Fás an oideachais lán-Ghaeilge ina lánstad – figiúirí nua

6.3% de dhaltaí scoile an stáit a bhí ag freastal ar scoileanna lán-Ghaeilge in 2016 agus 6.3% a bhí i gceist in 2020

Fás an oideachais lán-Ghaeilge ina lánstad – figiúirí nua

Tugtar léargas i bhfigiúirí nua ar líon na ndaoine atá ag fáil oideachas lán-Ghaeilge sa Stát faoi láthair.

De réir anailís atá déanta ag Tuairisc.ie ar fhigiúirí nua ón Roinn Oideachais is ar éigean go bhfuil aon ardú ag teacht ar chéatadán na ndaltaí atá ag fáil oideachas lán-Ghaeilge le tamall de bhlianta anuas.

58,717 dalta scoile atá cláraithe le scoileanna ina bhfuil oideachas lán-Ghaeilge á chur orthu.

Fágann sin gur 6% de dhaltaí an Stáit, idir dhaltaí bunscoile agus dhaltaí iarbhunscoile, atá ag fáil oideachas lán-Ghaeilge faoi láthair. 8% de dhaltaí bunscoile atá ag fáil oideachas lán-Ghaeilge ach níl oideachas lán-Ghaeilge á chur ach ar 3.6% de dhaltaí iarbhunscoile an Stáit.

Na céatadáin chéanna daltaí a bhí ag fáil oideachas lán-Ghaeilge i scoileanna lán-Ghaeilge in 2016 agus 2020, rud a fhágann go bhfuil pé fás a mbítí ag trácht air sna blianta atá caite in earnáil an ghaeloideachais ina lánstad le tamall.

6.3% de dhaltaí scoile an stáit a bhí ag freastal ar scoileanna lán-Ghaeilge, idir bhunscoileanna agus iar-bhunscoileanna, in 2016. 6.3% a bhí i gceist chomh maith in 2020.

Tá níos lú ná 14,000 dalta iarbhunscoile ag fáil oideachas lán-Ghaeilge, idir scoileanna lán-Ghaeltachta agus scoileanna Gaeilge in áiteanna eile sa tír.

45,278 as an mbeagnach 553,003 dalta bunscoile sa Stát atá ag fáil oideachas lán-Ghaeilge faoi láthair agus 13,871 as an 379,184 dalta iarbhunscoile atá ag déanamh amhlaidh.

De réir na bhfigiúirí nua níor tháinig ach ardú 1.6%  ar líon na ndaltaí bunscoile atá ag fáil oideachas lán-Ghaeilge idir 2016-2020. Ardú 11% a bhí i gceist ag leibhéal na hiarbhunscoile sa tréimhse chéanna.

Bunscoileanna

2016 2017 2018 2019 2020
Líon daltaí ag fáil oideachas lán-Ghaeilge 44,125 44,623 45,278 45,432 44,846
Líon iomlán na ndaltaí bunscoile 550,200 555,251 559,548 559,365 553,003

Iarbhunscoileanna

2016 2017 2018 2019 2020
Líon daltaí ar iarbhunscoil lán-Ghaeilge 12,459 12,781 13,051 13,509 13,871
*Líon daltaí ar aonad (gach ábhar trí Ghaeilge) 6,413 6,687 7,100 7,507 7,785
*Líon daltaí ar aonad (dhá ábhar nó níos mó i nGaeilge) 5,244 5,266 5,793 5,607 5,812
Líon iomlán na ndaltaí iarbhunscoile 352,257 357,408 362,899 371,450 379,184

Tháinig ardú 0.5% ar líon iomlán na ndaltaí bunscoile sa stát idir 2016-2020 agus ardú 7.6% a bhí i gceist sna hiar-bhunscoileanna.

Tháinig méadú beagnach 17%  sa tréimhse chéanna ar líon na ndaltaí a bhí ag freastal ar aonaid Ghaeilge i scoileanna Béarla, idir dhaltaí atá ag déanamh gach ábhar trí Ghaeilge agus daltaí atá ag déanamh dhá ábhar nó níos mó trí Ghaeilge. 11,657 dalta a bhí in aonaid Ghaeilge in 2016 i gcomparáid le 13,597 dalta in 2020.

Deir an Roinn Oideachais go bhfuil an t-aonad Gaeilge ar champas Béarla ina dhlúthchuid dá bpolasaí i leith an oideachais trí Ghaeilge ach deir go leor de lucht an ghaeloideachais gur sop in áit na scuaibe atá ann.

Léiriú ar bhéim na Roinne ar an aonad Gaeilge go bhfuil beagnach an méid céanna daltaí ag freastal ar aonaid Ghaeilge is atá ag freastal ar iarbhunscoil lán-Ghaeilge.

Tá lucht an ghaeloideachais ag maíomh le fada nach bhfuiltear ag freastal ar an éileamh atá ag tuismitheoirí ar oideachas lán-Ghaeilge lasmuigh de Ghaeltacht agus nach bhfuil dóthain scoileanna lán-Ghaeilge nua á dtógáil.

Déanfar anailís ar fhigiúirí faoin oideachas Gaeilge ó thuaidh den teorainn ar an suíomh seo amárach.

Fág freagra ar 'Fás an oideachais lán-Ghaeilge ina lánstad – figiúirí nua'

  • Sinéad

    Léiriú eile ar theip an Pholasaí don Oideachas Gaeltachta!

  • Gerry Sóna

    Cuid mhaith de iar-bhunscoileanna sa Ghaeltacht ag feidhmiú i mBéarla amháin, i dTír Chonaill, Muigh Eo agus b’fheidir in aiteanna eile chomh maith.

  • Brendan Keane

    Tá de dhíth an áireamh orainn ar na uimhreacha daltaí ar diúltaíodh dá n-iarratais a bheith i bhfreastal na Gaelscoileanna. Dá mbeadh muid a chur amach na bhfigiúirí ansin, d’fheicfeadh muid go mbíonn 300,000 daltaí deonacha ag iarraidh a bheith ag freastal ar scoileanna lán-Ghaeilge. Ina ionad, tá siad fillte (gan fáilte) thar a mbráid.

  • Dáithí Mac Cárthaigh

    Tá éileamh seasta 20-23% i measc tuismitheoirí ar ghaelscolaíocht.
    Teastaíonn plean cuimsitheach idir-rannach chun riar don éileamh sin thar 15-20 bliain idir oiliúint múinteoirí (campais Ghaeltachta san áireamh), áiseanna teagaisc, foirgnimh a chur ar fáil, talamh a cheannach, scoileanna a bhunú, scoileanna a iompú ar an teagasc trí Ghaeilge, agus príomhoidí agus bainisteoirí a oiliúint.