‘Údar mór imní’ do lucht an Ghaeloideachais an fás atá tagtha ar líon na ndaltaí atá ag freastal ar aonaid Ghaeilge i scoileanna Béarla

De réir anailís atá déanta ag Tuairisc.ie ar fhigiúirí nua ón Roinn Oideachais, tá beagnach an méid céanna daltaí ag freastal ar aonaid Ghaeilge is atá ag freastal ar iarbhunscoileanna lán-Ghaeilge agus Gaeltachta

‘Údar mór imní’ do lucht an Ghaeloideachais an fás atá tagtha ar líon na ndaltaí atá ag freastal ar aonaid Ghaeilge i scoileanna Béarla

Deir an Foras Pátrúnachta gur “údar mór imní” is ea na figiúirí nua a léiríonn go bhfuil beagnach an oiread céanna daltaí ag freastal ar scoileanna lán-Ghaeilge is atá ar aonaid Ghaeilge i scoileanna Béarla.

De réir anailís atá déanta ag Tuairisc.ie ar fhigiúirí nua ón Roinn Oideachais, tá beagnach an méid céanna daltaí ag freastal ar aonaid Ghaeilge is atá ag freastal ar iarbhunscoileanna lán-Ghaeilge agus Gaeltachta.

13,871 dalta a d’fhreastail ar scoileanna lán-Ghaeilge agus scoileanna Gaeltachta sa stát i mbliana agus 13,597 dalta a chláraigh d’aonaid Ghaeilge i scoileanna Béarla.

Tháinig méadú beagnach 17% idir 2016-2020 ar líon na ndaltaí a bhí ag freastal ar aonaid Ghaeilge i scoileanna Béarla, idir dhaltaí atá ag déanamh gach ábhar trí Ghaeilge agus daltaí atá ag déanamh dhá ábhar nó níos mó trí Ghaeilge. 11,657 dalta a bhí in aonaid Ghaeilge in 2016 i gcomparáid le 13,597 dalta in 2020.

Deir Cormac McCashin, Bainisteoir Scoileanna Nua an Fhorais Pátrúnachta gur “údar mór imní” do lucht an ghaeloideachais é an bhéim atá á leagan ag an Roinn ar bhunú aonaid Ghaeilge i scoileanna Béarla.

“Is bac ollmhór é cur chuige na Roinne i leith na n-aonad. Fianaise is ea an fíorbheagán Gaelcholáistí atá á mbunú ag an Roinn le deich mbliana anuas. Níl aon Ghaelcholáiste bunaithe againn ó bhí 2014 ann,” a dúirt sé.

Dúirt McCashin nach bhféadfaí “aon chomparáid” a dhéanamh idir aonaid Ghaeilge agus scoileanna lán-Ghaeilge.

“Ní féidir tumoideachas iomlán a chinntiú in aonad toisc go mbíonn an mháthairscoil ag feidhmiú trí Bhéarla,” a dúirt sé.

Cháin McCashin an córas “thar a bheith lochtach” faoina mbunaítear aonaid Ghaeilge.

“D’fhéadfadh scoil ar bith aonad a bhunú, ach an toil a bheith ann. Níl aon struchtúr caighdeánach leagtha amach ag an Roinn maidir le bunú nó reáchtáil aonad Gaeilge.

“Ní bhíonn a mbord bainistíochta féin ag na haonaid, rud a fhágann go bhfuil sé deacair féiniúlacht Ghaelach an aonaid a chinntiú,” a dúirt Cormac McCashin.

Deir an Roinn Oideachais go bhfuil an t-aonad Gaeilge ar champas Béarla ina dhlúthchuid dá bpolasaí i leith an oideachais trí Ghaeilge ach deir go leor de lucht an ghaeloideachais gur sop in áit na scuaibe atá ann.

Tá lucht an ghaeloideachais ag maíomh le fada nach bhfuiltear ag freastal ar an éileamh atá ag tuismitheoirí ar oideachas lán-Ghaeilge lasmuigh den Ghaeltacht agus nach bhfuil dóthain scoileanna lán-Ghaeilge nua á dtógáil.

Fág freagra ar '‘Údar mór imní’ do lucht an Ghaeloideachais an fás atá tagtha ar líon na ndaltaí atá ag freastal ar aonaid Ghaeilge i scoileanna Béarla'

  • Dónall

    Lèirìonn seo teip na nEagras Ghaeilge!