Údar misnigh ag Cúige Laighean uaillmhianach

Tá Babhta 2 á imirt an deireadh seachtaine seo i gCorn na gCuradh

Údar misnigh ag Cúige Laighean uaillmhianach

B’éigean brath ar Chúige Laighean chun a chinntiú nár theip go hiomlán ar na cúigí i mBabhta 1 de Chorn na gCuradh an deireadh seachtaine seo caite. Chuir fíorlag-iarracht na gConnachtach agus iad sa mbaile tús le ruathar chlubanna na hÉireann ar chomórtas na bliana seo.

B’in sular chuir Cúige Uladh lenár gcuid deacrachtaí agus theip orthu sin freisin aon phointí a shlánú agus iad in Bath.  Níorbh leor buntáiste an bhaile do na Muimhnigh, foireann a chríochnaigh ar comhscór i gcluiche a bhí go hiomlán faoina smacht féin acu go dtí na nóiméid dheireanacha. Mar sin féin, chinntigh Cúige Laighean agus iad ag imirt i La Rochelle i gcoinne churaidh an chomórtais le dhá shéasúr anuas nár náiríodh ar fad muid.

Bhí cluiche crua fisiciúil á thuar i La Rochelle ach níor cheap aon duine go mbeadh an cluiche chomh crua ná an toradh chomh gar agus a bhí. Is cinnte go raibh tionchar mór ag an droch-aimsir ar chaighdeán na himeartha ach léirigh Cúige Laighean uaillmhian, misneach agus ráta oibre an-ard ón gcéad nóiméad agus níor ghéill siad orlach go dtí a dheireadh.  Den chéad uair i gceithre iarracht thug foireann Leo Cullen an lá leo i gcoinne na gcuradh.  Éacht go cinnte.

Tá Babhta 2 á imirt an deireadh seachtaine seo agus tá na Connachtaigh as baile inniu le tabhairt faoi Saracens i Sasana.  Níor thug ceachtar den dá fhoireann seo oiread agus pointe amháin féin leo i mBabhta 1.  Is fiú a mheabhrú go raibh ar Saracens taisteal go dtí an Afraic Theas don chéad chluiche sin. Fágann sin gurb iad foireann an bhaile an rogha don choimhlint seo.

Tráthnóna inniu cuirfidh Cúige Laighean fáilte roimh na Sale Sharks, foireann a fuair bua iontach baile (28-5) ar Stade Français an Domhnach seo caite.

Caithfidh Cúige Laighean a bheith an-chúramach ar fad ach ba cheart go mbeadh buntáiste an bhaile agus an slua glórach mar spreagadh acu chun bua eile a shlánú.

Sa mbaile freisin a bheas Cúige Uladh anocht agus iadsan i gcoinne foirne eile atá fós ar thóir a gcéad bhua sa gcomórtas, sin Racing 92. Is fiú a mheabhrú gur chaill Racing agus iad sa mbaile i mBabhta 1, toradh a fhágann gurb iad na hUltaigh an rogha don chluiche seo. Seans go mbeidh Cúige Uladh ag súil freisin go leanfaidh an droch-cháil atá ar fhoirne ón bhFrainc agus iad ag imirt thar sáile.

Níl aon dabht ann ach go mbeidh Cúige Mumhan ag iarraidh rudaí a cheartú ón gcéad chluiche a bhí acu.  Ba iad an fhoireann ab fhearr sa gcluiche baile úd i gcoinne Bayonne.  Sin nó gur thit siad ina gcodladh agus gan ach ceithre nóiméad fágtha san imirt. Bhuel ní bheidh tada éasca maidir lena gcuairt ar dheisceart Shasana amárach le tabhairt faoi na Exeter Chiefs, foireann a bhuaigh agus iad as baile i gcoinne Toulon an Satharn seo caite. Níl mé ag rá go bhfuil Cúige Mumhan gan seans ach caithfidh siad feabhas a chur ar chúpla gné dá gcuid imeartha.  Tá géarghá le feabhas sa gclibirt agus sa síneadh amach go háirithe. Gan liathróid ghlan ón dá áit seo is deacair aon ionsaí ceart a eagrú. Tá lá agus cath eile roimh na Muimhnigh ach thabharfainnse seans dóibh.

Fág freagra ar 'Údar misnigh ag Cúige Laighean uaillmhianach'