa Ghaeilge. Ceann de na rudaí a sheasann amach dom agus an teanga anois agam ná an nasc a chruthaíonn sí idir muidne agus na Gaeil a tháinig romhainn. Agus an teanga chéanna á labhairt agam, mothaím cineál ceangal leis siúd ar bhealach.
Agus mé ag déanamh mo mhachnaimh ar an eachtra sa siopa ina dhiaidh sin, bhí aiféala orm nár tháinig aisfhreagra cliste chugam in am. Ar lig mé síos mo sheanathair? Is cinnte gur sheas seisean an fód ar son na cúise. Ach faic ní dhearna mise.
N’fheadar céard a déarfadh sé féin? Beatha teanga í a labhairt.
Sin é anois é. Chun ómós a thabhairt do na glúine a tháinig romhainn, agus go deimhin chun spreagadh a thabhairt do na glúine atá le teacht. Labhair í.
JP
Muna mbíonn Gaeilge ag duine i gcás mar sin scaoilfeá leis nó léi de ghnáth.
Ach ‘tuin an deargnaimhdis’, deir tú, bhuel scéal eile ar fad é sin
.i. tarcaisne, maistíneacht, úirísliú.
An chéad uair eile go mbeidh tú sna bólaí sin tapaidh an deis, beidh an bhean athúla sin fós ann, ní foláir liom. Bíodh d’aisfhreagra faoi réir agat an uair seo, do mhéar ar an truigear… ar aon dul le do sheanathair!
Neil
Bás teanga é na dea-bhéasa.
Kerry Blue
Thosnaigh Sasanach ag magadh fúm amuigh ar an gcoigrích uair amháin, ní mar gheall ar an nGaeilge ach mar gheall ar an tuin ‘aisteach’, dar leis, a bhí ar mo chuid Béarla.
“Ní béas liom, arsa mise leis, ná níor bhéas le héinne a bhain liom riamh ná choíche, glúin a fheacadh roimh shotal baoth nó impiriúlachas cultúir ód shórtsa.”
Chuir san corc ann.
JP
Daoine nach bhfuil acu ach Béarla bíonn tóirtéis na mórtheanga agus an mhórchultúir ag baint leo go minic.
‘Cuirfidh mé d’iachall ar an duine eile Béarla a labhairt liomsa’, a deir siad leo féin, ‘fiú más i dtír Spáinnise nó Fraincíse etc atáim’.
‘Ó tá Béarla ag gach duine anois.’
Tá an leithcheal teanga agus iompair seo feicthe sách minic agam féin.
Sasanach nach raibh focal Spáinnise ina phluic aige ag iarraidh plé le Spáinnéarach bocht nach raibh aon Bhéarla aici, mar shampla.
Bhí ag teip glan air é féin a chur in iúl i mBéarla agus frustráil dá réir ag teacht air.
Sé’n cleas a tharraing sé chuige féin ansin ná gach focal a bhéimniú go mall in ard a chinn is a ghutha d’fhonn
‘an chomhthuiscint a éascú.’
Chúb an Spáinnéarach chuici féin le teann náire is dócha nó gur tháinig siopadóir eile i gcabhair uirthi.
An lag is an láidir, an t-uasal is an t-íseal, bíodh gur sa Spáinn a bhíomair!
N’fheadar cad a bheadh le rá ag teangeolaithe mar gheall air seo?